English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Rialtas tuarascáil Chéim I ar an Athbhreithniú ar Úsáid Talún

D’fhoilsigh an Rialtas tuarascáil Chéim I ar an Athbhreithniú ar Úsáid Talún inniu, rud ina soláthraítear bonn fianaise chun a chinneadh cé na saintréithe comhshaoil, éiceolaíocha agus eacnamaíocha atá ag na cineálacha talún atá ann ar fud na hÉireann.

Sa réamh-athbhreithniú sin, bailíodh fianaise faoi gheallsealbhóirí, faoin mbeartas atá ann cheana agus faoi shaintréithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na húsáide talún go dtí seo. Tugtar ann léargas iomlánaíoch ar phatrúin reatha úsáide talún ar mhaithe le beartais agus bearta amach anseo a mhúnlú.

Is é príomhchuspóir na tuarascála ná bonn eolais a chur faoi Chéim II den Athbhreithniú ar Úsáid Talún, rud ina gcuirfear leis an bhfianaise a bailíodh cheana féin. Chomhaontaigh an Rialtas an creat le haghaidh Chéim II a sholáthar, agus tosófar ar an obair sin sna seachtainí atá romhainn. Sa chéim sin, déanfar breithniú i gcomhairle le gach geallsealbhóir ar na beartais, na bearta agus na gníomhartha is gá a dhéanamh – i gcomhthéacs mhórchuspóirí geilleagracha, sóisialta agus aeráide an Rialtais.

Rud ríthábhachtach, is é atá i dtuarascáil Chéim I ná moltaí faoi conas is féidir linn feabhas a chur ar ár mbonn fianaise, rud a bheidh riachtanach chun beartais agus bearta a fhorbairt le haghaidh úsáid talún a bharrfheabhsú i gCéim II. Tá na moltaí teicniúla atá i dtuarascáil Chéim I dírithe ar na nithe is gá a chur i bhfeidhm chun gur féidir tuilleadh faireacháin agus léarscáilithe a dhéanamh ar an bhfianaise a bailíodh agus chun gur féidir an fhianaise sin a chur i bhfeidhm ar deireadh.

Ríomhtar sa chéad chéim den athbhreithniú ar úsáid talún go bhfuil 78% de thalamh na hÉireann faoi úinéireacht phríobháideach agus go bhfuil 8% faoi úinéireacht phoiblí. Mar thoradh ar laigí sna sonraí, ní rabhthas in ann 14% den talamh sin a shannadh do cheachtar catagóir ar bhealach sách cinnte.

Léirítear in anailís réigiúnach ar chumhdach talún go bhfuil difríochtaí láidre ann maidir le dáileadh a lán catagóirí cumhdaigh talún. Mar shampla, is airde an sciar de thalamh curaíochta agus de thalamh bonneagair (mar shampla: limistéir uirbeacha agus dromchlaí saorga eile) in Oirthear agus Oirdheisceart na tíre ná in áiteanna eile. Ag an am céanna, tá na catagóirí cumhdaigh talún a bhfuil an ceangal is mó acu le hardluach bithéagsúlachta le fáil go príomha i réigiúin na Teorann, an Iarthair agus an Iarthair Láir.

Tá Tuarascáil Sintéise Chéim I ar an Athbhreithniú Fianaise ar Úsáid Talún agus na tuarascálacha gaolmhara ar fáil ar gov.ie.

CRÍOCH