Foilsíonn an tAire Ryan an dara Creat Náisiúnta Oiriúnaithe reachtúil ó Éirinn
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá tionchair an athraithe aeráide le feiceáil cheana féin – is don am i láthair agus don am atá le teacht araon atá an straitéis oiriúnaithe seo, arsa an tAire
D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu (an 5 Meitheamh) an dara Creat Náisiúnta Oiriúnaithe ó Éirinn.
Leagtar amach sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua impleachtaí féideartha an athraithe aeráide d’Éirinn agus tugtar breac-chuntas ann ar an straitéis náisiúnta le haghaidh bearta oiriúnaithe a fhorbairt.
Leis an gCreat, ceanglófar ar ranna rialtais, ar sholáthraithe bonneagair agus ar údaráis áitiúla timthriall nua de Phleananna Oiriúnaithe a ullmhú le haghaidh earnálacha ríthábhachtacha amhail an Talmhaíocht, an Fhoraoiseacht, an Bhithéagsúlacht, an tIompar, an Bhainistíocht Riosca Tuilte agus, den chéad uair riamh, an Turasóireacht. Ar leibhéal an údaráis áitiúil, áireofar leis sin criosú agus an gá le féachaint chuige go seasfaidh forbairt an aimsir.
Is ríshoiléir cheana féin atá tionchair an athraithe aeráide. Mar shampla, d’fhág báisteach dhianseasmhach throm thar mhíonna an gheimhridh agus an earraigh goirt faoi uisce ar fud na tíre, agus í ag déanamh difear do tháirgeadh bia agus d’ioncam. Rinne sí damáiste do bhóithre freisin, agus í ag géarú ar sclaigeanna agus ar thitim anuas cosán. Le linn Stoirm Babet, tharla báisteach fhíorthrom, rud ba chúis le maidhmeanna tuile millteacha, go háirithe i nDeisceart agus Oirthear na tíre. Bíonn an t-athrú aeráide ag tarlú go ciúin amach ó na ceannlínte freisin, áfach. Le linn tonn teasa muirí dian amach ó chósta thiar na hÉireann, shroich teochtaí dromchla mara teocht a bhí 5.5 céim níos airde ná an ghnáth-theocht, agus impleachtaí ann don bhithéagsúlacht agus don adhaimsir. I mbliana, táthar ag rianú teochtaí mara atá níos airde fós. Bíonn leibhéil na mara ag ardú ar ráta scanrúil, rud a d’fhéadfadh an-chuid de chathracha agus bailte cósta na hÉireann a chur i mbaol.
Mheas Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (IFAC) go bhféadfadh gurbh ionann na costais a bhaineann le heachtraí adhaimsire agus thart ar leathbhilliún euro in aghaidh na bliana. Mar sin de, b’ionann na costais idir seo agus an bhliain 2030 agus tuairim is €3 billiún – agus ní bhaineann an figiúr sin ach le déileáil le glanadh suas tar éis eachtraí amhail tuilte. Tugtar le fios i meastacháin eile go mbeidh na costais níos airde fós. Tugtar le tuiscint sa tuarascáil don bhliain 2024 ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar Mheasúnú na hÉireann ar an Athrú Aeráide (ICCA), mar shampla, go bhféadfadh go gcosnódh tuilte suas le €1 billiún in aghaidh na heachtra ar Chathair Luimnigh. Luaitear inti gur gá infheistíocht throm a dhéanamh sa bhonneagar uisce agus leictreachais chun go mbeifear in ann seirbhísí a sholáthar fós i gcásanna adhaeráide níos déine. Moltar inti freisin gur gá dúinn ullmhú do lotnaidí neamhdhúchasacha nua, do mhéadú suntasach in athraitheacht na haeráide agus do thionchar na haeráide ar tháirgeacht talmhaíochta.
Ní chuirtear san áireamh ansin an t-ardchostas do shealbhóirí tí, do phobail agus d’fheirmeoirí. Dá bhrí sin, luann IFAC freisin go mbeadh costais oiriúnaithe is mó ná an ríomh reatha le híoc chun na rioscaí sin a theorannú. Tugtar breac-chuntas sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe nua ar an ngá le measúnú a dhéanamh ar na riachtanais infheistíochta atá ag baint leis an oiriúnú, agus iad curtha in ord tosaíochta, chun a chainníochtú cad atá ag teastáil chun Éire a dhéanamh athléimneach faoin mbliain 2050 agus ina diaidh.
