Feachtas feasachta poiblí fógartha ag an Aire Ryan chun truailliú aeir ó dhóiteáin bhreosla sholadaigh sa bhaile a laghdú an geimhreadh seo
- Foilsithe: 19 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, feachtas feasachta poiblí ar 'ABC' an Aeir Níos Glaine an Gheimhreadh seo.
I gcás an tséasúir téimh seo, iarrtar ar dhaoine díriú ar thrí chéim shimplí – chun caighdeán aeir níos fearr agus sláinte níos fearr do chách a bhaint amach trí thruailliú aeir ó dhóiteáin tí a laghdú le linn an gheimhridh atá romhainn.
Tá an feachtas seo dírithe ar thrí chroítheachtaireacht – ‘ABC’ d’Aer Níos Glaine. Is féidir leo sin cabhrú chun feabhas suntasach a chur ar chaighdeán an aeir:
A – Fiafraigh díot féin: “An gá dom tine a lasadh?" Bain úsáid as foinsí eile teasa atá níos glaine ina ionad más féidir
B – Breoslaí níos glaine, níos éifeachtúla agus deatach íseal a dhó agus a chinntiú go n-úsáideann tú an breosla ceart do d'fhearas
C – Do shimléir agus d’fhearais téimh a ghlanadh agus a chothabháil uair amháin sa bhliain ar a laghad
Is iad dóiteáin baile an phríomhfhoinse de thruailleán aeir ar a dtugtar ábhar cáithníneach sármín (ar a dtugtar PM2.5 freisin). Tá an truailleán seo nasctha le tuairim is 1,300 bás in Éirinn gach bliain. Trí na céimeanna simplí sin a ghlacadh, is féidir le daoine cabhrú le sláinte daoine atá i mbaol ar leith ó thruailliú aeir a chosaint, amhail daoine a bhfuil plúchadh orthu, leanaí agus daoine scothaosta.
Tá an feachtas feasachta á sheoladh roimh chur i bhfeidhm an Rialáil nua Breosla Soladach a thiocfaidh i bhfeidhm do shéasúr téite 2022. Go dtí seo, bhí rialachán i dtaca le gual íseal deatach i roinnt cathracha agus sráidbhailte ar fud na tíre agus níor bhain leo uilig. Bainfidh na rialaithe nua leis an tír in iomlán agus le rogha leathan bresola.
Dúirt an tAire Ryan:
"Nuair a cuireadh an Rialtas seo ar bun, thugamar gealltanas dul i ngleic le truailliú aeir de bharr dó breosla sholadaigh sa bhaile, agus táimid tiomanta i gcónaí é sin a dhéanamh. Ghlacamar céim mhór níos luaithe i mbliana, le comhairliúchán poiblí maidir le rialacháin nua maidir le breoslaí soladacha a fhorbairt d'Éirinn. Fuaireamar níos mó ná 3,500 freagra thar gach sraith den chomhairliúchán, le raon leathan cineálacha cur chuige rialála atá molta do bhreoslaí soladacha. Tar éis breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí a rinne an pobal, saineolaithe sláinte agus grúpaí abhcóideachta, an saol acadúil agus an tionscal, tá creat reachtaíochta á fhorbairt agus tá na rialacháin á ndréachtú. Is é an sprioc atá againn feabhas a chur ar shláinte an phobail trína chinntiú go n-athróidh daoine go rialacha níos ísle maidir le deatach agus go ndéantar an margadh a rialú ar bhonn náisiúnta."
Tá an feachtas feasachta á sheoladh roimh chur i bhfeidhm an Rialáil nua Breosla Soladach a thiocfaidh i bhfeidhm do shéasúr téite 2022. Go dtí seo, bhí rialachán i dtaca le gual íseal deatach i roinnt cathracha agus sráidbhailte ar fud na tíre agus níor bhain leo uilig. Bainfidh na rialaithe nua leis an tír in iomlán agus le rogha leathan bresola.
Ó mhí Mheán Fómhair 2022 ar aghaidh, beidh feidhm ag na caighdeáin nua seo a leanas maidir le breoslaí soladacha in Éirinn:
- Is gá go mbeadh ráta astaíochta deataigh níos lú ná 10 g/uair an chloig a bheith ag gual, táirgí gualbhunaithe, aon bhreosla soladach monaraithe nó brícíní móna, ag laghdú go 5g/uair an chloig faoi 2025
- Níl sé beartaithe aon athrú a dhéanamh ar an ráta astaíochta deataigh do tháirgí bithmhaise (ina bhfuil gual), mar tá sé seo socraithe cheana féin ag 5g/hr
- Déanfar an cion sulfair atá ceadaithe i gcás na mbreoslaí go léir a laghdú ó 2% go 1% le himeacht ama
- Ní mór cion taise 25 % nó níos lú a bheith ag adhmad a dhíoltar in aonaid aonair faoi bhun 2 m³ (ag gluaiseacht go 20 % laistigh de 4 bliain) agus beidh gá le hadhmad fliuch a dhíoltar thar na méideanna sin le treoracha a thabhairt don cheannaitheoir maidir leis an adhmad seo a thriomú
- D’fhonn freastal orthu siúd a bhfuil cearta acu móin fhód a bhaint, ní thabharfar isteach aon chosc ar a dhó. Tá córas rialála á scrúdú, áfach, chun a dhochar i limistéir níos uirbithe a laghdú
Tabharfar na rialacháin sin chun críche sna míonna amach romhainn agus beidh siad i bhfeidhm do shéasúr téimh 2022. Tá siad fógartha cheana féin chun ligean dóibh siúd a dhéanann freastal ar an margadh breosla sholadaigh pleanáil dá réir agus leanúint ag infheistiú i roghanna eile nach bhfuil chomh truaillitheach.
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Níl aon rogha eile ar Úsáid Bhreosla Sholadaigh
Mura bhfuil aon rogha eile ag teaghlaigh, ba cheart dóibh leanúint dá dtine a lasadh nuair is gá dóibh. Is é go bhfuilimid ag iarraidh orthu smaoineamh ar a rogha breosla agus roghanna íseal deataigh a úsáid mar atá leagtha amach i ngrafaic faisnéise an EPA.
Leagtar béim sa ghrafaic faisnéise seo ar raon roghanna téimh ón gcuid is mó go dtí an leibhéal is lú truaillithe. Ba mhaith linn a iarraidh ar gach duine a mheas más féidir, úsáid a bhaint as modhanna teasa níos lú truaillithe a bheith ar fáil dóibh, sula smaoinímid ar thine a lasadh.
Má lasann teaghlaigh tine uaireanta ar mhaithe le bheith teolaú nó le haghaidh comhthimpeallachta chomh maith le ceann de na foinsí eile téimh a úsáid, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach caighdéan an aeir ina gceantar a scrúdú, go háirithe ar laethanta ina bhfuil an t-aer ina thost agus níl aon ghaoth ann chun cabhrú leis an deatach a scaipeadh óna simléar. Tá eolas faoi chaighdéan an aeir i roinnt ceantar áitiúil ar fáil ar www.airquality.ie.
Céimeanna Eile
San fhadtéarma, d’fhéadfadh iarfheistiú tí ionas go bhfuil sé níos fearr inslithe agus níos éifeachtaí ó thaobh teasa de a bheith ina rogha. Is féidir le teaghlaigh é sin a dhéanamh i gcéimeanna – ag díriú ar na roghanna is fearr dá dteach féin chun an oiread teasa agus is féidir a choinneáil ina dteach féin.
Tá comhairle, deontais agus tacaíochtaí uilig ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Féach ar www.seai.ie chun tuilleadh sonraí a fháil.
Naisc Úsáideacha
An Léarscáil maidir le Caighdéan an Aeir ina soláthraítear an fhaisnéis is déanaí maidir le caighdéan an aeir i réimsí áirithe: www.Airquality.ie.
Doiciméad Ceisteanna Coitianta do shealbhóirí tí ar fáil anois
Tá doiciméad Ceisteanna Coitianta do mhiondíoltóirí agus do sholáthraithe ar fáil anois
Tá léarscáil idirghníomhach de Chriosanna Íseal Deataigh, lena n-áirítear áis chuardaigh Eircode chun cur ar chumas an úsáideora a chinneadh an bhfuil áitreabh ar leith clúdaithe ag an gcosc, ar fáil
Tionchair Sláinte an Bhreosla Sholadaigh
Is ábhar mór imní ar leibhéal domhanda í caighdeán an aeir agus meastar gurb í an riosca comhshaoil is suntasaí do shláinte an duine í. Ó na 1990idí i leith, tá naisc léirithe ag taighde leighis idir truailliú aeir agus tionchair ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha ar shláinte, lena n-áirítear tinneas cinn, deacracht análaithe, greannú súl, agus méadú ar dhálaí riospráide agus leibhéil mhéadaithe strócanna, ailse, agus galair riospráide agus chardashoithíocha.
Léiríonn an tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir le Cáilíocht Aeir in Eoraip 2020 go raibh 1,410 bás réamhaibí ag eascairt as truailliú aeir in Éirinn in 2018. Bhí formhór mór na mbásanna sin (1,300) inchurtha i leith mínábhar cáithníneach (PM2.5). Léirítear sa tuarascáil chéanna 16,200 Bliain Bheo Caillte, rud a léiríonn básmhaireacht i bhfad níos luaithe i gcás na mbásanna sin.
Aithnítear gur bealach é breosla soladach a rialáil chun aghaidh a thabhairt air sin. Léiríonn taighde go raibh thart ar 350 bás níos lú in aghaidh na bliana mar thoradh ar thabhairt isteach an “toirmeasc ar ghual toiteach” i mBaile Átha Cliath in 1990, rud a laghdaigh básmhaireacht chardashoithíoch, cheirbreashoithíoch agus riospráide sa daonra i gcoitinne.
Costais breoslaí soladacha
Bíonn ar dhaoine a dtithe a théamh agus léiritear imní uaireanta faoin tionchar costais a bhíonn ag tuilleadh rialála breosla sholadaigh ar theaghlaigh ar ioncam íseal nach bhfuil sé d’acmhainn acu a gcórais téimh a uasghrádú. Foilsíonn SEAI tuarascáil comparáide idir Costais Fuinnimh Tí gach trí mhí, áfach, agus léiríonn an ceann is déanaí gurb é an gual íseal deatach (ubhchróidigh) an rogha is éifeachtúla ó thaobh costais de i dtaca leis an teas a sheachadtar in aghaidh gach cent, agus is é an dara ceann is éifeachtúla ó thaobh costais de:
Breosla | Cent/kWh |
Scoth Ghual (mála) | 6.97 |
Gual Caighdeánach (mála) | 6.83 |
Ubhchruthaigh íseal deatach (mála) | 6.26 |