Fáiltíonn an tAire Stáit Naughton roimh an gcéad chruinniú den Ghrúpa Idir-rannach um Sholáthar Seirbhísí As Líne
- Foilsithe: 20 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit, Hildegarde Naughton TD, fáilte inniu roimh an chéad chruinniú den ghrúpa idir-rannach atá le himscrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí i dtaca le cur chuige lárnaithe ilfhreastail ón Rialtas i leith sholáthar na seirbhísí as líne, trí bhealaí ‘cúnta digiteacha’ nó ‘as líne’. D’aontaigh an Rialtas go mbunófaí an grúpa ardleibhéil idir-rannach tar éis moladh ón Aire Naughton, atá freagrach as An Post laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Chuir an phaindéim dlús leis an méid a úsáideann an pobal seirbhísí digiteacha an Rialtais. Ní mór dúinn a chinntiú, áfach, go mbíonn rochtain i gcónaí ann trí na bealaí traidisiúnta nuair is gá agus go leanann soláthar na seirbhíse de bheith ag freastal ar riachtanais an phobail. D’iarr an Rialtas ar an ngrúpa a fhiosrú cé na bealaí a bhféadfaí níos mó de ghnó an Rialtais a dhíriú chuig Gréasán na nOifigí Poist.
Arsa an tAire Naughton:
“Tá An Post tar éis, le blianta beaga anuas, a gcuid seirbhísí a éagsúlú agus an gréasán miondíola is mó sa tír a athrú ó bhonn. Tá an Rialtas tiomanta don chomhoibriú le An Post agus le máistrí poist lena chinntiú go mbíonn ról láidir i gcónaí ag an ngréasán ó thaobh sholáthar sheirbhísí an Stáit de. Déanfar gach uile iarracht chun éifeacht a thabhairt do ghealltanas an Rialtais i dtaca le gréasán inbhuanaithe inmharthana d’oifigí poist a chinntiú agus déanfar breithniú iomlán ar gach rogha atá ar fáil.
“Táthar tar éis a lán oibre a dhéanamh le blianta beaga anuas chun an gréasán a fhorbairt agus tháinig tionchar dearfach leis seo do Mháistrí Poist agus do chustaiméirí araon. Ní mór an móiminteam seo a chothú agus má bhíonn An Post, na Máistrí Poist agus an Rialtas ag oibriú as lámh a chéile, is féidir linn a chinntiú go ndéanfar mol lárnach den ghréasán le haghaidh éagsúlacht mhór de sheirbhísí luachmhara atá dírithe ar an bpobal.”
Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhchathaoirleacht ar an nGrúpa Idir-Rannach agus tuairisceoidh siad ar ais don Chomh-Aireacht tráth nach déanaí ná deireadh mhí Iúil.
CRÍOCH