English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Stáit Jack Chambers fadú chonradh Eircode

  • Fadaíodh an conradh le Capita Business Support Services Ireland go ceann trí bliana eile

An tAire Stáit Jack Chambers, a bhfuil freagracht speisialta air as Éirchóid sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, d’fhógair sé inniu gur fadaíodh an conradh le haghaidh Sealbhóir Ceadúnais Bainistíochta Postchód idir an Roinn agus Capita Business Support Services Ireland go ceann trí bliana eile.

Ag trádáil dó mar Eircode, dámhadh an conradh le haghaidh an Córas Náisiúnta Postchód a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a oibriú do Capita Business Support Services Ireland i mí Dheireadh Fómhair 2013. Ceann de na príomhchúiseanna ar tugadh Éirchóid isteach ba ea déileáil leis na dúshláin a bhaineann le seoltaí neamhuathúla in Éirinn. Áirítear leo sin na deacrachtaí a dtagann na seirbhísí éigeandála orthu agus iad ag iarraidh seoltaí a aimsiú toisc go gcomhroinneann 35% de na réadmhaoine uile sa stát seoladh le réadmhaoine eile. Is é sin an figiúr is airde san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus tá tionchar diúltach ar leith aige ar dhaoine agus gnólachtaí i gceantar tuaithe na hÉireann a dteastaíonn rochtain níos fearr ar earraí agus ar sheirbhísí uathu.

Ó thabhairt isteach na nÉirchód i leith, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le hÉirchóid a chur chun feidhme ar fud na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus i measc an phobail.

Ón seoladh i mí Iúil 2015 i leith:

  • Rinneadh 154.6 milliún cuardach ar an Aimsitheoir ón seoladh i leith
  • Rinneadh 2.1 milliún cuardach ar an meán in aghaidh na míosa agus 25.3 milliún cuardach san iomlán sa bhliain 2022
  • Rinneadh 2.5 milliún cuardach ar an meán in aghaidh na míosa agus 30.5 milliún cuardach san iomlán sa bhliain 2021
  • Sannadh Éirchód do 32,190 seoladh sa bhliain 2021
  • Sannadh Éirchód do 38,851 seoladh sa bhliain 2022
  • Fuair 229.8k seoladh Éirchód ó sheoladh an tionscadail i leith

Faoi dheireadh mhí Lúnasa 2023, bhí 2,387 gcinn d’eagraíochtaí gnó agus de Ghníomhaireachtaí Stáit ag ceadúnú Éirchóid laistigh dá gcórais ghnó agus dá n-oibríochtaí gnó thar raon leathan earnálacha. Áirítear leo sin an earnáil lóistíochta agus seachadtaí, an earnáil fóntas, an earnáil óstán, an earnáil teileachumarsáide miondíola, an earnáil árachais, an earnáil airgeadais agus an earnáil loingseoireachta satailíte. Rinne na sé sholáthraí loingseoireachta satailíte is mó ar domhan Éirchóid a chomhtháthú isteach ina gcuid táirgí – i.e., Google Maps, Microsoft (Bing/Nokia Maps), TomTom, HERE Navigation, Garmin agus Apple. Dá bharr sin, cuirtear ar chumas daoine den phobal agus gnólachtaí treoracha a fháil agus seoltaí a aimsiú go cruinn, go háirithe i gceantair thuaithe.

Is díol suntais é gurb amhlaidh, tamaillín tar éis an tionscadal Éirchód a sheoladh, a chomhtháthaigh an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna Éirchóid isteach ina córas seachadta ríomhchuidithe agus tugann sí spreagadh gníomhach do dhaoine a bhfuil otharcharr éigeandála á lorg acu a nÉirchód a bheith ar láimh acu chun é a thabhairt do fhreagraí an ghlao.

Ag labhairt dó faoin bhforbairt an-dearfach seo, dúirt an tAire Chambers:

"Ó uair a seolta i leith, bíonn an úsáid a bhaintear astu mar chuid de sheoladh ag méadú agus úsáidtear iad go leathan i measc an phobail, i measc gnólachtaí agus ar fud na hearnála poiblí. Is féidir é sin a fheiceáil i dtaighde neamhspleách agus san úsáid atá á baint as Eircode Finder, ar suíomh gréasáin é a ndearnadh 154 mhilliún cuardach air óna sheoladh i leith. Sa bhliain 2020, taispeánadh i dtaighde neamhspleách a rinne Amárach Research go raibh 93.3% de fhreagraithe in ann Éirchód bailíochtaithe a sholáthar le haghaidh a seolta.

"Ag trádáil dó mar Eircode, tá Capita Business Support Services Ireland ag imirt ról tábhachtach i rath na nÉirchód agus táim ag súil lenár gcomhpháirtíocht leantach."

Dúirt Gillian Chamberlain, Stiúrthóir Bainistíochta Capita Ireland:

"Tá ríméad orainn go mbeimid ag leanúint d’obair i gcomhpháirt leis an rialtas chun an tseirbhís ríthábhachtach seo a sholáthar thar ceann mhuintir na hÉireann. Is é atá san úsáid fhorleathan atá á baint as Éirchóid in Éirinn agus sa ghlacadh forleathan leo ná fianaise ar an dóigh rathúil a bhfuilimid ag bainistiú ár sainchúraim agus ar an gcomhpháirtíocht chuiditheach atá ar bun againn leis an Roinn."

Ba chonradh deich mbliana é an conradh a dámhadh do Capita Business Services sa bhliain 2013 agus bhíothas in ann é a fhadú go ceann cúig bliana eile – de réir rogha an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH