Foilsiú athbhreithniú na saineolaithe neamhspleácha ar an Idirnascaire Thuaidh-Theas
- Foilsithe: 21 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an Chomh-aireacht ar a haird inniu athbhreithniú na saineolaithe neamhspleácha ar an Idirnascaire Thuaidh-Theas, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Aimsíodh san athbhreithniú gur bailí fós atá na conclúidí ón athbhreithniú a rinne an Coimisiún Saineolaithe Idirnáisiúnta sa bhliain 2018 ar an gcinneadh chun an tIdirnascaire Thuaidh-Theas a thógáil os cionn na talún.
Leis an Idirnascaire Thuaidh-Theas, nascfar líonraí tarchurtha leictreachais na hÉireann agus Thuaisceart Éireann trí bhíthin idirnascaire ardacmhainne (1500 MW) a bheidh 138 km ar fad. Mar thoradh ar an tionscadal straitéiseach seo, atá á dhéanamh ag EirGrid agus ag SONI i dTuaisceart Éireann, méadófar faoi níos mó ná a dhá oiread an t-aistriú cumhachta idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Meastar é a bheith ríthábhachtach do shlándáil an tsoláthair leictreachais ar fud oileán na hÉireann.
De bhreis air sin, beidh an tIdirnascaire in ann freastal ar ardleibhéal fuinnimh inathnuaite ar an gcóras leictreachais, rud a bhainfeadh carbón dár n-eangach leictreachais agus a rannchuideodh le baint amach chuspóirí aeráide na hÉireann.
Toradh eile a bheidh ar an tionscadal ríthábhachtach bonneagair seo is ea go laghdófar an costas leictreachais do thomhaltóirí ar an oileán trí oibriú níos éifeachtúla an Mhargaidh Leictreachais Aonair a chinntiú, agus é réamh-mheasta gurbh fhiú na coigiltí agus na tairbhí €87 milliún in aghaidh na bliana faoin mbliain 2030 (agus iad comhroinnte idir Éire agus Tuaisceart Éireann). Ina theannta sin, tacófar le forbairt eacnamaíoch sa dá réigiún dá bharr.
Aithnítear san athbhreithniú gur measúnaíodh go cuimsitheach roinnt uaireanta (cúig cinn de thuarascálacha agus de staidéir) an rogha a bhaineann leis an Idirnascaire Thuaidh-Theas ‘a chur faoi thalamh’. Is é conclúid an athbhreithnithe, áfach, ná nach féidir an tIdirnascaire a chur faoi thalamh toisc nach soláthróidh sé an iontaofacht agus an chobhsaíocht a theastaíonn. Murach na tairbhí sin, nach soláthrófaí le cábla srutha dhírigh ardvoltais faoi thalamh, ba lú go mór na coigiltí agus na tairbhí don tomhaltóir.
Tá ceadú pleanála faighte ag an Idirnascaire Thuaidh-Theas in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon agus tá sé réidh anois le dul isteach i gcéim na tógála. Meastar go gcuirfear i gcrích é faoin mbliain 2026.
Is féidir Tionscadal an Idirnascaire Thuaidh-Theas — Athbhreithniú na Saineolaithe Neamhspleácha 2021 a aimsiú ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH