Foilsíonn an tAire Ryan agus an tAire O’Gorman an Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Fáiltíonn an tAire Eamon Ryan agus an tAire Roderic O’Gorman roimh fhoilsiú comhpháirteach na tuarascála ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid
D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023. Is é atá sa tuarascáil seo ná cuid dhílis den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus den Phlean Gníomhaithe bliantúil ar son na hAeráide ón rialtas.
Sa tuarascáil seo, cuirtear i láthair na moltaí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid lena mbreithniú don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ó Éirinn. Baineann na príomh-mholtaí ón Tionól Óige leis na réimsí seo a leanas: an t-iompar inbhuanaithe, an geilleagar ciorclach agus cumarsáid, caidreamh, agus litearthacht aeráide.
Sa tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, tugtar taifead mionsonraithe ar phlé an tionóil, gabhtar tuairimí na ndaoine óga ó áiteanna ar fud na hÉireann agus léirítear na hábhair imní atá ag daoine óga maidir le saincheisteanna aeráide.
D’iarr na toscairí ag an tionól ar an Rialtas an líon bealaí ar an iompar poiblí a mhéadú, tuilleadh dreasachtaí a thabhairt do dhaoine an t-iompar poiblí a úsáid, taraif nó cáin a chur ar mhearfhaisean, agus tacú le gnólachtaí iarracht a dhéanamh táirgí a dheisiú agus a athúsáid. Mhol siad freisin go dtabharfaí clár oideachais aeráide isteach do dhaoine de gach aois agus go bhforbrófaí straitéis chomhtháite meán agus cumarsáide maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is ar áireamh sa tuarascáil atá moltaí mionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht a dhéanamh sna réimsí sin.
D’fháiltigh an tAire Ryan roimh fhoilsiú na tuarascála:
"Tá an t-athrú aeráide ar an dúshlán is mó atá le sárú againn, agus tá sé ríthábhachtach go n-éistfimis le glór daoine óga maidir le conas a mhúnlóimid ár dtodhchaí inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh carbóin de. Tá na toscairí ag an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh chun a chinntiú go n-aistreoidh Éire chuig todhchaí níos glaine agus níos glaise, agus gabhaim buíochas leo as na moltaí seo a dhéanamh, a bhreithneofar mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024."
D’fháiltigh an tAire O’Gorman freisin roimh an bhfoilseachán agus na moltaí ón tionól, agus é ag rá:
"Gealladh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ón Rialtas Tionól Óige um an Aeráid a chomóradh. Bhí lúcháir orm comhoibriú leis an Aire Eamon Ryan, comhghleacaí de mo chuid, chun an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023 a óstáil i mo Roinn ag Plaza Miesach. Tá an tuarascáil seo ina taifead tábhachtach ar na tuairimí atá ag daoine óga sa tír seo maidir le conas is féidir linn aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Táim ag tnúth le hobair i gcomhar leis an Aire Ryan chun a chinntiú gur féidir leis na moltaí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023 cur leis an mBeartas Rialtais ar an tsaincheist an-tábhachtach seo."
Tá an Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Bunú Thionól Óige Náisiúnta na hÉireann
Bhunaigh an Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann. Gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2020 ba ea tionóil óige a bhunú. Gníomhaíonn an tionól mar fhóram comhairleach do leanaí agus daoine óga idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ar a bpléitear na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Fónann sé mar mhodh córasach le haghaidh tuairimí daoine óga in Éirinn a ghabháil agus na tuairimí sin a chur ar aghaidh go díreach lena mbreithniú le linn beartas Rialtais a fhorbairt.
Is é is an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ann ná fóram mar a dtugtar deis do dhaoine óga idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ó áiteanna ar fud na tíre moltaí a dhéanamh go díreach don Rialtas chun bonn eolais a chur faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Tá thart ar 60 toscaire óg ó Chomhairle na nÓg, ó eagraíochtaí éagsúla óige agus ó eagraíochtaí aeráide ag cur a gcuid smaointe agus moltaí in iúl ag an tionól. Trí thuairimí daoine óga a fháil, soláthraíonn Tionól Óige Náisiúnta na hÉireann léargas ar roinnt de na hábhair imní atá ag daoine óga, agus cabhraíonn sé leis an Rialtas dul i mbun gnímh de bhun na réiteach féideartha a mholann daoine óga.
Tagann an tionól le chéile suas le ceithre huaire sa bhliain chun saincheisteanna difriúla a phlé. I measc na gcruinnithe sin tá cruinniú bliantúil mar Thionól Óige um an Aeráid. Gníomhaíonn an Tionól Óige um an Aeráid mar uirlis le haghaidh idirphlé, agus forbróidh sé moltaí ó dhaoine óga lena gcur ar áireamh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ón Rialtas. Cuireadh an chéad Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar siúl ar líne an 2 Márta 2022. Cuireadh an dara Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar siúl an 11 Márta 2023.
Glór na leanaí agus na ndaoine óga
Faoi Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, geallann Éire go dtabharfaidh sí deis do leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh sa chinnteoireacht agus ionchur a bheith acu sna cinntí a dhéanann difear dá saol. Cinntíonn an pháirt leantach a ghlacann daoine óga i dtionóil óige amhail an Tionól Óige um an Aeráid gur féidir linn tuairimí leanaí agus daoine óga a chur san áireamh le linn seirbhísí áitiúla agus náisiúnta agus beartais áitiúla agus náisiúnta araon a fhorbairt.
Tosaíocht don Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige is ea tuairimí an linbh a chur ar áireamh sa chinnteoireacht, agus imríonn sí ról tábhachtach i stiúradh a dhéanamh ar iarrachtaí an Rialtais a chinntiú go mbíonn ionchur ag leanaí agus daoine óga sna cinntí a dhéanann difear dá saol.
Oibríonn an Oifig Rannpháirtíochta Náisiúnta sa Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige ar fud an Rialtais áitiúil agus an Rialtais náisiúnta chun struchtúir a thógáil, a fhorbairt agus a chothú chun go mbeidh leanaí agus daoine óga in ann páirt fhiúntach a ghlacadh sa chinnteoireacht ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta.
An tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide
Gné bhunúsach d’uaillmhianta an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 a bhaint amach is ea gach duine sa tsochaí a spreagadh agus a chumhachtú chun réitigh atá ábhartha dóibh a chruthú i gcomhpháirt.
An príomhshásra trína soláthraítear gníomhartha aeráide a bhaineann le caidreamh poiblí, le rannpháirtíocht, le gníomhaíocht phobail, le líonrú agus le gníomhaíochtaí forbartha acmhainne in Éirinn is ea an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus faigheann sé tacaíocht rúnaíochta ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Tá ceithre phríomhchuspóir ag an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide:
- an fheasacht ar an athrú aeráide a mhéadú, bunaithe ar an bhfianaise
- clár cuimsitheach caidrimh a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin mbeartas aeráide
- litearthacht aeráide a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an gcumas atá ag daoine chun dul i mbun gnímh
- daoine a chumhachtú chun dea-athruithe iompraíochta a dhéanamh lena gcuirfear feabhas ar a gcáilíocht beatha
Garsprioc shuntasach i gclár an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide is ea an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid.