English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Feachtas feasachta i leith na cibearshlándála chun díriú ar rioscaí bogearraí éirice

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth TD, feachtas feasachta poiblí le haghaidh Mhí na Cibearshlándála (Mí Dheireadh Fómhair) inniu. Tabharfar eolas agus leideanna san fheachtas chun feasacht a ardú maidir leis na fadhbanna slándála atá roimh shaoránaigh i dtaca le digitiú an tsaoil laethúil.

Cuirfidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána an téama 'Bí Cibearshlán ón mBaile' chun cinn, agus béim ar leith á cur acu ar na rioscaí a bhaineann le 'Bogearraí éirice’. Foilseofar ábhar a bhaineann le cibearshlándáil le haghaidh an luchta pholaitiúil.

Is é an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála aonad oibriúcháin an Rialtais le haghaidh na slándála líonra agus faisnéise agus is é atá mar phointe teagmhála i gcás eachtra cibearshlándála leis an rialtas nó eachtra cibearshlándála náisiúnta a imríonn tionchar ar an Stát. Freastalaítear ar ghrúpa eagraíochtaí ó Rialtas na hÉireann agus scata soláthraithe an Phríomh-bhonneagair Náisiúnta ó earnálacha ríthábhachtacha amhail earnáil an fhuinnimh, an taistil agus na sláinte.

Is féidir leis an bpobal teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála freisin má cheapann siad gur tharla eachtra cibearshlándála dóibh a d'fhéadfadh tionchar náisiúnta a bheith i gceist leis. Mar sin féin, ba cheart don bhaill an phobail nó gnólachtaí ar íospartaigh cibearchoireachta iad, sa chás gur bhain sé leosan amháin, na heachtraí seo a thuairisciú do na Gardaí.

Príomhthéamaí

Le haghaidh an chéad téama, 'Bí Cibearshlán ón mBaile', cuirfear in iúl don phobal i gcoitinne, do theaghlaigh agus d'fhostaithe an chaoi le bheith cibearshlán nuair théitear ar líne chun scimeáil ar na meáin shóisialta nuair a bhítear ag obair ón mbaile.

Tar éis don ionsaí an-troiblóideach ar bhogearraí éirice a rinneadh ar an gcóras cúram sláinte i mí na Bealtaine, le hábhar tábhachtach feasachta bunaithe ar an dara téama, 'Bogearraí éirice', tabharfar léargas ar na céimeanna a bhíonn i gceist le sraith ionsaithe ar bhogearraí éirice, na tionchair a bhíonn acu, agus na gníomhaíochtaí tábhachtacha is féidir a ghlacadh chun 'an tsraith a bhriseadh' chun ionsaí a stopadh.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Smyth:

"Mar atá feicthe againn le déanaí, tá an-bhagairt roimh eagraíochtaí agus saoránaigh ó chibearchoirpigh atá ag iarraidh cur isteach ar na heagraíochtaí seo le nach mbeidís in ann feidhmiú i gceart chun airgead fuascailte a fháil. Feicimid tithe atá ag éirí níos digitithe agus daoine a bhfuil an rogha acu obair ón mbaile agus an chian-nascacht á úsáid acu. Is bealach tábhachtach é Mí na Cibearshlándála chun feasacht a ardú ar na fadhbanna seo agus le cinntiú go bhfuil eagraíochtaí agus saoránaigh in ann iad féin a chosaint."

I rith Mhí na Cibearshlándála, a bhíonn ar siúl le linn mhí Dheireadh Fómhair, cuirfidh NCSC leideanna ar fáil chun feasacht a ardú maidir leis na topaicí seo a leanas:

Bí Cibearshlán ón mBaile

  • Úsáid pasfhocail láidre, uathúla chun do chuntais ríomhphoist agus meán sóisialta a chosaint
  • Daingnigh do ródaire tríd an bpasfhocal agus SSID réamhshocraithe a athrú

Conas 'an tSraith Ionsaithe ar Bhogearraí éirice’ a bhriseadh

  • Na céimeanna atá i geist le hionsaí ar bhogearraí éirice
  • Bris an tSraith Ionsaithe ar Bhogearraí éirice chun ionsaitheoir a stopadh

Cibearshlándáil le haghaidh Scoileanna

  • Na haisteoirí a mbíonn baint acu le cibear-ionsaithe agus an tionchar a imríonn sé ar scoil
  • Gníomhartha le glacadh chun an baol go dtarlódh cibireachtra a laghdú

Glacfaidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála páirt i gComhdháil Náisiúnta de chuid 'Cyber Ireland' ar an 21 Deireadh Fómhair. Ag Comhdháil Náisiúnta de chuid Cyber Ireland, tabharfar deis don phobal cibearshlándála teacht le chéile chun na codanna is fearr dár mbraisle a thaispeáint, chun na dúshláin chibearshlándála atá roimh thionscal agus roimh an tír a phlé agus chun béim a leagan ar réitigh nuálacha ó Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Beidh an Roinn Dlí agus Cirt agus An Garda Síochána ag seoladh roinnt tionscnamh sna seachtainí atá romhainn chun tacú le Mí na Cibearshlándála.

CRÍOCH


Nótaí chuig an eagarthóir

Comhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise Mí Eorpach na Cibearshlándála agus bíonn sé ar siúl gach bliain i mí Dheireadh Fómhair. Is féidir teacht ar phreasráiteas na Gníomhaireachta Eorpaigh um Shlándáil Líonra agus Faisnéise le haghaidh Mhí Eorpach na Cibearshlándála anseo: Ag teacht le chéile chun feasacht a ardú maidir le cibearbhagairtí: Mí Eorpach na Cibearshlándála 2021.

Tacaíonn na Ballstáit ar fud na hEorpa leis an bhfeachtas, a eagraíonn cuid mhór gníomhaíochtaí: comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir gréasáin san áireamh. Scaipeann siad ábhar a bhaineann leis an ardú feasachta agus le dea-chleachtais chun an chibearshlándáil agus an cibearshláinteachas a chur chun cinn. I mí Dheireadh Fómhair, roinnfidh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ábhar ón nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise ar dhá théama - 'Bí Cibearshábháilte ón mBaile' agus 'an Cibear-gharchabhair’.

Bíonn baint ag Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála na hÉireann le roinnt tascanna cuimsitheacha a bhaineann leis an gcibearshlándáil, agus an phríomhbhéim á cur ar líonraí an Rialtais agus an Príomh-bhonneagar Náisiúnta a dhaingniú. Cuimsítear Foireann Freagartha Náisiúnta/an Rialtais i gcás Eachtra Slándáil Ríomhaireachta an Stáit (CSIRT-IE).