Fógraíonn an tAire Ryan seoladh an dara ceant Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta (RESS 2)
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Bealtaine 2022
- Formheasann an Rialtas príomhghnéithe dearthóireachta an dara ceant Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta (RESS 2)
- Méid suntasach giniúna leictreachais in-athnuaite nua a bhfuil coinne ann go dtabharfar chun críche í
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, TD, sonraí an dara ceant Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 2 (RESS 2) inniu, a bhfuil cead ón Rialtas faighte lena aghaidh.
Tá soláthar an dara ceant RESS ar cheann de na príomhghníomhartha atá le leagadh amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, a sheolfaidh an Rialtas go luath. I bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, leagfar amach spriocanna, bearta agus gníomhartha ar fud gach earnála le cinntiú go mbainfimid ár ngealltanais amach faoin gcreat reachtach nua gníomhaithe ar son na haeráide.
Leis an sprioc go dtiocfadh suas le 80% dár leictreachas as giniúint in-athnuaite faoi dheireadh na deich mbliana seo, cuirfear le spriocanna laghdaithe na hÉireann maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus giniúint grianleictreachais agus leictreachais ghaoithe a úsáid go príomha in ionad leictreachais bhreosla iontaise a ghiniúint, agus trí astaíochtaí a dhíláithriú in earnálacha eile chomh maith, mar shampla, trí leictriúchán taistil cairr agus teasa cónaithe.
Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"Inniu, tá mé ag fógairt sonraí an dara ceant faoin Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta. Tá Éire fós ag brath go mór ar bhreosla iontaise. Ní mór dúinn an spleáchas seo a laghdú go mór agus an t-aistriú seo a dhéanamh i dtreo fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh atá níos glaine. Le fuinneamh in-athnuaite méadaithe cosnófar Éire ó luaineacht praghsanna idirnáisiúnta gáis agus carbóin, atá gar don leibhéal is airde a bhí acu riamh.
"Táimid ag teacht amach as leictreachas a ghiniúint ó mhóin agus ó ghual agus táimid ag bogadh i dtreo foinsí cumhachta in-athnuaite glana, ar nós cumhacht ghaoithe agus grianchumhacht. Tá RESS ar cheann de na príomhbheartais a leagtar amach i gClár an Rialtais agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun dul i ngleic le dúshláin aeráide na hÉireann sna blianta atá romhainn.
"Céim mhór chun tosaigh a bheidh i gceist le clár na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta agus seoladh an dara ceant intíre i spriocanna an Rialtais a bhaint amach, sin astaíochtaí a laghdú 51% faoi 2030 agus leictreachas in-athnuaite suas le 80% a sholáthar faoi 2030. Dearadh ceantanna na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta chun ár ngealltanais ár n-eangach leictreachais a dhícharbónú, leas a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha agus fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach i gcroí ár bpobal."
Is scéim atá bunaithe ar cheant é an Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta, lena n-iarrtar ar thionscadail leictreachais in-athnuaite tairiscint a dhéanamh le haghaidh acmhainne agus praghas a fháil le haghaidh an leictreachais a ghineann siad. D'aontaigh an Rialtas ar na gnéithe atá beartaithe sa Scéim, atá i gcomhréir leis an bhformheas státchabhrach le haghaidh ceantanna na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta go dtí 2025.
- Dearadh atá cosúil leis an RESS 1: Thacaigh páirtithe leasmhara le struchtúr an chéad cheant den chuid is mó agus cothabháileadh na príomhphrionsabail deartha ón Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 1 chun ardrátaí soláthair tionscadal agus torthaí iomaíocha a chinntiú.
- Éagsúlacht na Teicneolaíochta a mhéadú: Beidh an Scéim oscailte do réimse teicneolaíochtaí, agus forálacha chun foinsí in-athnuaite agus acmhainneacht stórála a cheangal ag láithreacha tionscadail. Leis seo leathnófar meascán an fhuinnimh in-athnuaite agus cuirfear le slándáil an tsoláthair.
- Catagóir atá á threorú ag an bpobal: I mí Feabhra 2021, d'fhógair an tAire nach mór do gach tionscadal a bhaineann le catagóir an phobail i gceantanna na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta amach anseo a bheith faoi úinéireacht 100% an chomhphobail. Tá sé seo ann le cinntiú go mbeidh pobail in ann na buntáistí go léir a bhaineann lena leictreachas féin a ghiniúint a bhaint as.
- Rannpháirtíocht an Phobail: Coinníodh scéim éigeantach Chiste Sochair an Phobail arna bhunú i Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 1. Le Cistí Sochair an Phobail ginfear méid suntasach caipitil le haghaidh pobail a gcónaíonn i ndlúthghaireacht do thionscadail in-athnuaite gach bliain le haghaidh fhad na scéime tacaíochta, lena dtacófar le tionscnaimh pobail áitiúil agus spriocanna forbartha inbhuanaithe.
Tá sceideal cheant na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 2 tar éis méadú ón dréacht-amchlár a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021 agus anois tá sé le hoscailt roimh dheireadh na bliana. D'fhoilsigh EirGrid amchlár uasdátaithe don cheant ar shuíomh thionscadal na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta.
Tá coinne ann go soláthrófar méadú suas le 3,500GWh i nginiúint leictreachais in-athnuaite le Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 2 faoi dheireadh 2024. Tá ceangal ar an Roinn ceantanna agus luasghéarú an cheangail le foinsí in-athnuaite leis an ngreille a ghnáthú. Foilseofar plean uasdátaithe na gceantanna a bheidh ann amach anseo agus deireadh na bliana ag druidim linn.
Tá tuilleadh eolais, agus téarmaí agus coinníollacha deiridh le haghaidh Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta 2, le fáil ar gov.ie.
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Fuair an Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta cead ón Aontas Eorpach le haghaidh cúnaimh stáit i mí Iúil 2020.
Is toradh ar anailís eacnamaíoch neamhspleách agus ar rannpháirtíocht agus chomhairliúchán an phobail araon é an Scéim Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta. Le forbairt na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta bhí athbhreithniú grinn ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta, ar fud na Ríochta Aontaithe, na Danmhairge, na Spáinne, na Gearmáine, Cheanada agus na hAlban - ar ceannairí an domhain iad i dtionscadail leictreachais in-athnuaite a bhíonn á dtreorú ag an bpobal.
Ceantanna na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta
Braitheann minicíocht cheantanna na Scéime Leictreachais In-athnuaite Tacaíochta a bheidh ann amach anseo ar phíblíne soláthair tionscadail leictreachais in-athnuaite agus ar an margadh atá ag athrú, ar chúrsaí geografacha agus teicneolaíocha freisin.
Is é seo an dara ceann de na cúig cheant atá beartaithe le bheith ar siúl idir 2020 agus 2025 lena dtabharfar spriocanna 2030 i gcrích. Leis seo cuirfear conairí ar fáil le haghaidh forbróirí in-athnuaite, agus tionscadail ghaoithe ón talamh trí cheantanna easchósta tiomnaithe san áireamh, chun a dtionscadail a phleanáil agus a fhorbairt. Chomh maith leis sin beidh Éire in ann leas a bhaint as an nua-theicneolaíochtaí agus iad ag teacht chun cinn.
I bplean na gceantanna a bheidh ann amach anseo atá cothrom le dáta leagfar amach na hamlínte agus na méideanna táscacha le haghaidh ceantanna i rith na chéad deich mbliana atá amach romhainn agus ar mhaithe le soiléireacht a thabhairt d'fhorbróirí i dtaca le cén uair is gá dóibh a dtionscadail a bheith 'réidh le haghaidh an cheant'.
Éagsúlacht na Teicneolaíochta a mhéadú
Agus teicneolaíochtaí mar shampla grianteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí stórála ag teacht in aibíocht, agus na costais ag laghdú, beidh Éire in ann tairbhe a bhaint as costais na teicneolaíochta atá ag ísliú as seo go ceann deich mbliana, agus ansin beidh éagsúlú a punainne in-athnuaite agus sholúbthachta níos fearr dá bharr.
Creat Cumasúcháin don Phobal
Bunaíodh creat cumasúcháin don phobal i gcomhair le SEAI agus é á reáchtáil aige le haghaidh tionscadail atá á dtreorú ag an bpobal, chun tacú le forbairt earnála le haghaidh leictreachas a ghiniúint agus chun é a spreagadh. D'fhógair an tAire Ryan pacáiste tacaíochtaí i mí Iúil le haghaidh tionscadail atá á dtreorú ag an bpobal. Tá na bearta seo a leanas san áireamh laistigh den chreat seo:
- Tá tacaíochtaí airgeadais, agus deontais agus iasachtaí ar lacáiste a bhfuil dearbhuithe leasa acu san áireamh – ar oscailt anois
- Líonra idirghabhálaithe iontaofa chun a bheith ag obair le pobail le linn céimeanna éagsúla an tionscadail
- Líonra comhairleora iontaofa le bheith ar fáil chun sainchomhairle a thabhairt, mar shampla sainchomhairle dlí agus airgeadais
- Foinse iontaofa eolais le haghaidh treoracha éagsúla eolais ina mínítear conas tascanna áirithe a dhéanamh
- Pointe lárnach teagmhála – chun na seirbhísí cumasúcháin seo uile a chomhordú