English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan gur ceapadh Ard-Rúnaí nua sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, gur cheadaigh an rialtas ceapachán Oonagh Buckley Uas. mar Ard-Rúnaí na Roinne ag a chruinniú inniu (Dé Máirt an 20 Meitheamh).

Tá Oonagh ag fónamh faoi láthair mar Chathaoirleach Eatramhach an Bhoird Pleanála. Sular thug sí faoin ról sin, bhí Oonagh ar an LeasArd-Runaí sa Roinn Dlí agus Cirt ar a raibh freagracht as an dlí sibhialta, lena n-áirítear inimirce, na cúirteanna agus reachtaíocht. Roimhe sin, bhí ag Oonagh an post mar Ard-Stiúrthóir sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus, roimhe sin fós, d’oibrigh sí sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, sa Roinn Comhshaoil agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Le linn na tréimhse atá sí ag obair sa Roinn Comhshaoil, chaith Oonagh roinnt blianta ag obair ar an mbeartas agus reachtaíocht pleanála agus ar chaomhnú fiadhúlra.

Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), Choláiste na hEorpa agus Ollscoil Londan í Oonagh. Glaodh chun an bharra í sa bhliain 1996. Tá céim MSc i nGnó aici ó Scoil Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá sí ina hollamh taca i Scoil Dlí UCC ón mbliain 2017 i leith.

Dúirt an tAire Ryan:

“Tá ríméad orm fáilte a chur roimh cheapachán Oonagh Buckley chuig ról an Ard-Rúnaí sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

“Imríonn an Roinn príomhról i bhforbairt comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na hÉireann san fhadtéarma. Mar Ard-Rúnaí na Roinne, beidh ról ríthábhachtach le himirt ag Oonagh i mbaint amach ár bhfíse go soláthrófaí Éire a bheadh neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus nasctha ón taobh sóisialta de. Guím gach rath uirthi sa ról agus táim ag súil le hobair i gcomhar léi.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun aitheantas a thabhairt don rannchuidiú suntasach a rinne Mark Griffin, an tArd-Rúnaí atá ag dul as oifig. Is mór agam an chomhairle agus an tacaíocht a thug Mark le linn mo thréimhse mar Aire.”

Tosóidh ceapachán Oonagh Buckley Uas. an 2 Meán Fómhair, tráth a thiocfaidh téama an Uas. Griffin chun deiridh.

CRÍOCH