English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsítear Treoirlínte maidir le Sonraíochtaí Cibearshlándála

Foilsíonn an tAire Ossian Smyth treoir arna heisiúint i ndáil le riachtanais chibearshlándála dea-chleachtais mar chuid de phróiseas soláthair TFC

D’fhoilsigh Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Treoirlínte maidir le Sonraíochtaí Cibearshlándála (Soláthar TFC le haghaidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí) inniu (an 1 Meitheamh), ar aon dul leis an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-24.

D’ullmhaigh Grant Thornton Ireland na treoirlínte faoi chonradh leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is é atá sa doiciméad seo ná an chéad treoir cibearshlándála riamh a eisíodh chuig Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí in Éirinn i ndáil leis na riachtanais shonracha chibearshlándála dea-chleachtais atá mar chuid de phróiseas soláthair teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC).

D’oibrigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, Grant Thornton agus geallsealbhóirí ábhartha i gcomhar chun doiciméad údarásach dar teideal "Treoirlínte maidir le Sonraíochtaí Cibearshlándála (Soláthar TFC le haghaidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí)" a thiomsú lena dháileadh agus lena úsáid ar fud na Seirbhíse Poiblí. De bhreis air sin, cuirfear an doiciméad seo ar fáil go poiblí chun tacú le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) i gcás go mbeadh ábhair imní chomhchosúla maidir le soláthar cibearshlándála ann.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Smyth:

"Fáiltím roimh fhoilsiú na dTreoirlínte Cibearshlándála le haghaidh Soláthar TFC i gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí. Is é atá anseo ná athrú mór nua maidir le treoir shonrach cibearshlándála a sholáthar chun cabhrú le Comhlachtaí Earnála Poiblí cibear-athléimneacht a leabú isteach ina bpleanáil soláthair TFC agus comhlíonann sé na bearta a leagadh amach roimhe seo sa Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála reatha. Leis na treoirlínte seo, cuirtear leis an treoir reatha ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála chun dea-chleachtais chibearshlándála a chur chun cinn tuilleadh mar bhreithniú lárnach do Chomhlachtaí Earnála Poiblí, agus athléimneacht agus slándáil chórais TF na hearnála poiblí á bhfeabhsú chun na sonraí agus na seirbhísí a mbraitheann daoine orthu a chosaint ar bhealach níos fearr."

Tá an foilseachán seo ina léiriú ar an gcaidreamh le roinnt geallsealbhóirí, lena n-áirítear an rialtas agus na comhlachtaí poiblí, na déantóirí beartas, na rialálaithe, na soláthraithe seirbhíse, na monaróirí agus na saineolaithe cibearshlándála atá ábhartha, agus iad ina sampla ionadaíoch de shaineolaithe ábhair. Is é atá san obair chomhairleach seo ná an chéad treoir cibearshlándála riamh a eisíodh chuig Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí in Éirinn i ndáil leis na sonraíochtaí sonracha cibearshlándála dea-chleachtais atá mar chuid de phróiseas soláthair TFC. Tá na treoirlínte dinimiciúil agus beidh siad faoi réir leasú agus athbhreithniú ar aon dul leis an dea-chleachtas agus le dul chun cinn teicniúil laistigh den éiceachóras TFC.

Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte tuiscint fheabhsaithe a thabhairt d’eagraíochtaí ar na rioscaí cibearshlándála agus na dúshláin chibearshlándála a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu nuair atá siad ag sonrú a riachtanas le haghaidh earraí agus seirbhísí TFC agus, ar an mbealach sin, cabhrú leis an leibhéal feasachta sa réimse sin a mhéadú. Soláthraíonn siad tacar sothuigthe sonraíochtaí ar féidir le Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí tagairt dóibh ar bhealach measartha simplí nuair atá siad ag pleanáil soláthar earraí agus seirbhísí TFC. Tugtar aghaidh leo ar raon réimsí cibearshlándála, lena n-áirítear cleachtais eagraíochtúla, slándáil an tslabhra soláthair (lena n-áirítear rioscaí amhail ligean sonraí, sáruithe slabhra soláthair, agus ionsaithe bogearraí mailíseacha), breithniúcháin mheastóireachta, agus faisnéis fianaithe a d’fhéadfadh a bheith ar sholáthraithe a thabhairt agus iad ag iarraidh earraí agus seirbhísí TFC sholáthar ar fud na céime Pleanála, Foinsithe agus Bainistithe den phróiseas soláthair.

Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte na Caighdeáin Bhonnlíne Chibearshlándála agus na tograí reachtacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí ón Aontas Eorpach a threisiú, lena n-áirítear an Treoir maidir le Slándáil na gCóras Gréasáin agus Faisnéise (NIS) agus an leasú ar Threoir NIS (NIS2) agus an Rialachán maidir le Gníomh an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil. Breithnítear san fhoilseachán freisin na tograí reachtacha leanúnacha ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear an Gníomh um Chibear-Athléimneacht, a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargaidh agus tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí neamhshlána trí rialacha cibearshlándála a leathnú chun an tslándáil ar tháirgí crua-earraí agus bogearraí a mhéadú. Is féidir na treoirlínte a rochtain ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH