English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fuarthas breis agus 400 freagra ar an gcomhairliúchán ar shlándáil sholáthar fuinnimh na hÉireann

Fuarthas breis agus 400 aighneacht go dtí seo mar fhreagra ar chomhairliúchán ar an athbhreithniú ar shlándáil soláthair fuinnimh chórais leictreachais agus gáis na hÉireann, a dhúnann inniu an 28 Deireadh Fómhair 2022. Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an comhairliúchán, inar iarradh aiseolas agus fianaise ó na páirtithe leasmhara uile ar an raon leathan roghanna a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun tacú le creat slándála soláthair na hÉireann.

Is é a ghabh leis an doiciméad comhairliúcháin ná anailís theicniúil a rinne Cambridge Economic Policy Associates (CEPA).

Déanfar scrúdú agus breithniú mion ar na freagraí agus na haighneachtaí uile arna bhfáil mar chuid den chomhairliúchán. Ag teacht sna sála ar an bpróiseas athbhreithniúcháin sin, cuirfidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a chuid moltaí ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh faoi bhráid an Rialtais.

Tá an t-athbhreithniú ar shlándáil fuinnimh chórais gháis agus leictreachais na hÉireann dírithe ar an tréimhse go dtí an bhliain 2030, cé go bhfuil sé i gcomhthéacs aistriú inbhuanaithe i dtreo aeráidneodrachta a bhaint amach faoin mbliain 2050. Breithnítear ann rioscaí féideartha dár soláthairtí gáis nádúrtha agus dár soláthairtí leictreachais araon, agus scrúdaítear ann bearta éagsúla chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear an gá le toilleadh breise chun fuinneamh a allmhairiú, an gá le húsáid fuinnimh a laghdú, an gá le stóráil fuinnimh, an gá le héagsúlú breoslaí agus an gá le gáis inathnuaite (amhail bithmheatán agus hidrigin).

Níl sé mar aidhm leis an athbhreithniú aghaidh a thabhairt ar na corrlaigh dhochta ar dóigh dóibh a bheith ann sa soláthar leictreachais thar na geimhrí atá le teacht; tá aghaidh á tabhairt ar an méid sin trí chlár gníomhartha atá ar bun ag CRF (an Coimisiún um Rialáil Fóntais), le tacaíocht ó EirGrid, ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ón tionscal.

Ag labhairt dó faoin gcomhairliúchán poiblí, dúirt an tAire Ryan:

"Is rud suntasach é gur thóg breis agus 400 freagraí, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí, an t-am chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo, a bhí bunaithe ar anailís theicniúil chuimsitheach ar ár roghanna fuinnimh sa todhchaí. Cuirfear na tuairimí, na cineálacha cur chuige, an fhianaise agus na hábhair imní uile san áireamh anois, agus aird á tabhairt ar riachtanais fuinnimh na hÉireann go dtí an bhliain 2030 agus ina diaidh, agus ar ár n-oibleagáidí aeráide.

"Ní hé amháin go ndéanfaidh na moltaí a thiocfaidh as an anailís agus comhairliúchán sin ár dtodhchaí fuinnimh a mhúnlú, ach beidh siad mar bhonn agus thaca ag ár dtodhchaí eacnamaíoch, shóisialta agus aeráide freisin. Táim ag súil leis na moltaí sin a chur faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na bliana."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Anailís theicniúil

Sholáthair CEPA don Roinn anailís theicniúil mhionsonraithe agus achoimre neamhtheicniúil nach bhfuil chomh fada céanna. Tá trí ghné dhifriúla i gceist leis an anailís theicniúil, is iad sin:

  • rioscaí a shainaithint agus a scrúdú
  • roghanna a shainaithint chun na rioscaí sin a mhaolú
  • breithmheas a dhéanamh ar na roghanna sin

Is mar rioscaí ar thaobh an éilimh agus mar rioscaí ar thaobh an tsoláthair a scrúdaítear na rioscaí a sainaithníodh. Áirítear le rioscaí ar thaobh an éilimh eachtraí aimsire agus méaduithe suntasacha san éileamh. Is iad na rioscaí ar thaobh an tsoláthair a sainaithníodh ná cur isteach ar allmhairí gáis na Ríochta Aontaithe, rioscaí geopholaitiúla, easnaimh i dtoilleadh giniúna leictreachais, agus fáil íseal ar ghiniúint fuinnimh gaoithe.

Cruthaítear fadliosta de roghanna maolaithe ansin. Déantar breithmheas ar na roghanna sin in aghaidh tacar príomhchritéar chun teacht ar ghearrliosta de roghanna maolaithe cuí lena n-anailísiú tuilleadh. Ba iad seo a leanas na príomhchritéir roghnúcháin a úsáideadh:

  • a chomhsheasmhaí a bheadh an rogha leis an bPlean Gnímh don Aeráid
  • an tionchar a bheadh ag an rogha ar shlándáil an tsoláthair
  • a indéanta a bheadh sé an rogha a chur chun feidhme

Is leagtha amach mar a leanas atá gearrliosta de na roghanna maolaithe atá ann le haghaidh gáis agus le haghaidh leictreachais araon, ar nithe iad a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i slándáil an tsoláthair amach anseo:

  • stóráil straitéiseach gáis — stóráil gáis nach n-oibreodh ach amháin le linn tréimhsí ina bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh cur isteach éilimh ann in Éirinn
  • saoráid straitéiseach gáis nádúrtha leachtaigh ar snámh — saoráid gáis nádúrtha leachtaigh ar snámh nach n-oibreodh ach amháin le linn tréimhsí ina bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh cur isteach éilimh ann in Éirinn
  • pacáiste gáis — meascán de stóráil straitéiseach, de ghás inathnuaite (instealladh bithmheatáin agus hidrigin) agus de fhreagairt ar thaobh an éilimh
  • idirnasc leictreachais breise — idirnascaire breise 700 MW a chruthú chuig an bhFrainc, i dteannta an Idirnascaire Cheiltigh
  • stóráil chaidéalaithe bhreise — 360 MW sa bhreis a chur leis an toilleadh stórála caidéalaithe hidrileictreachais
  • gléasra bithmhaise — gléasra tiomnaithe bithmhaise 450 MW a chruthú
  • breosla tánaisteach — stóráil breosla thánaistigh a mhéadú os cionn an cheanglais reatha stórála cúig lá
  • gléasra hidrigine a chruthú — gástuirbín comhthimthrialla a thiontú ina ghléasra hidrigine
  • pacáiste leictreachais — meascán de thoilleadh breise ceallraí agus de fhreagairt ar thaobh an éilimh

Rinneadh gach ceann de na roghanna maolaithe sin a shamhaltú faoi roinnt cásanna suaite chun tuiscint a ghnóthú ar thionchar gach rogha maolaithe agus ar an leibhéal slándála soláthair a thugann gach ceann díobh. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarradh cásanna breise mar chuid d’anailís theicniúil CEPA chun tuiscint a ghnóthú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil soláthair na hÉireann dá bhfionrófaí na honnmhairí gáis nádúrtha uile ó phíblíne na Rúise chuig margaí na hEorpa. Cinneadh san anailís go gcabhraíonn láthair gheografach na hÉireann san Eoraip (is é sin le rá, an dlúthnasc atá aici leis an mBreatain Mhór) le maolú a dhéanamh ar na tionchair is measa a imríonn an cur isteach ar an soláthar ón Rúis.

Níor cuireadh as an áireamh go fóill na roghanna sin ar an bhfadliosta nach ndearnadh iad a shamhaltú go mion. Tá an Roinn ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le gach ní atá sa pháipéar comhairliúcháin.

Breithniúcháin

Tarraingítear san anailís ó CEPA aird ar roinnt pointí:

  • cuirfidh na bearta leictreachais atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 feabhas ar shlándáil ár soláthair. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí na bearta sin chun feidhme chun ár soláthairtí fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear, mar shampla: foinsí fuinnimh inathnuaite a imscaradh; méadú a dhéanamh ar na hidirnaisc leictreachais atá againn le Tuaisceart Éireann, leis an Ríocht Aontaithe agus leis an bhFrainc; giniúint thraidisiúnta a chur leis an gcóras; stóráil ceallraí a sholáthar; agus an fhreagairt ar thaobh an éilimh a mhéadú
  • maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha, cé go bhfuil riosca íseal ann go mbeadh cur isteach fisiciúil ann ar sholáthairtí gáis, meastar an tionchar a bheadh ag a leithéid de chur isteach a bheith an-ard. Tá bearta éagsúla ar fáil chun seasamh na hÉireann a neartú, agus gach ceann díobh de chineál difriúil déine

Tá tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na mórbhearta beartais a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun tacú le creat slándála soláthair na hÉireann á lorg mar chuid den chomhairliúchán freisin. Áirítear iad seo a leanas leis na bearta sin:

  • tosú ar mheasúnú comhpháirteach soláthair-éilimh a dhéanamh ar an líonra leictreachais agus ar an líonra gáis ar bhonn bliantúil, agus hidrigin agus gáis inathnuaite á gcur ar áireamh ann freisin
  • ceanglas a chur chun feidhme á rá go ndéanfaí anailís theicniúil ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh gach dhá bhliain agus go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh gach ceithre bliana