English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Smyth cistiú le haghaidh Nuálaíocht Geilleagair Chiorclaigh

D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, cistiú is fiú €640,000 do 13 thionscadal ar fud na hÉireann faoin dara Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).

Rinne an tAire Smyth an fógra ag searmanas chun oscailt ócáid Theophointe Geilleagair Chiorclaigh Bhaile Átha Cliath 2023 i dTeach an Ardmhéara tráthnóna (an 29 Bealtaine 2023) a chomóradh. Is é atá san ócáid idirnáisiúnta bhliantúil seo, a bheidh ar siúl go dtí an 1 Meitheamh, ná deis chun foghlaim ó na tionscnaimh inbhuanaitheachta agus gheilleagair chiorclaigh is fearr, chun líonrú leo agus chun inspioráid a fháil uathu.

Is é atá i 'ngeilleagar ciorclach' a chruthú ná cuid den aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe, áit a ndírítear ar dhramhaíl a laghdú agus a dhíothú agus ar acmhainní a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir. Leis an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach, cabhrófar le pobail an t-aistriú sin a dhéanamh.

Ag déanamh comhghairdeas dó leis na hiarratasóirí rathúla, dúirt an tAire Stáit Smyth:

"Tá an dúshlán atá orainn geilleagar ciorclach a bhaint amach chomh mór sin go dteastóidh athruithe ar gach leibhéal dár sochaí. Tá ríméad orm bheith in ann tacú leis na tionscadail seo, atá á gcur chur chun tosaigh ag daoine atá gníomhach in athruithe a dhéanamh agus i dtathant a dhéanamh ar a son. Táim ag súil le huaillmhian na dtionscadal seo a réadú agus le cur níos mó lena rath sna blianta atá le teacht den scéim seo."

Tacóidh na tionscadail roghnaithe leis an iarracht an geilleagar ciorclach a fhorbairt i réimsí amhail faisean inbhuanaithe, ardáin chomhroinnte, TFC agus leictreonaic, fuinneamh, pacáistiú in-athúsáidte bia, agus tógáil.

Is liostaithe thíos atá na 13 thionscadal ar dámhadh cistiú dóibh faoin dara Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach. Chun agallaimh meán a eagrú nó chun tráchtanna a iarraidh, déan teagmháil leis na heagraíochtaí aonair go díreach:

  • Fast Track Into Information Technology CLG, Baile Átha Cliath 11
  • Saltrock Dairy, Co. Loch Garman
  • IMS Site Services, Baile Átha Cliath 2
  • RWN CycleUp, Co. Ros Comáin
  • Athchúrsáil Árann CGA, Co. na Gaillimhe
  • Nationwide Community Energy, Co. Mhaigh Eo
  • Circular Costume Ireland, Co. Chill Mhantáin
  • CLASP, Co. Shligigh
  • Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir, Co. an Chláir
  • Carrickmacross Toy Library, Co. Mhuineacháin (déan teagmháil le Jill Kennon ag jill@cmxtoylibrary.ie)
  • Nuálaíocht agus Forbairt Bhaile Hamaltúin, Co. Liatroma
  • Zerobin, Baile Átha Cliath 2 (déan teagmháil le Paul McSweeney ag info@thezeronet.com)
  • We Make Good, Baile Átha Cliath 2

Comhlánaíonn an scéim deontas seo an obair eile geilleagair chiorclaigh a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh uirthi faoi stiúir an Aire Stáit Smyth. Áirítear leis an obair sin tobhaigh chomhshaoil nua amhail an tobhach nua aisghabhála dramhaíola a thabhairt isteach, bailiú dramhaíola tráchtála a dhreasú, Scéim Éarlaise agus Aisíoca a thabhairt isteach le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí, agus an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia a fhoilsiú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin na roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach

Seoladh an dara babhta cistiúcháin faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach i mí na Samhna 2022 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail atá ag obair i réimse an gheilleagair chiorclaigh chun feasacht a mhúscailt ar an ngá leis an aistriú a dhéanamh. Trí thionscadail uaillmhianacha agus fiontair uaillmhianacha a chistiú, taispeánann an scéim deontas seo eiseamláirí den dea-chleachtas.

Mar atá an scéal faoi láthair, tá na tairiscintí cistiúcháin ag brath ar cheanglais díchill chuí agus ceanglais eile a chomhlíonadh. Maidir leo sin a n-éiríonn leo dámhachtain deiridh a fháil, áfach, is féidir leo a bheith ag súil lena dtionscadail a thosú an samhradh seo.

Socraíodh an cistiú faoin mbabhta seo den Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach ag €650,000 (dá bhfuil €640,000 á dhámhachtain sa tráinse seo). Is ionann cistiú na bliana seo agus méadú de 30%, beagnach, ar an gcistiú a dámhadh faoin scéim sa bhliain 2021, tráth a dámhadh €500,000 san iomlán. Is é an chúis atá leis an méadú beartaithe ó bhliain go bliain ná go dtugtar gealltanas sa Straitéis don Gheilleagar Ciorclach 2022-2023 go méadófar an cistiú in aghaidh na bliana faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach go €1 mhilliún faoin mbliain 2024. Tá an méadú beartaithe ar aon dul leis an ngealltanas sin.

An Geilleagar Ciorclach – Cúlra

Beidh dea-thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag gabháil le geilleagar ciorclach a sholáthar. Is féidir le creat beartais dea-dheartha um an ngeilleagar ciorclach na tairbhí comhpháirteacha a shainaithint chun go soláthraítear deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta le feabhsuithe comhshaoil, agus go soláthraítear feabhsuithe comhshaoil le deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta. Tá tíortha ar fud na hEorpa ag aistriú i dtreo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus ag glacadh na gcleachtas sin. Tá an tAontas Eorpach ag saothrú straitéis 'an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip' uaidh. Cuid dhílis den straitéis sin is ea an geilleagar ciorclach. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAontas Eorpach an Dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach uaidh. Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire an chéad Straitéis uile-rialtais don Gheilleagar Ciorclach uaithi i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don phobal ar an gcur chuige foriomlán a ghlacann an rialtas i leith an gheilleagair chiorclaigh.

Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach, 2022, níos faide fós tríd an gcur chuige beartais sin a aistriú ina cheanglas reachtúil. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca reachtúil riachtanach ag gníomhartha éagsúla lena neartófar forfheidhmiú dramhaíola i ndáil le dumpáil mhídhleathach agus le bruscar a chaitheamh, amhail trína chumasú gur féidir úsáid a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bhaint as TCI agus teicneolaíochtaí eile i ngníomhartha forfheidhmiúcháin. Is é an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach an creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Leis an Acht seo, déantar an Straitéis sin, agus an gealltanas go ndéanfaí aistriú chuig geilleagar ciorclach, a chur ar bhonn reachtúil soiléir. Cuirfear an Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach (a n-oibríonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é) ar an mbonn reachtúil céanna.