Fógraíonn an tAire Ryan go bhfuil Éire tar éis dul isteach in Beyond Oil & Gas Alliance (BOGA) chun an t-aistriú ó tháirgeadh domhanda ola agus gáis a stiúradh
- Foilsithe: 11 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, i gcomhair le rialtais eile i bhfógra suntasach ag COP26 inniu chun Comhaontas Beyond Oil & Gas (BOGA) a sheoladh.
Comhghuaillíocht rialtais den chéad chineál is ea BOGA a bhfuil rún daingean acu dáta deiridh a shocrú do thaiscéalaíocht agus eastóscadh ola agus gáis. Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontas srian a chur le ceadúnú nua agus bearta eile a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh ola agus gáis i gcomhréir le Comhaontú Pháras atá ann cheana.
Chuaigh Éire isteach i gcomhair le náisiúin agus fo-náisiúin eile – Cósta Ríce (comhchathaoirleach); An Danmhairg (comhchathaoirleach); An Fhrainc; An Ghraonlainn; Québec; An tSualainn; An Bhreatain Bheag; California; agus an Nua-Shéalainn – i bhfógra tábhachtach an lae inniu a dhéanamh.
Ag labhairt dó ag seoladh BOGA, dúirt an tAire Ryan:
"Tá Éire ar thús cadhnaíochta chun an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite a dhreasú agus muid féin a chur ar chonair go neodracht ó thaobh fuinnimh de, trí reachtaíocht a rith chun breoslaí iontaise a choinneáil i dtalamh. Leis an gcinneadh a rinneamar inniu, páirt a ghlacadh i gComhaontas Beyond Oil and Gas, seolaimid teachtaireacht láidir go bhfuilimid ag bogadh go neamh-inchúlghairthe ó bhreoslaí iontaise i dtreo todhchaí in-athnuaite – in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon.
"Tríd an Acht um Aeráid 2021, tá Éire tar éis a droim a thabhairt ar ghníomhaíochtaí nua taiscéalaíochta ola agus gáis. Níl bunús dlí ann a thuilleadh chun ceadúnais nua a dheonú. Ag teacht le beartas Rialtas na hÉireann breoslaí iontaise a choinneáil i dtalamh, táimid ag reachtú faoi láthair freisin chun taiscéalaíocht guail, ligníte agus scealla ola a thoirmeasc. Mar bhall lárnach de BOGA, treoróidh Éire dea-shampla agus roinnfidh sí ár dtaithí ar reachtaíocht ionas gur féidir linn uile bogadh i dtreo todhchaí saor ó bhreosla iontaise
Dearbhú BOGA
Comhghuaillíocht idirnáisiúnta idir rialtais agus páirtithe leasmhara is ea BOGA agus iad ag obair le chéile chun céimniú amach bainistithe na táirgeachta ola agus gáis a éascú. Tá sé mar aidhm ag an gcomhghuaillíocht an cheist i dtaca le deireadh de réir a chéile le táirgeacht ola agus gáis ar leibhéal idirnáisiúnta a ardú.
Shínigh comhaltaí bunaitheacha Dearbhú BOGA, agus gheall siad go dtacófaí le haistriú domhanda atá cóir agus cothrom ar bhonn sóisialta. Déanfar gníomhaíocht nithiúil ina dhiaidh sin, agus beidh na príomhchomhaltaí tiomanta do dheireadh a chur le babhtaí nua lamháltas, ceadúnúcháin nó léasaithe, agus cuirfear idirphlé chun cinn maidir leis an ngá atá le deireadh a chur le bainistiú agus le céimniú amach de réir a chéile.
Aithníonn BOGA go bhféadfadh sé go mbeadh baill faoi dhualgas ceadanna áirithe a thabhairt, mar gheall ar ghealltanais chonarthacha/dhlíthiúla atá ann cheana. Féachann sé le treo soiléir taistil a leagan síos, agus cur chuige uaillmhianach ‘bealach glúdaithe’ a bheith ann chun deireadh a chur de réir a chéile leis an táirgeadh, seachas ‘tabhairt’ dhodhéanta.
Ina theannta sin, dúirt an tAire Ryan: “Trí thoirmeasc a chur ar thaiscéalaíocht ola agus gáis amach ón gcladach, ní hamháin go bhfuilimid ag déanamh an méid is gá dúinn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, agus táimid ag cosaint freisin ár mbithéagsúlacht a bhfuil dlúthbhaint aici leis an athrú aeráide. Táim ag tnúth le húsáid a bhaint as an ardán a chuirfidh BOGA ar fáil chun próifíl an chomhphlé idirnáisiúnta faoi chéimniú amach na hola agus an gháis a ardú.”
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Comhchathaoirligh, croíbhaill agus comhaltaí comhlacha BOGA
Tá Cósta Ríce agus an Danmhairg ina gcomhchathaoirligh ar BOGA. Is baill lárnacha iad an Fhrainc, an Ghraonlainn, Éire, Québec, an tSualainn agus an Bhreatain Bheag. Tá California agus an Nua-Shéalainn ina gcomhaltaí comhlachaithe.
Cén fáth ar bunaíodh BOGA?
Tá sé cruthaithe ag BOGA go bhfuil sé soiléir ón eolaíocht go gcaithfidh ré an bhreosla iontaise teacht chun deiridh.
Is é sin an fáth a bhfuil an BOGA ag tógáil comhghuaillíochta de rialtais náisiúnta agus fo-náisiúnta atá toilteanach bogadh níos faide ná ola agus gás.
Tá sé soiléir sna mórhtuarascálacha is déanaí i dtaca leis an aeráid (IPCC, IEA Net-Zero agus UNEP Production Gap) gur gá laghduithe suntasacha a dhéanamh ar ghual, ola agus gás nádúrtha (iontaise) chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
Níl ach roinnt bheag rialtas tar éis gealltanas a thabhairt deireadh a chur le táirgeadh ola agus gáis. Is é seo go díreach cad a fhéachann BOGA a athrú. Is mian le Boga dlús a chur le rialtais chun deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh ola agus gáis, agus ag an am céanna aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, éagsúlaithe agus réitigh fuinnimh ghlain a chur chun cinn.