Fógraíonn an Rialtas pacáiste beart chun soláthairtí leictreachais a chinntiú amach anseo agus chun cabhrú le maolú ar arduithe ar bhillí leictreachais tí
- Foilsithe: 14 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Laghdú breise ar an Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí chun coigilteas bliantúil 'táscach' de €75 a sheachadadh ar ghnáthbhille leictreachais tí ón ngeimhreadh seo chugainn
- Faomhann an Rialtas torthaí ceantála deiridh RESS 2 – chun níos mó de leictreachas in-athnuaite dúchasach a thabhairt isteach ar an Eangach Náisiúnta agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú
- Maoiniú faofa don dara tráinse den acmhainn shealadach giniúna cúltaca ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRF), chun ár soláthar leictreachais a dhaingniú sna geimhrí atá romhainn
- Teorainn iasachta méadaithe do EirGrid – chun ár nEangach Náisiúnta a neartú agus chun an tIdirnascaire Ceilteach (Éire-An Fhrainc) a sheachadadh
- Teorainn iasachta méadaithe do Bhord na Móna – chun imscaradh níos mó d’fhuinneamh in-athnuaite dúchasach a thiomáint mar chuid den aistriú 'Donn go Glas'
Cheadaigh an Chomh-Aireacht pacáiste beart inniu chun cabhrú le maolú a dhéanamh ar an gcostas méadaithe a bhaineann le billí leictreachais atá ag ardú agus chun soláthairtí slán leictreachais a dhaingniú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hÉireann sna blianta amach romhainn.
Áirítear leis an bpacáiste beart athruithe ar thobhach na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) (de bhreis ar na cinn a fógraíodh níos luaithe sa bhliain). Mar thoradh ar na hathruithe beidh lacáistí, agus mar sin coigilteas, ar bhillí leictreachais tí thar thréimhse na chéad bliana PSO eile ag tosú i mí Dheireadh Fómhair. Tarlaíonn an laghdú breise seo ar an tobhach PSO mar gheall ar thitim i gcostas coibhneasta an fhuinnimh in-athnuaite, i gcomparáid le giniúint breosla iontaise.
D’fhaomh an Rialtas freisin na torthaí deiridh ón dara ceant Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar talamh (RESS 2). Tabharfaidh sé seo i bhfad níos mó d’fhuinneamh dúchasach gaoithe, gréine agus hidrileictreach isteach ar an Eangach Náisiúnta. Laghdóidh sé seo, ar a sheal, ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe atá ag éirí níos costasaí.
Áirítear sa phacáiste freisin faomhadh an Rialtais chun maoiniú a sholáthar d’acmhainn giniúna cúltaca, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí do shlándáil an tsoláthair leictreachais sna geimhrí amach romhainn. Tá treoir tugtha ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), a bhfuil freagracht reachtúil air as cinnteacht an tsoláthair, do EirGrid acmhainn giniúna éigeandála shealadach bhreise a fháil (do gheimhrí 2023/2024 go 2025/2026) a fháil. Soláthróidh sé seo acmhainn chúltaca sholúbtha agus shealadach ar deireadh, chun soláthairtí slán leictreachais a chosaint do theaghlaigh agus do ghnóthaí agus acmhainn ghiniúna níos fadtéarmaí á cur ar fáil againn.
Le bearta an lae inniu freisin feictear teorainn iasachta mhéadaithe (€3 billiún) d’EirGrid – chun ár nEangach Náisiúnta a neartú mar chuid de 'Ár dTodhchaí Leictreachais a Mhúnlú' agus chun an tIdirnascaire Ceilteach (Éire-an Fhrainc) a sheachadadh. Le teorainn iasachta mhéadaithe (€650 milliún) do Bhord na Móna tiomáinfear úsáid níos mó d'fhuinneamh in-athnuaite dúchasach ar fud Lár na Tíre agus níos faide anonn – mar chuid dá straitéis 'Donn go Glas'.
Tá sonraí breise ar gach ceann de na bearta slándála fuinnimh agus coigilteas costais leagtha amach thíos.
Laghdú breise ar an Tobhach um Oibleagáid Seirbhíse Poiblí (PSO)
Gearrtar tobhach na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) ar gach custaiméir leictreachais in Éirinn agus tacaíonn sé le giniúint leictreachais ó fhoinsí inbhuanaithe, in-athnuaite agus dúchasacha.
Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) an tobhach a ríomh agus a dheimhniú go bliantúil de réir na reachtaíochta ábhartha. Ceanglaítear ar gach soláthraí fuinnimh an tobhach seo a bhailiú ó chustaiméirí trí bhillí. Ríomhtar íocaíochtaí tobhaigh ar bhonn giniúna measta agus praghsanna margaidh mórdhíola leictreachais don bhliain atá ag teacht. Ceartaítear na híocaíochtaí sin ansin, le haghaidh giniúna agus praghsanna iarbhír.
D’fhógair an Rialtas roimhe seo go rachadh an tobhach PSO go nialas ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo (2022), as a dtiocfaidh coigilteas bliantúil de €52 (gan CBL san áireamh) ar bhillí tí. I mbeart eile (agus i bhfógra nua), laghdófar an tobhach PSO atá beartaithe ó €263 milliún do 2021/2022 go figiúr measta de lúide €408 milliún don bhliain atá le teacht. Is é an toradh a bheidh air seo ná lacáiste ar bhillí tí – arb ionann é agus coigilteas bliantúil ‘táscach’ de €75 (gan CBL san áireamh) do líonta tí agus do thomhaltóirí. I dteannta an choigiltis €52, beidh coigilteas carnach 'táscach' de €127 (gan CBL san áireamh) - do 2022/2023 mar thoradh air seo. Ag deireadh mhí Iúil, eiseoidh an CRF cinneadh críochnaitheach maidir leis an tobhach PSO cruinn a bheidh i bhfeidhm don tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2022 go Meán Fómhair 2023.
Cheadaigh an Rialtas inniu na leasuithe reachtaíochta, chun go bhféadfaí íocaíochtaí tobhaigh PSO a chur chun sochair do chustaiméirí leictreachais. Rinneadh é seo mar aitheantas ar an ardú sa chostas maireachtála agus ar an tionchar ar theaghlaigh agus ar ghnóthaí ag arduithe ar bhillí fuinnimh.
Torthaí deiridh ar an dara Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite ar talamh (RESS 2)
Is é RESS 2 an dara ceann de chúig cheant ar a laghad a shamhlaítear, a tharlóidh idir 2020 agus 2025. Soláthraíonn na ceantanna seo bealaí d’fhorbróirí in-athnuaite, lena n-áirítear tionscadail gréine agus tionscadail gaoithe amach ón gcósta trí cheantanna tiomnaithe, chun a gcuid tionscadal a phleanáil agus a fhorbairt. Ligeann siad freisin d’Éirinn leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.
Léiríonn na tionscadail rathúla i RESS 2 méadú féideartha de bheagnach 20% ar acmhainn na hÉireann sa ghiniúint fuinnimh in-athnuaite reatha. Seachadfar iad idir 2023 agus 2025. D’éirigh le 2,748 GWh den 3,772 GWh de thairiscintí a cuireadh isteach sa cheant. Is ionann é sin agus thart ar 414MW de ghaoth ar talamh agus 1,534MW d’fhuinneamh gréine.
Leis na méideanna a soláthraíodh inniu cuirtear Éire ar an gconair cheart chun ár sprioc uaillmhianach 80% leictreachais in-athnuaite a bhaint amach faoi 2030, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021. Foilseoidh EirGrid na torthaí deiridh amárach (15 Meitheamh 2022) ar a suíomh gréasáin RESS , de réir amchlár ceant RESS 2.
Chun teaghlaigh a chosaint ar chostais iomarcacha, cuireann an tAire teorainn ar an méid ceantála agus é ag soláthar méadú beagnach 20% ar acmhainn giniúna fuinnimh in-athnuaite
I gcomhthéacs brúnna boilscithe agus praghsanna níos airde (in RESS 2 in aghaidh RESS 1), agus chun an t-ualach costais ar thomhaltóirí a laghdú agus a chinntiú go seachadann an RESS luach fadtéarmach, d’fheidhmigh an tAire a chearta forchoimeádta (faoi Théarmaí agus Coinníollacha RESS 2) agus níor ghlac sé ach leis an acmhainn is gá chun spriocmhéid an cheant a ghlanadh. Is é an toradh a bhí ar an gcinneadh seo ná go bhfuil méid níos ísle acmhainne ann (ná mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh), ach ar phraghas níos iomaíche. Agus é sin á dhéanamh aige, bhain an tAire leas as ceann amháin de roinnt meicníochtaí láidre ionsuite um chosaint tomhaltóirí, a dearadh isteach sa cheant. Is é an rún atá ag meicníochtaí den sórt sin ná an costas do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a íoslaghdú.
