Glacann an tAire Comhshaoil an chéad chéim i dtreo toirmeasc náisiúnta ar ghual toiteach chun sláinte an phobail a chosaint
- Foilsithe: 18 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Cuideoidh rialáil breoslaí soladacha eile linn go léir an difear a bhrath san aer.
Ghlac an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, an chéad chéim inniu i dtreo toirmeasc ar fud na tíre ar dhíol agus dó guail toitigh agus rialáil breoslaí eile, mar chuid den iarracht chun truailliú aeir a chomhrac agus chun sláinte an phobail a chosaint.
Sheol an tAire [nasc inmheánach 123477 | comhairliúchán poiblí] chun tuairimí a lorg maidir le rialáil bhreise a dhéanamh ar úsáid breosla sholadaigh le haghaidh téamh tí, agus tá sé ag tabhairt cuireadh don phobal, do ghairmithe sláinte, do shaineolaithe eile, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an tionscal a dtuairimí a thabhairt maidir le conas is féidir le hÉirinn rialacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena sábhálfar beatha daoine.
Dúirt an tAire Ryan:
“Is rud an-bhunúsach dár sláinte agus do cháilíocht na beatha é aer glan agus tá sé riachtanach do shláinte na timpeallachta ar a mbímid ag brath. Ní bhíonn aon rogha ag daoine faoin aer a análaíonn siad. Tá ról tábhachtach againn mar Rialtas na beartais a fhorbairt lena gcuirfear aer níos glaine ar fáil. Tá sé ar intinn agam toirmeasc náisiúnta a chur ar ghual toiteach agus breoslaí eile a rialáil a luaithe is féidir.“
Faoi na rialacháin reatha ní cheadaítear díol, margaíocht, dáileadh agus dó guail bhiotúmanaigh (toiteach) i gcriosanna toitigh ísle ar leith (CTÍanna) ar fud na tíre. Tá feidhm acu sin inár gcathracha agus i ngach baile ina bhfuil daonra os cionn 10,000 duine. Tá tiomantas sa Chlár Rialtais oibriú i dtreo síneadh náisiúnta ar an gcosc sin thar théarma an rialtais, agus is é an comhairliúchán a seoladh inniu an chéad chuid den phróiseas sin.
Lorgaítear leis an gcomhairliúchán tuairimí freisin maidir le rialáil gach breosla soladach amhail móin agus adhmad a chuirfeadh feabhas ar cháilíocht an aeir chun leasa gach duine. Léirítear i dTuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil [nasc seachtrach https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_20_2168 | Cáilíocht an Aeir san Eoraip 2020] gur bhásaigh 1,410 duine roimh am de dheasca thruailliú an aeir in Éirinn in 2018. Bhí an chuid is mó díobh sin (1,300) inchurtha i leith astaíochtaí d’ábhar cáithníneach sármhín (PM2.5) a eascraíonn go príomha as breoslaí soladacha a dhó.
Sampla amháin de bheart a d’fhéadfaí a dhéanamh is ea uasleibhéal cion taise a thabhairt isteach ar féidir adhmad a dhíol. Déanann adhmad a bhfuil cion ard taise ann (adhmad fliuch) i bhfad níos truaillithe ná adhmad a bhfuil cion íseal taise ann (adhmad tirim).
Léirítear ó thaighde na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) go bhfuil an méid a chuireann móin le leibhéil truaillithe an aeir suntasach. Ní mór machnamh a dhéanamh ar roghanna a d’fhéadfadh srian a chur le díol agus margaíocht fód móna, agus an cleachtas traidisiúnta maidir le gearradh móna a urramú le haghaidh úsáid phearsanta amháin.
Tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán poiblí:
- fiúntas cur chuige náisiúnta i leith breosla soladach a rialáil a mheas
- a chinneadh cé na breoslaí soladacha ba chóir a rialáil
- smaoineamh ar an gcaoi ar cheart na breoslaí sin a rialáil
- amlíne oiriúnach a leagan amach chun aon rialacháin nua a chur chun feidhme
Cé go raibh sé i gceist ar dtús an comhairliúchán poiblí seo a sheoladh in éineacht le foilsiú na Straitéise Náisiúnta um Aer Glan (SAG) atá le teacht, roghnaigh an tAire Ryan anois é a chur ar aghaidh roimh an Straitéis. Aithnítear leis sin an phráinn atá le beart a dhéanamh maidir le rialáil bhreise ar bhreoslaí soladacha. Ligfear leis an gcinneadh freisin d’aighneachtaí a gheofar le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí cur leis an Straitéis, toisc go bhfuil úsáid breoslaí soladacha ar cheann de na breithnithe is tábhachtaí in uaillmhian na hÉireann d’fhonn aer níos glaine a bhaint amach ar an iomlán.
Dúirt an tAire Ryan:
“Tá áthas orm an comhairliúchán poiblí seo a sheoladh, nó cuirfidh sé bonn eolais faoi chur chuige rialála náisiúnta cuimsitheach a fhorbairt i leith dó breosla soladaigh le haghaidh téamh tí, d’fhonn cabhrú linn ár n-uaillmhian d’aer níos glaine ar fud na hÉireann a bhaint amach.
“Is deis atá sa chomhairliúchán seo do gach duine na saincheisteanna a mheas, ionchur a bheith acu sa phróiseas féin, faisnéis tacaíochta agus sonraí a sholáthar nuair is féidir, agus moltaí a dhéanamh ar an mbealach is fearr le húsáid breosla sholadaigh a rialáil le haghaidh téimh tí.
