English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan pacáiste tacaí chun cur le réabhlóid fuinnimh pobail

Inniú sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, réimse de bhearta nua chun a chinntiú go mbainfidh pobail ar fud na tíre tairbhe as fuinneamh in-athnuaite.

Tá na nithe a leanas sa phacáiste:

  • Spriocthacaí do phobail atá ag iarraidh a gcuid tograí in-athnuaite féin a fhorbairt
  • Prionsabail do Dhea-Chleachtas a chinnteoidh go mbainfidh pobail tairbhe as na cistí a ghintear de bharr tograí fuinnimh in-athnuaite eile ina gceantar féin
  • Bord Stiúrtha nua a threoróidh an fhorbairt ar earnáil fuinnimh an phobail

Geallann Clár an Rialtais ‘réabhlóid i nithe in-athnuaite’ agus athdhearbhaíonn an t-uaillmhian náisiúnta dúshlánach go mbeidh 70% leictreachas in-athnuaite ar a laghad ann faoi 2030. Leis an sprioc seo a bhaint amach, aithníonn an Clár go n-imreoidh pobail a bpáirt féin agus, níos leithne ná sin, cuirfidh an Rialtas tacaíocht ar fáil do thionscadail leictreachais in-athnuaite tríd [nasc inmheánach 44812 | Renewable Electricity Support Scheme (RESS). ]

De réir an Aire Ryan:

"Chonaiceamar i dtíortha eile, mar an Ghearmáin, go mbíonn ról díreach ag saoránaigh agus ag an bpobal i réabhlóid an fhuinnimh ghlais le leas an phobail agus cothaíonn sé tacaíocht don chlaochlú ó bhonn atá de dhíth orainn lenár spriocanna aeráide a bhaint amach. Chonaiceamar seacht dtogra pobail cheana féin, (cúig thogra gréine agus cúig thogra gaoithe) a raibh rath orthu sa chéad cheant Scéim Tacaíochta um Funneamh In-Athnuaite a bhí againn. Ba mhaith liom cur leis sin tríd an saineolas a thabhairt do phobail atá de dhíth orthu le tuilleadh de na tograí seo a fhorbairt.

"Tabharfaidh Creat Cumasacháin Pobail nua cabhair agus tacaíocht do phobail tríd an bpróiseas casta atá le giniúint leictreachais. Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) a d’fhorbair é. Soláthróidh sé réimse de thacaí teicniúla agus airgid ag na céimeanna éagsúla i saolré togra in-athnuaite lena n-áirítear comhairleoirí iontaofa a oibreoidh go dlúth leis na pobail. Bainfidh an creat an riosca d’fhorbairt an togra do phobail agus spreagfaidh sé seachadadh na spriocanna fuinnimh pobail atá againn."

Tugtar tacaíocht do thograí pobail i gcatagóir eile taobh istigh den scéim RESS. Mar sin féin, ní mór do gach togra, lena n-áirítear 61 togra tráchtála, Ciste Sochair Pobail a bhunú. Cinntíonn an Ciste, i ngach cás, go roinntear cuid de na tairbhí atá le giniúint fuinnimh in-athnuaite leis na daoine atá ina gcónaí sa cheantar, de ghnáth i bpobail tuaithe.

Sa chéad bhabhta de thograí sa scéim caithfear beagnach €4 mhilliún de Chistí Sochair Pobail i bpobail áitiúla gach bliain. Agus níos mó ceantanna ar na bacáin, tá sé ríthábhachtach go gcuirimid i bhfeidhm córas rialála láidir céimnitheach. I Lámhleabhar Dea-Chleachtais do Chistí Sochair Pobail RESS leagtar síos an dóigh is fearr ar féidir na cistí a úsáid, mar shampla ag tacú le tionscnaimh aitiúla do ghníomhaíocht aeráide agus bitheolaíochta. Chomh maith leis sin tá Clár Náisiúnta de na cistí seo á sheoladh ag ÚFIÉ, rud a chinnteoidh tuairisciú agus trédhearcacht chuí ar feadh na mblianta atá amach romhainn.

Cuideoidh na gealltanais sa scéim seo le forbairt a dhéanamh ar thograí le haghaidh fuinneamh inmharthana pobail ar fud na tíre, agus tacóidh sé le hathginiúint tuaithe, le comhtháthú sóisialta, cothú acmhainní agus forbairt pobail.

Agus é ag caint roimh an chéad chruinniú de Bhord Stiúrtha Pobal nua RESS, dúirt an tAire:

"Is earnáil nua agus iontach é inár gcóras fuinnimh pobail a bheith ag forbairt a dtograí ginte leictreachais féin. Ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh ionchur ag pobail leis an mbealach a bhforbraíonn an earnáil seo a stiúradh. Tá Bord Stiúrtha curtha ar bun agam, ar a bhfuil roinnt ionadaithe agus urlabhraithe pobail, chomh maith le saineolaithe acadúla, le comhairle a thabhairt dom ar pholasaí agus ar chur i bhfeidhm."

Dúirt an tAire Ryan freisin:

"Tríd is tríd, creidim go spreagfaidh an pacáiste tacaí seo pobail lena leictreachas féin a ghiniúint agus cinnteoidh sé dáileadh na mbuntáistí ó na tograí in-athnuaite uile taobh istigh den scéim. Cabhróidh an pacáiste seo freisin leis an uaillmhian méadaithe a bhaint amach atá leagtha amach faoin mBille Gníomhaithe ar son na hAeráide agus na polasaithe agus na bearta sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021. Is maith an rud é tacú le pobail ar an dóigh seo don earnáil in-athnuaite, don gheilleagar glas agus do cheantair thuaithe na hÉireann."

CRÍOCH


Nótaí chuig an Eagarthóir

Áirítear i gCreat Cumasacháin RESS an ÚFIÉ na rudaí a leanas:

  • Líne chabhrach theagmhála 01 8082162 agus leathanaigh ghréasáin bunaithe le haghaidh [nasc seachtrach https://www.seai.ie/community-energy/ress/ | Renewable Electricity Support Scheme]
  • Seirbhís Idirghabhálaí (II) ar bun agus ar siúl – ag treorú pobal cheana féin
  • Seirbhís eatramhach comhairleora iontaofa ar bun agus ar siúl – seirbhísí teicniúla á ndáileadh cheana féin ar phobail.
  • Beidh an chéad 3 threoir don trádstóras faisnéise beo ar shuíomh gréasáin ÚFIÉ i mí Iúil: Onshore Wind (Gaoth ar Tír) / Solar (Gréine) / Planning and Grid (Pleanáil agus Eangach)
  • Creat deontas ann Q4 2021 ach dearbhuithe leasa oscailte anois

Spreagfaidh an creat seo pobail eile le cloí leis an treoir atá leis na seacht dtogra pobail ar éirigh leo sa chéad cheant RESS:

Ainm an Togra Ainm an Chomhlachta Teicneolaíocht Aschur MW Contae
Solar Bhealach an Tóibínigh Solar Limited Bhealach an Tóibínigh Solar 4 Cill Chainnigh
Solar Bhearna Dhearg Energy Resources Theampall Doire Solar 4 Gaillimh
Cluain Cor Thoir Single WTG Chluain Cor Thoir Gaoth ar Tír 0.9 Gaillimh
Solar Bhaile Dháith Renewables Ltd Bhaile Dháith Solar 4.95 Loch Garman
Dumha Liag Mór CEARTH LTD Gaoth ar Tír 2.5 Maigh Eo
Páirc Ghréine, an Lios Dubh Clár Chlainne Mhuiris Solar 4 Maigh Eo
Feirm Ghréine Lorg I.Q Solar Limited Solar 4 Corcaigh

Lámhleabhar Prionsabal Dhea-Chleachtas an Chiste Sochair Pobal

Tugann RESS údarás do gach togra RESS Ciste Sochar Pobal a bhunú ar fiú €2/MWh de ghiniúint é. Lena chinntiú go bhfuil sé ar cheartchumas gach páirtí a bheith páirteach sa phróiseas seo d’fhoilsigh an Roinn an RESS-1 [nasc inmheánach 140381 | Lámhleabhar Prionsabal Dhea-Chleachtas an Chiste Sochair Pobal. ] Chabhraigh comhairliúchán poiblí a bhí ann níos luaithe i mbliana le forbairt an lámhleabhair seo, comhairliúchán ina raibh cúig sheimineár gréasáin halla baile de chuid an phobail a bhí idirghníomhach agus fócasghrúpaí.

Gné an-tábhachtach d’fheidhmiú an Chiste Sochair Pobail go bhfuil pobail lánpháirteach sa chinnteoireacht. Múnlóidh siad an straitéis chun a oiread tairbhí agus is féidir a fháil ó na cistí do gach ball den phobal. Tá fócas ar leith ag na cistí ar thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh áitiúla atá ag cloí le Spriocanna Forbartha Inmharthana NA. Nuair a thiocfaidh na cistí seo i bhfeidhm níos moille i mbliana agus ar an bhliain seo chugainn, is iad na tograí a bhfuiltear ag dúil go bhfaighidh siad tacaíocht ná iarfheistiú baile agus hallaí pobail, feirmeacha pailneoirí, conairí rothaíochta, ábhair oideachasúla agus gníomhaíochta scoláireachtaí agus clubanna spóirt. In aguisíni an lámhleabhair tá sonraí cás-staidéir ar Chistí Sochair Pobail atá ann cheana féin.

Sheol an ÚFIÉ an nasc seachtrach https://www.seai.ie/community-energy/ress/ | National Community Benefit Fund Register.] Cinnteoidh sin go mbaineann caighdeáin rialála chomh hard agus is féidir leis na cistí.

Bord Stiútha Pobail RESS

Tugann Bord Stiúrtha Pobail RESS le chéile painéal céimiúil de dhaoine a bhfuil taithí agus gnóthachtáil acadúil acu i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite agus i gcomhpháirtíocht agus gníomhaíochas in Éirinn. Beidh an Bord diongbháilte agus deis iontach á múnlu acu le fuinneamh pobail a fhorbairt in Éirinn.

Seo a leanas na baill atá acu:

  • An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide - polasaí
  • An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) – polasaí eangaí
  • Gréasáin BSLE – seachadadh eangaí
  • EirGrid – seachadadh eangaí
  • Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) – cur i bhfeidhm
  • An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) – urlabhraí pobail, Rialtas
  • Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) – urlabhraí pobail, Rialtas Áitiúil
  • energy4all – urlabhraí ar son fuinneamh poiblí, Albain
  • 7 n-ionadaí ón Earnáil Acadúil agus ó Earnáil an Phobail