English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Ryan roimh fhoilsiú na bpleananna fadtéarmacha do cheantanna le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn agus sna Mara Thuaidh

  • Foilsíonn Rialtas na hÉireann ‘treochláir tháscacha’ freisin don chéad cheant eile de chuid an Stáit le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh an bhfoilsiú atá déanta ag Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar phleananna fadtéarmacha óna chuid ball, lena n-áirítear Éire, ar mhaithe le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt suas go dtí an bhliain 2040.

San fhoilseachán, a fógraíodh inniu (an 20 Samhain) ag Cruinniú Aireachta Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh 2023 sa Háig, an Ísiltír, cuirtear “amlínte táscacha ceantanna” ar aghaidh le haghaidh ceantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar fud na naoi mballstát uile den Chomhar Fuinnimh suas go dtí an bhliain 2030. Áirítear leo sin a bhfuinneog fhéideartha tógála suas go dtí an bhliain 2040. Áirítear leis an mbunachar sonraí foilsithe freisin na pleananna táscacha ó Éirinn chun go mbainfeadh sí amach an sprioc atá aici don bhliain 2040 go soláthrófaí 20 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta trí phróisis iomaíocha sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, agus an tógáil ghaolmhar ag tarlú suas go dtí an bhliain 2040.

Ag Cruinniú Aireachta Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh a óstáladh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2022, chomhaontaigh naoi dtír den Chomhar Fuinnimh 260 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2050. Léiríodh sa sprioc sin go bhfuil méadú suntasach tagtha ar uaillmhian chomhchoiteann na mball den Chomhar Fuinnimh. Bhí sé sin cothrom le níos mó ná 85% d’uaillmhian an Aontais Eorpaigh ar fad atá leagtha amach sa straitéis ón Aontas Eorpach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, is é sin: 300 GW a bhaint amach faoin mbliain 2050. Maidir le huaillmhianta an Chomhair Fuinnimh don bhliain 2050, comhlánaítear iad le spriocanna idirmheánacha atá cothrom le 76 GW ar a laghad faoin mbliain 2030 agus atá cothrom le 193 GW faoin mbliain 2040, a rannchuideoidh Éire 5 GW agus 20 GW faoi seach leo.

  • Foilsíonn Rialtas na hÉireann treochlár táscach don chéad cheant eile de chuid an Stáit le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

I gcomhthráth le foilsiú amchlár ceantanna an Chomhair Fuinnimh, d’fhoilsigh an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, rud a gcomhordaíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide é, ‘treochlár táscach’ ina dtugtar breac-chuntas ar amchlár i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, eadhon ORESS 2.1. Cuirfear ORESS 2.1 ar siúl amach ó chósta theas na hÉireann chun go mbeidh sé ag teacht leis an toilleadh eangaí atá ar fáil ar talamh agus soláthrófar leis suas go dtí 900 MW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Sa treochlár sin, leagtar amach roinnt céimeanna i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Tá na céimeanna sin bunaithe ar roinnt cásanna difriúla. Áirítear leis na céimeanna sin dréachtleagan de ‘Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe’ a fhoilsiú. Beidh an limistéar sin lonnaithe laistigh de na huiscí muirí amach ón gcósta theas. Gníomhóidh an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe mar phlean bainistíochta agus cinnfear leis an láthair chuí le haghaidh an láithreáin ceant amach ón gcósta theas. Déanfar an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe a fhoilsiú tar éis tréimhse fhairsing comhairliúcháin phoiblí, rud a n-áireofar leis aiseolas ó phobail agus príomh-gheallsealbhóirí ón réigiún.

Is féidir amharc ar thuilleadh faisnéise faoi threochláir ORESS 2.1 ag gov.ie/OffshoreEnergyORESS.

Ag labhairt dó ag Cruinniú Aireachta Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh sa Háig an 20 Samhain, dúirt an tAire Ryan:

"Anuraidh i mBaile Átha Cliath faoi Chomh-Uachtaránacht na hÉireann, chomhaontaigh na hAirí Fuinnimh ó Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus an Coimisiún Eorpach méadú suntasach ar an uaillmhian chomhchoiteann atá againn fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a imscaradh. Inniu, táimid ag foilsiú na bpleananna uainn chun na huaillmhianta sin a chur chun feidhme. Anois, tá plean soiléir againn le haghaidh ceantanna chun na spriocanna sin a chomhlíonadh.

"Tuigeann Éire agus an Comhar Fuinnimh an méid ollmhór infheistíochta caipitil a theastaíonn chun fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar. Tuigeann siad freisin an gá le hinfheictheacht shoiléir na píblíne chun go mbeifear in ann an infheistíocht sin a dhéanamh i dtionscadail iad féin agus na calafoirt agus na slabhraí soláthair a mbraitheann siad orthu a imscaradh. D’ainneoin na ndúshlán a bhfuil an earnáil ag déileáil leo le tamaillín anuas ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá fuinneamh amach ón gcósta fónta fós ón taobh eacnamaíoch de, ón taobh straitéiseach de agus ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, agus is é atá i bhfoilsiú na bpleananna comhchoiteanna uainn inniu ná léiriú soiléire muiníne go mbeidh Éire agus an Eoraip fíorthiomanta don earnáil san fhadtéarma.”

Ar fhoilsiú an 'treochláir tháscaigh' don chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, dúirt an tAire Ryan:

"Léiríodh i rath an chéad cheant de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, rud a seoladh ní ba luaithe i mbliana, acmhainneacht ollmhór na hÉireann maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Beidh ORESS 2.1 ina gharsprioc thábhachtach eile i dtreo bhaint amach ár n-uaillmhianta le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus chun ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh. Maidir lenár n-uaillmhianta sa réimse, tabharfar tuilleadh tacaíochta dóibh an bhliain seo chugainn nuair a fhoilseoidh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann le haghaidh Fuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta agus nuair a fhoilseoidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Creat Todhchaíoch um Ghaoth Amach ón gCósta tar éis 2030."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Na hUaillmhianta Gaoithe Amach ón gCósta de chuid na hÉireann:

Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. An chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, cuireadh ar siúl é ní ba luaithe i mbliana. Leagadh béim sna torthaí ar uaillmhianta an Stáit san earnáil fuinnimh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.

Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh:

Is é atá i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ná creat réigiúnach um chomhar neamhcheangailteach deonach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é an aidhm atá leis forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur ar aghaidh i limistéar geografach na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach. Tá Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh bunaithe ar dhearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016. Is iad na baill den Chomhar Fuinnimh ná Éire, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an tSualainn agus an Coimisiún Eorpach.

Sa dearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016 agus lenar bunaíodh Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, leagadh béim ar a thábhachtaí atá comhar deonach maidir le soláthar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú do thíortha na Mara Thuaidh. Síníodh dearbhú polaitiúil nuashonraithe i mí na Nollag 2021 chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a léiriú. D’athdhearbhaigh na hAirí agus an Coimisiún an gealltanas uathu gur trí chomhar laistigh de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh a bhainfí amach na huaillmhianta méadaithe atá acu ó thaobh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta de. Mar chuid dá bhfeidhmeanna comhair agus comhordaithe, coinníonn na baill den Chomhar Fuinnimh Amchlár do Thairiscintí agus Réadú Tionscadal le haghaidh Fuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta. Is é atá ansin ná bunachar sonraí de cheantanna beartaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta i réigiún na Mara Thuaidh.

Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh sa bhliain 2022

Sealbhaíonn an Coimisiún Eorpach Comh-Uachtaránacht ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar bhonn buan. Comhroinneann sé an ról le ballstát amháin den Chomhar Fuinnimh ar feadh tréimhse 12 mhí ar bhonn uainíochta. Bhí an ról Comh-Uachtaránachta sin ag Éirinn sa bhliain 2022.

Ag gníomhú di sa ról sin sa bhliain 2022, d’fhéach Éire leis na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

  • spriocanna uaillmhianacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don bhliain 2050 a bhunú do Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar fad
  • comhar a fheabhsú idir na tíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, lena n-áirítear comhar i ndáil le heangacha amach ón gcósta a fhorbairt agus i ndáil le Pleanáil Spásúil Mhuirí
  • socruithe margaidh a bhunú chun forbairt tionscadal hibrideach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a spreagadh, ar tionscadail iad a chuimsíonn meascán de ghiniúint amach ón gcósta agus d’idirnasc
  • caidreamh dearfach amach anseo idir Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus an Ríocht Aontaithe a chur ar bhonn foirmiúil
  • is ionann tionscadail hibrideacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, nó idirnascairí hibrideacha, agus tionscadail ina gcomhcheanglaítear giniúint leictreachais agus an cumas chun leictreachas a sholáthar do dhá mhargadh dhifriúla nó níos mó – mar shampla, feirm ghaoithe amach ón gcósta a bhfuil naisc aici leis an mBeilg agus leis an Danmhairg

An Creat Todhchaíoch um Ghaoth Amach ón gCósta

Tugtar an Creat Todhchaíoch ar an tsamhail agus ar an bhfís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Foilseofar an beartas sin sna míonna tosaigh den bhliain 2024 agus leagfar amach ann creat le haghaidh 30 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Tá an fhís sin le haghaidh ár spriocanna fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach i réim ar fud an rialtais, agus cinnteofar leis an gcreat rialála a chuirfear i bhfeidhm go réadófar na tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha le haghaidh gach duine dár saoránaigh agus dár ngeallsealbhóirí san am i láthair agus as seo amach.

An Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Ghaoth Amach ón gCósta

Ceadaíodh forbairt a dhéanamh ar Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Ghaoth Amach ón gCósta le cinneadh ón rialtas i mí na Bealtaine 2023. Is é a bheidh i gcuspóir uileghabhálach na straitéise ná a chinntiú go n-uasmhéadóidh Éire na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le spriocanna an rialtais chun 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Foilseofar Treochlár Straitéiseach i gcéad leath na bliana 2024, i gcomhthráth le foilsiú an Chreata Thodhchaíoch. Díreofar ar na nithe seo a leanas sa chéad treochlár straitéiseach:

  • Slabhraí Soláthair – Bearta a shainaithint chun rannpháirtíocht na hÉireann sa slabhra soláthair intíre agus idirnáisiúnta um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dheiseanna
  • Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht – Na príomhdheiseanna d’Éirinn a leagan amach maidir le leas a bhaint as a hacmhainneacht shainiúil nuálaíochta mar gheilleagar oscailte beag a bhfuil traidisiún an-láidir taighde, forbartha agus nuálaíochta aige. Is í an uaillmhian ná éiceachóras um thaighde, forbairt agus nuálaíocht i réimse an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn a fhorbairt chun an comhoibriú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuideachtaí ilnáisiúnta agus institiúidí breisoideachais agus ardoideachais a chur chun cinn.