English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Smyth roimh bhunú tionscadal nua NCC-IE is fiú €4.2 milliún

D’fháiltigh Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid, roimh bhunú tionscadal nua Lárionaid Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil (NCC-IE) d’Éirinn.

Is mar a leanas atá ról thionscadal NCC-IE, atá lonnaithe laistigh den Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála:

  • comhordú leis an lucht tionscail, leis an lucht léinn, leis an lucht taighde agus le geallsealbhóirí eile chun feasacht ar thacaíochtaí cistiúcháin agus deiseanna gaolmhara líonrúcháin a fhorbairt agus chun na tacaíochtaí agus deiseanna sin a chur chun cinn
  • cistí Aontais Eorpaigh agus cistí náisiúnta a dháileadh ar gheallsealbhóirí tionscail agus sochaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun cur leis an nglacadh le réitigh úrscothacha chibearshlándála
  • rannchuidiú le beartais agus straitéisí a cheapadh maidir le cistiú cibearshlándála

Beidh tionscadal NCC-IE ar siúl ar feadh dhá bhliain agus tá sé á chomhchistiú ag ranníocaíocht €2 mhilliún ón Aontas Eorpach agus ag ranníocaíocht €2.2 milliún ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Leis an gcistiú sin, atá ar aon dul le hinfheistíochtaí den chineál céanna i mBallstáit eile den Aontas, déanfar feidhm forbartha acmhainne an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála a acmhainniú agus maoineofar clár tacaíochta do gheallsealbhóirí tionscail agus sochaíocha chun nuálaíocht agus athléimneacht a éascú i réimse na cibearshlándála.

Leis an tionscadal, atá le tosú san fhómhar, cabhrófar leis na hoibleagáidí náisiúnta faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, agus díriú á leagan ar éiceachóras náisiúnta beoga cibearshlándála a chruthú atá gafa le pobail i mBallstáit eile den Aontas Eorpach.

Tríd an tionscadal seo, oibreoidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála i gcomhar le Cyber Ireland, arb é an bhraisle náisiúnta tionscail é, agus le gníomhaireachtaí ábhartha Stáit chun cur chuige níos Eoralárnaí a spreagadh ar mhaithe le comhtháthú Aontais Eorpaigh agus le rochtain leanúnach ar an Margadh Aonair a chothabháil. Mar chuid den obair sin, leagfar díriú ar thacú le fiontair Éireannacha dhúchasacha acmhainn thionsclaíoch a thógáil sa chibearshlándáil.

Ag fáiltiú dó roimh an bhforbairt inniu, dúirt an tAire Smyth:

"Is forbairt nua iontach í seo don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Tá sé tábhachtach go ndéanaimis ár gcion mar bhall den Aontas Eorpach sna deiseanna cibearshlándála a thapú maidir le taighde, le nuálaíocht, le forbairt teicneolaíochta agus le saothrú tráchtála mar chuid de chláir oibre an Chomhaontaithe Ghlais agus an Chlaochlaithe Dhigitigh."

Bhí an tionscadal seo ar cheann de roinnt de na hiarratais rathúla ó Éirinn a rinneadh ar ghairm tograí Chlár Oibre Cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach, a dúnadh i mí Feabhra. Tá cistiú is fiú thart ar €7.8 milliún ón Aontas Eorpach á chur ar fáil do pháirtithe éagsúla in Éirinn chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí cibearshlándála.

Maidir le forbairt agus cur chun feidhme an Lárionaid Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil d’Éirinn, ar a dtugtar NCC-IE, tagann sé faoi shainchúram forbartha acmhainne an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála agus tá sé ina phríomhthosaíocht a sainaithníodh mar chuid den athbhreithniú lár téarma ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024 ó Éirinn.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Cibearshlándáil Aontais Eorpaigh

Leis an Rialachán maidir le Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (Rialachán (AE) 2021/887), foráiltear go mbunódh Éire agus na Ballstáit eile Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin. Samhlaítear sa Rialachán sin go mbeadh Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin ar nós an Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil ar an bpríomh-chomhpháirtí cumasúcháin a thacódh le geallsealbhóirí tionscail, taighde agus sochaíocha aidhmeanna an Rialacháin a bhaint amach, eadhon ceannaireacht an Aontais Eorpaigh a neartú ó thaobh na cibearshlándála de, tacú le hacmhainneachtaí, cumais agus scileanna teicneolaíochta an Aontais Eorpaigh, agus iomaíochas domhanda a mhéadú.

Clár an Aontais Eorpaigh don Eoraip Dhigiteach

Is é is an Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) ann ná clár cistiúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’fhorais riaracháin phoiblí. Sa Rialachán sin, sainaithníodh ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ a bheith ina chuspóir sonrach.

Tá sé mar aidhm le Clár Oibre Cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2021-2022 tacú le himscaradh bonneagair cibearshlándála, an glacadh le cibearshlándáil a neartú, feasacht a mhéadú, scileanna agus oiliúint i réimse na cibearshlándála a chothú agus tacú le reachtaíocht a chur chun feidhme.

Cabhróidh an tionscadal seo leis an Ionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbairt um Chibearshlándáil, NCC-IE, maidir lena dhá phríomhról a réadú, eadhon:

  • na leasanna éagsúla atá bunaithe in Éirinn a chibearshlándáil a chomhordú agus a n-idirghníomhaíocht le Pobal Acmhainneachtaí Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a éascú
  • na leasanna éagsúla atá bunaithe in Éirinn, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a fhorbairt maidir le nuálaíocht cibearshlándála a éascú agus le hathléimneacht cibearshlándála a bhreisiú