Fáiltíonn an tAire Ryan roimh fhoilsiú na Straitéise Náisiúnta Hidrigine
- Foilsithe: 12 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Is féidir le hÉirinn leas a bhaint as a hacmhainneacht hidrigine glaise ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite chun teacht chun bheith ina himreoir ollmhór fuinnimh
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh fhoilsiú na Straitéise Náisiúnta Hidrigine. Is é atá sa straitéis ná cor cinniúnach in earnáil hidrigine inathnuaite a fhorbairt in Éirinn.
Tá ag Éirinn na hacmhainní nádúrtha chun bheith chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le fuinneamh glas a tháirgeadh. Tá ár n-acmhainní fuinnimh i measc na n-acmhainní is fearr ar domhan. Tá hidrigin ar cheann de na bealaí is fearr ar féidir na hacmhainní sin a ghabháil. Más féidir le hÉirinn leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann le hidrigin inathnuaite, beimid in ann neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach agus córas slán fuinnimh a bheith againn agus d’fhéadfadh go dtiocfaimis chun bheith inár n-onnmhaireoir chuig na margaí hidrigine atá ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa. Shínigh Éire comhaontú leis an nGearmáin le déanaí chun “hidrigin ghlas” a sholáthar ónár n-acmhainneacht fuinnimh inathnuaite, a mheastar ar fud an domhain a bheith suntasach.
Is é is hidrigin inathnuaite ann ná breosla atá saor ó charbón agus ar féidir leis ról ríthábhachtach a imirt in earnálacha dár ngeilleagar atá doiligh le dícharbónú, áit nach bhfuil réitigh eile amhail leictriú díreach ina réitigh indéanta nó chost-éifeachtúla. Samhlaítear go n-imreoidh hidrigin inathnuaite ról tábhachtach sna blianta atá le teacht mar fhoinse astaíochtaí nialasacha leictreachais sholúbtha inseolta, i stóráil fhadtréimhseach fuinnimh inathnuaite, i bpróisis thionsclaíocha a dhícharbónú, agus mar bhreosla iompair in earnálacha amhail an earnáil iompair earraí troma, an earnáil mhuirí agus an earnáil eitlíochta.
Sainaithníodh 21 ghníomh ghearrthéarmacha sa straitéis chun forbairt na hearnála hidrigine in Éirinn a chumasú. Aidhm atá leis na gníomhartha sin is ea deireadh a chur le haon bhacainní a d’fhéadfadh cosc a chur a luath-thionscadail hidrigine dul chun cinn a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Aidhm eile atá leo is ea ár n-eolas a mhéadú trí thaighde agus nuálaíocht spriocdhírithe ar fud an tslabhra luacha hidrigine, agus an t-ullmhúchán á dhéanamh chun ár bhfís straitéiseach fhadtéarmach le haghaidh hidrigin in Éirinn a chomhlíonadh.
Díreoidh Éire ar mhéadú agus táirgeadh na hidrigine “glaise” inathnuaite toisc go dtacaíonn sí lenár riachtanais dícharbónaithe agus lenár riachtanais slándála fuinnimh araon. Roimh an mbliain 2030, spriocdhíreofar i dtáirgeadh hidrigine ar leictrealú atá nasctha leis an eangach ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh barrachais
Maidir leis an sprioc go soláthrófaí 2 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta le haghaidh hidrigin inathnuaite a tháirgeadh, tá sí le bheith i mbun forbartha faoin mbliain 2030, rud a chabhróidh le tuilleadh cinnteachta a thabhairt d’infheisteoirí agus leis na scálaí a theastaíonn chun tuilleadh imscartha bonneagair a chumasú a chruthú.
Ag labhairt dó faoin straitéis, dúirt an tAire Ryan:
“Is é atá sa Straitéis Náisiúnta Hidrigine ná an chéad mhór-ráiteas beartais uainn riamh maidir le hidrigin inathnuaite in Éirinn agus is céim thosaigh thábhachtach í in earnáil dhúchasach hidrigine a fhorbairt in Éirinn.
“Tá ár n-acmhainní fuinnimh i measc na n-acmhainní is fearr ar domhan. Is é a bheidh sna hacmhainní sin a úsáid chun hidrigin a chruthú agus sa hidrigin sin a spriocdhíriú ar na hearnálacha sin a mheastar a bheidh doiligh le dícharbónú ná cuid dhílis de dhícharbónú agus slándáil ár gcórais fuinnimh a chinntiú sa todhchaí. Is féidir le hÉirinn leas a bhaint as ár n-acmhainneacht fuinnimh inathnuaite chun teacht chun bheith inár n-imreoir ollmhór hidrigine glaise.”
Leagtar amach sa straitéis ár bhfís straitéiseach le haghaidh an róil a imreoidh hidrigin i gcóras fuinnimh na hÉireann agus mar chomhpháirt thábhachtach dár ngeilleagar a bheidh saor ó charbón.
Breithnítear sa Straitéis Náisiúnta Hidrigine riachtanais an tslabhra luacha hidrigine ar fad, lena n-áirítear táirgeadh, úsáidí deiridh, iompar agus stóráil, sábháilteacht, rialáil, margaí, nuálaíocht, agus scileanna.
Chun amharc ar an Straitéis Náisiúnta Hidrigine agus í a íoslódáil, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is í hidrigin an dúil is flúirsí sa chruinne. Mar gheall ar a méid mhóilíneach bheag, is gnách go n-aimsítear í agus í nasctha go ceimiceach le dúile eile, eadhon uisce (H2O) agus hidreacarbóin (CxHx) go príomha. Chun hidrigin a tháirgeadh, is gá na naisc cheimiceacha sin a bhriseadh síos agus an hidrigin a dheighilt agus a stóráil. Teastaíonn ionchur fuinnimh, a bhíonn i riocht leictreachais nó teasa go hiondúil, chun déanamh amhlaidh. Maidir leis an bhfoinse taobh thiar den ionchur fuinnimh sin agus leis na seachtháirgí iarmhartacha ón bpróiseas, déanann siad difear do cé chomh dian ar charbón is atá an próiseas táirgthe hidrigine.
Is hidrigin “liath” atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise í an chuid is mó den hidrigin a tháirgtear ar domhan sa lá atá inniu ann. Ciallaíonn sé sin gur táirgeadh í ó hidreacarbóin gan na hastaíochtaí ón seachtháirge carbóin a laghdú ar chor ar bith. Is cineál táirgthe é sin atá dian ar charbón agus neamh-inbhuanaithe. Ós rud é gurb é atá i gceist go príomha leis an ról straitéiseach atá beartaithe le haghaidh hidrigine in Éirinn ná tacú le córas comhtháite aeráidneodrach fuinnimh a sholáthar, is gá go dtacaíonn an táirgeadh hidrigine leis an sprioc fhadtéarmach sin. Pléitear ar bhealach níos mine sa Straitéis Náisiúnta Hidrigine na conairí táirgthe inbhuanaithe ábhartha d’Éirinn.