Fógraíonn an tAire Ryan bearta suntasacha chun dlús a chur le cur i bhfeidhm fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta
- Foilsithe: 7 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 10 Márta 2023
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, roimh an gceadú a thug an Chomh-aireacht do phleananna chun dlús a chur le soláthar 5 GW de ghaoth amach ón gcósta faoin mbliain 2030. Is é an toradh a bheidh air sin ná go soláthrófar soláthar fuinnimh dhúchasaigh a bheidh slán, inbhuanaithe agus cost-éifeachtúil do na glúnta atá le teacht, agus leas á bhaint as deiseanna le fuinneamh glas a onnmhairiú.
Foilseofar níos déanaí sa tseachtain an Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat le haghaidh Gaoth Amach ón gCósta de Chéim a Dó. Tugtar breac-chuntas ann ar conas a sheolfar an chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (ORESS 2) faoi dheireadh na bliana 2023, ag teacht sna sála ar chomhairliúchán poiblí ar dhréacht-téarmaí agus coinníollacha ceant i lár na bliana 2023.
Baineann an chéad cheant le toilleadh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar ar chósta theas na hÉireann, agus é ailínithe go geografach leis an acmhainn eangaí ar talamh atá ar fáil. Is é an toradh a bheidh ar an gceant sin, agus ar na ceantanna uile ina dhiaidh sin de Chéim a Dó, ná go bhforbrófar toilleadh gaoithe amach ón gcósta laistigh de 'Limistéir Ainmnithe le haghaidh Fuinneamh Inathnuaite Amach ón gCósta'.
Maidir leis na Limistéir sin, a ainmneofar de réir forálacha reachtacha le haghaidh Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, treorófar leo infheistíocht agus cinnteoireacht agus comhlánófar leo an líonra Limistéar Muirí faoi Chosaint atá le teacht. Leis an gcur chuige pleantreoraithe sin, cinnteofar go mbainisteofar an fhorbairt ar bhealach pleanáilte, straitéiseach agus inbhuanaithe. Rud tábhachtach, soláthrófar leis níos mó cinnteachta do na húsáideoirí muirí uile maidir le cá háit a mbeidh an fhorbairt lonnaithe.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an Ráitis Beartais, dúirt an tAire Ryan:
"Is céim ríthábhachtach í seo in aistear na hÉireann i dtreo ár dtoilleadh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú agus ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a dhíothú sa deireadh. Mar thoradh uirthi, cuirfear sinn ar chonair dhíreach i dtreo astaíochtaí nialasacha CO2, le linn poist a chruthú, a fhéachaint chuige go seasfaidh ár ngnólachtaí an aimsir, agus ár gcáilíocht beatha a fheabhsú ag an am céanna. Toradh eile a bheidh uirthi is ea go mbeidh fuinneamh níos glaine, níos sláine agus dúchasach ann dár gcuid sealbhóirí tí agus gnólachtaí, go háirithe nuair a bheidh sé flúirseach.
"Leis an gcur chuige atá roghnaithe againn, cuíchóirítear an próiseas forbartha le haghaidh fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta trí acmhainní toilithe, acmhainní pleanála agus acmhainní forbartha eangaí an Stáit a bharrfheabhsú. Is ionann é agus an deis is fearr lenár spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh don bhliain 2030 a chomhlíonadh, agus ár slándáil soláthair á treisiú ag an am céanna. Soláthrófar leis freisin tuilleadh cinnteachta d’infheistíocht in earnáil foinsí fuinnimh inathnuaite amach ó chósta na hÉireann de bharr ionchais bhreisithe a bheith ann le haghaidh soláthar tionscadal."
An Clár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta
D’fhógair an tAire Ryan inniu freisin gur foilsíodh na príomhghníomhartha don bhliain 2023 faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é.
Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa chun na mórdheiseanna eacnamaíocha agus gnó níos fadtéarmaí a bhaineann le foinsí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt in Éirinn a shaothrú. Tugtar le chéile sa Tascfhórsa an obair atá ar siúl ar fud an rialtais, na ngníomhaireachtaí agus an tionscail chun uaillmhianta na hÉireann maidir le gaoth amach ón gcósta a chomhlíonadh. Ar na gníomhartha ar leagadh béim orthu lena soláthar sa bhliain 2023 tá bearta a bhaineann leis an slabhra soláthair, le calafoirt, le beartas, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.
ORESS 1
De bhreis air sin, dheimhnigh an tAire Ryan inniu gurbh ionann agus €150/MWh an t-uasphraghas tairisceana le haghaidh ORESS 1. Tagann sé sin sna sála ar an gceadú a fuarthas ón rialtas i mí na Samhna 2022 do théarmaí agus coinníollacha ORESS 1, ar an gcinneadh ó Choiste an Mhargaidh Leictreachais Aonair i mí Eanáir 2023 maidir leis an Modheolaíocht Rochtana Daingne, agus ar an gcinneadh ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais ní ba luaithe an mhí seo maidir leis an gCaitheamh le Sócmhainní Nasctha Eangaí Amach ón gCósta.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil san uasphraghas tairisceana ach coimirce dearaidh ceant agus gurb é ról an chóimheasa iomaíochta, atá le cinneadh go neamhspleách ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, ná toradh iomaíoch in ORESS 1 a bhrú chun cinn. Sa deireadh, cinnteofar leis sin go dtabharfar luach ar airgead do thomhaltóirí. Forchoimeádann an tAire an ceart chun diúltú do thairiscintí, lena n-áirítear iad sin nach bhfuil níos mó ná an t-uasphraghas tairisceana.
Foilseofar an Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat le haghaidh Gaoth Amach ón gCósta de Chéim a Dó, mar aon le tuilleadh mionsonraí faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, ar Item was unpublished or removed ar na laethanta beaga atá le teacht.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Gealladh i gClár an Rialtais 2020 sprioc a shaothrú chun toilleadh suiteáilte 5 GW de ghaoth amach ón gcósta a bhaint amach i limistéar muirí na hÉireann faoin mbliain 2030. Maidir leis an sprioc sin agus leis an ngealltanas gur ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a thiocfaidh suas le 80% de leictreachas na hÉireann faoin mbliain 2030, dearbhaíodh iad sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 agus sa Phlean nuashonraithe don bhliain 2023.
Sa bhliain 2021 freisin, ghlac an Rialtas an Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat le haghaidh Chóras Tarchurtha Leictreachais Amach ó Chósta na hÉireann, rud inar leagadh amach go n-uasmhéadófaí na tairbhí don tsochaí dá nglacfaí samhail phleantreoraithe don eangach amach ón gcósta. Chun nach gcuirfear moill ar imscaradh amach ón gcósta, d’aontaigh an Rialtas freisin le conair trí chéim ón tsamhail dhíláraithe reatha chuig samhail lán-phleantreoraithe thar na fichidí.
Teastóidh ó thionscadail Chéim a Dó Toiliú Limistéir Mhuirí a bheith acu chun go mbeidh siad incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, agus beidh na Toilithe Limistéir Mhuirí uile le heisiúint ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí nuabhunaithe. Cé nach mbeidh sé riachtanach Toiliú Limistéir Mhuirí a shealbhú chun páirt a ghlacadh in ORESS 2, éileofar ar rannpháirtithe rathúla in ORESS 2 Toiliú Limistéir Mhuirí a bheith faighte acu laistigh de thréimhse a bhfuil teorainn ama dhian ag gabháil léi tar éis fhoilsiú thorthaí ORESS 2, agus na costais a bhaineann le nascadh leis an eangach a bheith tugtha ag EirGrid roimh sheoladh an cheant. Leis sin, brostófar soláthar thionscadail Chéim a Dó.
An Plean Gnímh don Aeráid 2023
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2019, agus é ar an gcéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tagann sé sna sála ar na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a tugadh isteach ar fud an gheilleagair ar fad sa bhliain 2022.
Leagtar gníomhartha ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:
- foinsí fuinnimh inathnuaite a chumhachtú
- foirgnimh níos fearr a thógáil
- ár modhanna taistil a bhunathrú chun feabhais
- feirmeacha teaghlaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe
- gnó agus fiontar a ghlasú agus
- ár n-úsáid talún a athrú