Dúirt an tAire Ryan:
“Tá na dúshláin a eascraíonn as an athrú aeráide ina ndúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh, maidir le scála féideartha na dtionchar agus maidir leis an mbunathrú a theastaíonn chun ullmhú dóibh araon. Is maith is eol dúinn na tionchair is féidir leis an athrú aeráide a imirt ar ár ngeilleagar agus ar ár sochaí – chonaiceamar na tionchair sin sna stoirmeacha troma, sa bháisteach dhianseasmhach agus sna tuilte sa bhliain 2023 agus sna míonna tosaigh den bhliain 2024. Ní hé amháin go mbaineann ár bhfreagairt don athrú aeráide le déileáil le tionchair a thiocfaidh chun cinn amach anseo – ní mór dúinn freisin bheith ullmhaithe don am i láthair agus do na dúshláin níos láithrí a thiocfaidh chun cinn.
"Cé gur rud dúshlánach ann féin é an t-athrú aeráide, is rud atá chomh dúshlánach céanna é an t-oiriúnú. Éileofar leis ar gach earnáil, ar gach cuideachta fóntais agus ar gach údarás áitiúil pleanáil go dian le haghaidh eachtraí adhaimsire a bheidh níos déine, ar eachtraí iad nach mbeifear in ann a sheachaint. Ar leibhéal an údaráis áitiúil, folóidh sé sin na dóigheanna a ndéanfaimid criosú agus forbairt as seo amach. Ní mór dúinn freisin dul amach ón smaoineamh nach mbaineann an bonneagar oiriúnaithe ach amháin le cruach agus le coincréit. Teastaíonn cosaintí láidre uainn. Ní mór dúinn freisin, áfach, ár súile a oscailt don fhíric gur príomhchosaint ó thaobh tuilte agus tuilemhánna de í réitigh dhúlrabhunaithe a úsáid chun cabhrú leis an dúlra sinn a chosaint. Mar ghníomh láithreach, ba cheart dúinn tabhairt faoi phróiseas a mbeidh sé i gceist leis ár gcathracha a ghlasú agus crainn a chur ar gach sráid, beagnach. Is é an toradh a bheidh air sin ná go maolófar tuilte, go gcuirfear feabhas ar ár n-aer agus go laghdófar tionchar an teasa."
Táthar ag súil go bhfógróidh Clár Copernicus: an tSeirbhís um an Athrú Aeráide ón Aontas Eorpach ar ball gurbh í mí na Bealtaine 2024 an 12ú mí as a chéile atá ar an mí ba theo ar taifead. In Éirinn, deimhnítear i sonraí ó Met Éireann gurbh í an bhliain 2023 an bhliain ba theo ar taifead. Bhí Meitheamh 2023 níos mó ná leath céime níos teo ná an Meitheamh is teo roimhe sin ar taifead (1940). Bhí Iúil 2023 ar an Iúil is fliche ar taifead riamh in Éirinn freisin, agus é ceithre huaire níos fliche ná Iúil 2022.
Léirítear i mbreathnóireachtaí go mbíonn aeráid na hÉireann ag athrú freisin i ndáil le hardú ar leibhéal na farraige; i ndáil le méaduithe sa mheánteocht; i ndáil le hathruithe i bpatrúin frasaíochta; agus i ndáil le heachtraí foircneacha aimsire. Tá scála agus ráta breathnaithe an athraithe ag teacht le treochtaí réigiúnacha agus domhanda, agus tá sé réamh-mheasta go leanfaidh na hathruithe sin ar aghaidh agus go méadóidh siad go ceann i bhfad. Tá staidéir in ann anois tomhas a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn an t-athrú aeráide le heachtraí adhaimsire, á léiriú conas atá sé ag déanamh a lán eachtraí den sórt sin níos déine agus níos contúirtí. Aimsíodh i staidéar a rinne ICARUS (an tAonad um Anailís agus Taighde ar Aeráid na hÉireann) in Ollscoil Mhá Nuad le déanaí gurbh amhlaidh, mar gheall ar an athrú aeráide agus ar an téamh domhanda, a bhí déine méadaithe ab ionann agus thart ar 13% ag an mbáisteach dhian a tharla thar dhá lá an 17 Deireadh Fómhair agus an 18 Deireadh Fómhair 2023 agus ba chúis le tuilte ar fud na tíre, go háirithe i Mainistir na Corann, Contae Chorcaí.
Tá roinnt acmhainní i bhfeidhm anois chun cabhrú le pleanáil oiriúnaithe, agus socraítear leis an gCreat an comhthéacs lena n-aghaidh sin. Áirítear leo sin an acmhainn ar líne Aeráid Éireann, Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Creat Náisiúnta nua do Sheirbhísí Aeráide. De bhreis air sin, tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i gceannas ar an gcéad Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide ó Éirinn riamh, rud lena soláthrófar réamhthorthaí do phríomhearnálacha oiriúnaithe sa bhliain 2024 sula gcuirfear i gcrích é sna míonna tosaigh den bhliain 2025. A bhuí le hacmhainní den sórt sin, soláthrófar uirlisí tacaíochta cinntí agus comhairle chun cabhrú le hearnálacha na freagairtí uathu do thionchair réamh-mheasta an athraithe aeráide a fhorbairt.
Tá an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Cuspóir an Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe
Ullmhaíodh an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nua ar aon dul le ceanglais na nAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021. Is é cuspóir an Chreata ná an comhthéacs beartais a sholáthar le haghaidh freagairt oiriúnaithe straitéisigh i leith an athraithe aeráide; beartais a fhorbairt, agus obair á déanamh i gcomhpháirt le geallsealbhóirí ábhartha; breithniúcháin oiriúnaithe a chomhtháthú isteach i ngach réimse beartais ábhartha; tuiscint ar shaincheisteanna oiriúnaithe a chur chun cinn; cur chun cinn agus cur ar aghaidh a dhéanamh ar fhorbairt na fianaise eolaíche a bhaineann leis an oiriúnú; earnálacha a shainaithint le haghaidh gníomhartha oiriúnaithe; agus gealltanas a thabhairt go ndéanfar gníomhartha chun tacú leis an bpróiseas oiriúnaithe.
Struchtúr an Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe
Tá an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe roinnte ina thrí chaibidil.
I gCaibidil 1, cuirtear an t-oiriúnú don athrú aeráide i gcomhthéacs agus sainítear príomhchoincheapa agus príomhphrionsabail a theastaíonn don oiriúnú in Éirinn agus céimeanna chun timpeallacht cumasúcháin a chruthú le haghaidh na pleanála oiriúnaithe. Déantar achoimre inti freisin ar an dul chun cinn ar an bpleanáil le haghaidh an oiriúnaithe don athrú aeráide in Éirinn go dtí seo, lena n-áirítear reachtaíocht, tionscnaimh ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal an rialtais áitiúil, agus taighde ar oiriúnú don athrú aeráide.
I gCaibidil 2, bunaítear an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nua le haghaidh athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a sholáthar. Tugtar breac-chuntas inti ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh beartais aeráide, taighde, agus pleanála oiriúnaithe earnála agus áitiúla de, agus ar na moltaí ón athbhreithniú ar Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe na bliana 2018, agus leagtar amach ár bhfís le haghaidh Éire atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide. Tugtar breac-chuntas inti ar na róil a bheidh ag príomhghníomhaithe agus dírítear inti ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta um ghníomhaíocht oiriúnaithe a phríomhshruthú isteach i bpríomhearnálacha ainmnithe a fhorbróidh Pleananna Oiriúnaithe Earnála nua (nó nuashonraithe).
I gCaibidil 3, tugtar breac-chuntas ar conas a chuirfear an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe nuashonraithe chun feidhme, lena n-áirítear socruithe rialachais agus tuairiscithe athbhreithnithe, agus ar phríomhghníomhartha náisiúnta a bhfuil dul chun cinn le déanamh orthu faoin gCreat.
Cén ról atá ag an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide sa Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe a ullmhú?
Is é is an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ann ná comhlacht reachtúil neamhspleách a bunaíodh de bhun an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin chun comhairle a chur ar an Aire agus ar an Rialtas maidir leis an athrú aeráide. Tá feidhmeanna sonracha ag an gcomhairle chomhairleach faoin Acht chun moltaí a dhéanamh maidir leis an mbeartas oiriúnaithe.
Soláthraíodh tuairimí na comhairle comhairlí roimh an gcomhairliúchán poiblí ar an Dréacht-Chreat Náisiúnta agus lena linn agus bhí siad mar bhonn eolais faoi ullmhú an Chreata Náisiúnta Oiriúnaithe deiridh. Chomh maith leis sin, soláthróidh an Chomhairle Chomhairleach treoir d’Airí ábhartha maidir le Pleananna Oiriúnaithe Earnála a ullmhú.