Maoiniú a sholáthar don dara tráinse d’acmhainn giniúna cúltaca shealadach an CRF, chun ár soláthar leictreachais a chinntiú sna geimhreadh atá le teacht.
Tá clár oibre ar bun ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) faoi láthair chun slándáil ár soláthair leictreachais a chinntiú sna geimhrí atá ag teacht. Mar chuid den chlár oibre seo, tá treoir tugtha ag an rialtóir do EirGrid – an tOibreoir Córais Tarchurtha – tuairim is 450MW d’acmhainn giniúna breise a aimsiú agus a sheachadadh do gheimhrí 2023/2024 go 2025/2026.
Beidh an acmhainn giniúna bhreise seo ar conradh ar feadh tréimhse teoranta. Beidh sé ar fáil nuair is gá agus beidh sé sa bhreis ar an acmhainn giniúna atá ann cheana féin sa mhargadh leictreachais. Mar chuid d’fhógra leathan an lae inniu, cheadaigh an Rialtas an maoiniú caipitil riachtanach – thart ar €350 milliún do EirGrid. Beidh sé seo ina thaca agus ina chuidiú chun an tionscnamh a chur chun feidhme do gheimhreadh na bliana seo chugainn (2023/2024).
Faoi mhaoirseacht an CRF, a bhfuil freagracht reachtúil air as slándáil an tsoláthair (leictreachas), rachaidh EirGrid i mbun comhaontuithe ina dhiaidh sin le húinéirí suímh oiriúnacha – chun na gléasraí giniúna a rolladh amach agus a chur in úsáid. Aisghabhfar an costas ó chustaiméirí leictreachais trí úsáid a bhaint as táillí córais scaipthe thar thréimhse trí bliana, agus beidh tionchar ainmniúil ar bhillí leictreachais dá bharr. Mar sin féin, táthar ag súil go ndéanfar aon tionchar dá bharr a fhritháireamh níos mó ag an gcoigilteas thuasluaite a fhabhraíonn ó athruithe ar an tobhach PSO.
Tá an tráinse méadaithe seo d’acmhainn ghiniúna cúltaca shealadach, do gheimhrí 2023/2024 go 2025/2026, á dhaingniú chun maolú a dhéanamh ar aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le heaspa sa soláthar leictreachais. D'eascair buarthaí faoi rioscaí den sórt sin go príomha mar gheall ar neamhsheachadadh toilleadh ar conradh roimhe seo, éileamh méadaithe ar leictreachas agus neamhiontaofacht mhéadaitheach roinnt gléasraí a bhí ann cheana féin.
Tá tuilleadh sonraí oibríochtúla faoin mbeart seo ar fáil ón CRF media@cru.ie
Teorainneacha iasachta méadaithe do EirGrid – chun ár nEangach Náisiúnta a neartú
Cheadaigh an Rialtas teorainn iasachta méadaithe (€3 billiún) inniu d’EirGrid, agus é ag iarraidh ár nEangach Náisiúnta a neartú mar chuid de 'Ár dTodhchaí Leictreachais a Mhúnlú' agus an tIdirnascaire Ceilteach (Éire-An Fhrainc) a sheachadadh.
Tá EirGrid ag réiteach na heangaí chun ár sprioc uaillmhianach 80% maidir le leictreachas in-athnuaite a bhaint amach faoi 2030. Faoi láthair, tagann thart ar 40% den leictreachas ó ghiniúint in-athnuaite. Soláthróidh 'Ár dTodhchaí Leictreachais a Mhúnlú' eangach níos láidre agus níos solúbtha – greille a iompróidh níos mó cumhachta ar deireadh thiar. Nuair is féidir, úsáidfidh EirGrid an eangach reatha chun an sprioc seo a bhaint amach. Mar sin féin, i bhfianaise scála an athraithe atá ag teastáil, tá pleananna ar bun le haghaidh bonneagar eangaí nua suntasach – amhail cáblaí agus fostáisiúin.
Ó 2011 i leith, tá EirGrid ag obair lena choibhéis Francach Réseau de Transport d’Electricité (RTE) – ar an Idirnascaire uaillmhianach Ceilteach (Éire-An Fhrainc). Tá an obair ag dul ar aghaidh ar luas; Thug an Bord Pleanála faomhadh don tionscadal an mhí seo caite, faoi réir roinnt coinníollacha. Nuair a bheidh sé críochnaithe, rachaidh an tionscadal seo chun tairbhe do chustaiméirí agus do mhargaí leictreachais in Éirinn, sa Fhrainc agus san AE.
Teorainneacha iasachta méadaithe do Bhord na Móna – chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite
Chomh maith leis sin inniu, d’fhaomh an Rialtas teorainn iasachta mhéadaithe (€650 milliún) do Bhord na Móna. Beidh sé seo mar bhonn le haistriú 'Donn go Glas' de chuid na cuideachta, agus í ag iarraidh dlús a chur le forbairt agus úsáid fuinnimh in-athnuaite. Tá sé beartaithe ag Bord na Móna suas le 2GW de chumas giniúna a chur in úsáid faoi 2030. Príomhchuid de mhisean Bhord na Móna is ea fuinneamh inbhuanaithe ó fhoinsí in-athnuaite a sholáthar d’Éirinn – ar scála.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Sonraí teagmhála don CRF
Tá freagracht reachtúil ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) as slándáil an tsoláthair (leictreachais). Ba cheart aon cheisteanna ó na meáin chumarsáide maidir leis an gclár oibre atá ar bun chun slándáil ár soláthar leictreachais a chinntiú sna geimhrí amach romhainn a chur chuig CRF ag: media@cru.ie
Creat Náisiúnta Slándála Fuinnimh
Le Creat Náisiúnta Slándála Fuinnimh an Rialtais tugtar freagairt uileghabhálach agus cuimsitheach ar riachtanais shlándála fuinnimh na hÉireann i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.
Leagtar amach sa Chreat conas is féidir leis an Rialtas tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí, le fócas ar leith ar chosaint na ndaoine is mó atá i mbaol tearcrochtana fuinnimh, mar atá slándáil fuinnimh na hÉireann á dhaingniú aige cheana féin, agus mar a chuirfidh sé luas le haistriú na tíre chuig éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus córais fuinnimh in-athnuaite dhúchasacha. Leagtar amach ann freisin conas is féidir tacú le tomhaltóirí agus gnólachtaí chun fuinneamh a shábháil agus airgead a shábháil.
Tá Grúpa Éigeandála Slándála Fuinnimh nua bunaithe chun freagairt na hÉireann ar na dúshláin reatha a chomhordú agus a mhaoirsiú. Tá an grúpa seo, a bhfuil an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ina cathaoirleach air, tar éis an fhorbairt ar Chreat Náisiúnta nua um Shlándáil Fuinnimh a mhaoirsiú.
Leis an gCreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh déantar comhordú ar obair ar shlándáil fuinnimh ar fud na n-earnálacha ola, gáis agus leictreachais agus leagtar amach freagairt 'uile-Rialtais' ar shlándáil fuinnimh lena n-áirítear príomhfhócas ar inacmhainneacht fuinnimh.
Leagtar amach sa Chreat gníomh an Rialtais mar fhreagra ar na saincheisteanna seo trasna na bpríomhthéamaí:
- An tionchar ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí a bhainistiú
- Slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú go gearrthéarmach
- Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú
Leagtar amach sa Chreat freisin conas a thacófar le teaghlaigh agus le gnólachtaí fuinneamh agus airgead a choigilt le clár cumarsáide a chuirfidh in iúl cad iad na gníomhartha is féidir leo a dhéanamh chun a n-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, conas a d’fhéadfaidís billí fuinnimh a ísliú agus cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Le feachtas náisiúnta faisnéise poiblí an Rialtais – Úsáid Níos Lú spreagtar agus cuirtear éifeachtúlacht chun cinn agus leagtar béim ar an raon tacaíochtaí atá ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.