“Tuigim gurb é trí bhreosla soladach a dhó an príomhbhealach nó an t-aon bhealach atá ag roinnt daoine chun a dtithe a théamh. Is é ár gcuspóir thar shaolré an rialtais seo tacaíocht a sholáthar chun go leor de na tithe sin a iarfheistiú, ach idir an dá linn ba mhaith linn a chinntiú gur féidir iad a théamh ar bhealach a fheabhsaíonn sláinte an phobail. “
Foilsíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) [nasc seachtrach https://www.seai.ie/publications/Domestic-Fuel-Cost-Comparison.pdf | Tuairiscíonn Comparáid idir Costais Fuinnimh maidir le Breoslaí Baile] gach trí mhí, agus léirítear sa cheann is déanaí gurb é gual toiteach íseal (ubhchruthóideacha) an rogha guail is cost-éifeachtúla i dtéarmaí an teasa a sheachadtar in aghaidh an cent.
Tá an doiciméad comhairliúcháin agus na roghanna aighneachta ar fáil ar [nasc inmheánach- 123477 | gov.ie.]
Dúnfar an comhairliúchán poiblí ar 5.30 p.m. Dé hAoine an 2 Aibreán 2021
Nótaí don Eagarthóir
Beimid ag cur go mór lenár rannpháirtíocht phoiblí maidir leis an gcomhairliúchán sna seachtainí amach romhainn ar bhealaí ar mheáin shóisialta na Roinne, trí fheachtas fógraíochta ar an raidió náisiúnta agus trí Hallaí an Bhaile ar líne a fhógrófar go gairid. Iarrtar ar bhaill an phobail an breosla toiteach is ísle is féidir leo a roghnú agus an difear a bhrath san aer.
Tionchair ar an tsláinte a bhaineann le breosla soladach a úsáid
Is cúis mhór imní é cáilíocht an aeir ar leibhéal domhanda agus meastar gurb é an riosca comhshaoil is suntasaí do shláinte an duine é. Ó na 1990aidí i leith, léiríonn dúinn ó thaighde leighis go bhfuil naisc idir truailliú an aeir agus tionchair ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha ar an tsláinte, lena n-áirítear tinneas cinn, deacracht análaithe, greannú súl, agus riochtaí riospráide a imeacht in olcas agus leibhéil mhéadaithe maidir le stróc, ailse, agus galar riospráide agus cardashoithíoch.
Léirítear i dtuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil Cáilíocht an Aeir san Eoraip 2020 go bhfuair 1,410 duine bás roimh am de dheasca thruailliú an aeir in Éirinn in 2018. Tharla a bhformhór mór díobh sin (1,300) mar gheall ar mhínábhar cáithníneach (PM2.5). Léirítear sa tuarascáil chéanna gur Cailleadh 16,200 Bliain de Bheatha, rud a léiríonn básmhaireacht i bhfad níos luaithe i gcás na nbásanna sin. Aithnítear breosla soladach a rialáil mar bhealach chun aghaidh a thabhairt air sin.
Tugtar le fios dúinn ón taighde go bhfuair thart ar 350 níos lú daoine bás in aghaidh na bliana mar thoradh ar an gCosc ar Ghual Toiteach a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath in 1990, rud a laghdaigh an bhásmhaireacht chardashoithíoch, cheirebreashoithíoch agus riospráide sa daonra i gcoitinne.
Costais a bhaineann le breoslaí soladacha
Ní mór do dhaoine a dtithe a théamh agus léirítear imní uaireanta faoin tionchar ó thaobh costais de a bhaineann le rialáil bhreise ar bhreosla soladach ar na teaghlaigh atá ar ioncam níos ísle agus orthu siúd nach bhfuil in acmhainn a gcórais téimh a uasghrádú. Foilsíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, SEAI, tuarascáil, [nasc seachtrach https://www.seai.ie/publications/Domestic-Fuel-Cost-Comparison.pdf | Comparáid idir Costais Fuinnimh Breosla Tí] gach trí mhí, agus léirítear sa cheann is déanaí gurb é gual toiteach íseal (ubhchruthóideacha) an rogha guail is cost-éifeachtúla i dtéarmaí an teasa a sheachadtar faoin gcéad, agus an dara ceann is cost-éifeachtúla ar an iomlán:
Breosla | Faoin gCéad/kWh |
Gual Préimhe (mála) | 6.17 |
Gual Caighdeánach (mála) | 5.98 |
Ubhchruthóideacha Toiteacha Ísle (mála) |5.73|
Na rialacháin atá ann cheana maidir le criosanna toiteacha ísle agus síneadh náisiúnta
Tá feidhm ag na criosanna toiteacha ísle atá ann faoi láthair sna réimsí a leanas:
Baile/Cathair | An Bhliain inar Tugadh Isteach é |
Baile Átha Cliath | 1990 |
Corcaigh | 1995 |
An tInbhear Mór, Droichead Átha, Dún Dealgan, Luimneach, Loch Garman | 1998 |
Cill Droichid, Gaillimh, Léim an Bhradáin, An Nás, Port Láirge | 2000 |
Bré, Cill Chainnigh, Sligeach, Trá Lí | 2003 |
Baile Átha Luain, Ceatharlach, Cluain Meala, Inis | 2011 |
Na Clocha Liatha, Leitir Ceanainn, an Muileann gCearr, An Uaimh, An Droichead Nua, Port Laoise, Cill Mhantáin (agus Ráth Nua) | 2013 |
Maigh Nuad | 2015 |
Cill Dhéagláin, Béal an Átha, Carraig Thuathail, Caisleán an Bharraigh, an Cabhán, An Cóbh, Inis Córthaidh, Cill Airne, An Longfort, Mala, Mainistir na Corann, An Trá Mhór, An Tulach Mhór | 2020 |