Ceadaíonn an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025
- Foilsithe: 22 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Aibreán 2025
- Sa Phlean, cuirtear réitigh aeráide i gcroílár fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann
Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 inniu. Is é an tríú nuashonrú reachtúil ar an bplean ó síníodh an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ina dhlí, rud lena gcuirtear de cheangal ar Éirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030 (i gcoibhneas le leibhéil na bliana 2018) agus aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050. Leis an bPlean, cuirtear leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, agus leagtar amach ann conas a chuirfidh Éire dlús leis na gníomhartha a theastaíonn chun freagairt don ghéarchéim aeráide, agus réitigh aeráide á gcur i gcroílár fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann.
Is ionann an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 agus Plean cuíchóirithe Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus tá sé le léamh i gcomhar leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024. Is ionann é freisin agus an Plean deireanach Gníomhaithe ar son na hAeráide don chéad Bhuiséad Carbóin cúig bliana, agus sinn anois ag lárphointe tábhachtach sa rud ar a dtugtar deacáid an ghníomhaithe ar son na haeráide.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025, dúirt Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh:
"Tá deich mbliana dulta thart anois ó shíníomar an tAcht bunaidh um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin ina dhlí sa bhliain 2015. Ní mór féachaint ar ghníomhú ar son na haeráide sa chomhthéacs sin; a bhuí leis an uaillmhian a saothraíodh agus leis an obair chrua a cuireadh isteach le roinnt blianta anuas, táimid ag tosú anois ar laghduithe suntasacha a fheiceáil in astaíochtaí in Éirinn.
"Tháinig laghdú 6.8% ar astaíochtaí sa bhliain 2023. Trí nuashonrú bliantúil a ullmhú ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, tugtar deis dúinn ár machnamh a dhéanamh gach bliain chun a fháil amach conas atá ag éirí linn. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 an toradh is déanaí ar an machnamh sin. Ach bíonn gníomhú ar son na haeráide ag tarlú fud fad na tíre gach lá, áit a mbíonn iarfheistiú ar siúl, a mbíonn tithe á ndéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, agus billí fuinnimh á laghdú dá bharr sin, a mbíonn seirbhísí bus níos iontaofa Nasc Áitiúil ag nascadh bailte ar fud na hÉireann, agus a mbíonn an méid cumhachta gaoithe dúchasaí ag méadú, agus slándáil fuinnimh á brú chun cinn.
"Is é seo an chéad Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide uaim mar Aire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh. Tar éis dom a fheiceáil le mo shúile féin conas a chuireann gníomhú ar son na haeráide feabhas ar cháilíocht na beatha do shaoránaigh agus ar thimpeallacht nádúrtha an Stáit, táim ag tnúth le leanúint leis an uaillmhian sin a shaothrú sna blianta atá le teacht."
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Éirinn maidir le hastaíochtaí a laghdú, agus cé go dtugtar le fios i sonraí ráithiúla tosaigh faoi astaíochtaí don bhliain 2024 gur éirigh linn laghduithe breise a dhéanamh, tá tuilleadh oibre le déanamh againn. Beidh ríthábhacht ag baint le cur chun feidhme gníomhartha a luathú agus le struchtúir rialachais aeráide a neartú faoin leagan seo den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus faoin gcéad leagan eile (an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2026) má tá Éire chun an bhearna astaíochtaí a dhúnadh agus fanacht laistigh de theorainneacha na mBuiséad Carbóin.
Dúirt Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach (ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide):
"Tá an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 á fhoilsiú ag am ríthábhachtach in aistear na hÉireann i dtreo aeráidneodrachta, agus níl de rogha againn anois ach prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a leabú ar fud gach earnála. Ní hé amháin go ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí nach bhfuil chomh diomailteach céanna maith don chomhshaol, ach tugann sé deis ollmhór dúinn ó thaobh nuálaíochta, iomaíochais agus cruthú post de freisin. Idir úsáid ábhar a laghdú, dhramhaíl a dhearadh amach agus thacú le deisiú, le hathúsáid agus le hathchúrsáil, beidh ciorclaíocht i gcroílár ár laghduithe astaíochtaí agus ár n-athléimneachta eacnamaíche. Táim ag tnúth leis an dul chun cinn sin a luathú i gcomhar le pobail, le gnólachtaí agus le comhlachtaí poiblí ar fud na tíre."
Dúirt Timmy Dooley, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as an Muir (ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide):
"Chabhraigh an tuiscint mhéadaithe atá againn ar thionchair an athraithe aeráide ar ár muirthimpeallacht agus ar ár dtimpeallacht cósta le bonn eolais a chur faoin leagan is déanaí seo den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Ó thaobh an athraithe aeráide de, leanfaimid orainn le cláir eolaíocha agus thaighde a sheoladh chun cur leis an eolas atá againn ar ár spás muirí. Mar thoradh ar limistéir chosanta mhuirí a bhunú mar chuid den phlean seo, cabhrófar le cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí a chumasú, agus leanfar le hastaíochtaí ón earnáil bia mara a laghdú.
"Tugann críoch mhuirí ollmhór na hÉireann dúinn freisin acmhainn gan saothrú ar féidir léi a bheith mar bhunchloch dár n-aistriú fuinnimh. Gné thábhachtach den phlean seo is ea tiomantas leantach an Stáit do chóras rialála agus pleanála atá oiriúnach don fheidhm a chur i bhfeidhm don mhuirthimpeallacht, agus cuireann sé leis an obair atá ar siúl cheana féin sa spás rialála muirí. Beidh ríthábhacht ag baint le córas cuí rialála agus pleanála maidir le táirgeadh fuinnimh amach ón gcósta a fhorbairt, agus cabhróidh sé lenár muirthimpeallacht a chosaint an tráth céanna."
Is féidir amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 ar shuíomh Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
6 earnáil ríthábhachtacha ardtionchair sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025
Leictreachas
Sprioc
- Laghdú 75% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn
- Laghdú 26.2% in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2023 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Príomhéachtaí le déanaí
- Foilsíodh na doiciméid dar teideal ‘Rathúnas a Chumhachtú – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta’ agus ‘Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta’, ina leagtar amach conas is féidir linn leas a bhaint as an acmhainneacht atá againn ó thaobh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta de
- Foilsíodh na torthaí deiridh ar an gceathrú ceant don Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) ar talamh, agus méadú féideartha 20% á áirithiú ar ár dtoilleadh reatha leictreachais in-athnuaite
- Cuireadh 534 MW de thoilleadh inseolta nua giniúna leictreachais agus 170 MW de cheallraí nua leis an gcóras leictreachais chun slándáil ár soláthair a mhéadú.
Ár bpleananna
- A shocrú go mbeidh foinsí fuinnimh in-athnuaite ag freastal ar 80% den éileamh ar leictreachas faoin mbliain 2030
- Stóráil fhadtréimhseach leictreachais a chur i bhfeidhm – chun úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite a uasmhéadú
- Leanúint le feabhas a chur ar ár n-eangach leictreachais – chun cur leis an gcéatadán d’fhoinsí athraitheacha fuinnimh in-athnuaite a cheadaítear ar an eangach ag an aon am amháin
An Timpeallacht Thógtha
Sprioc le haghaidh foirgnimh chónaithe
- Laghdú 40% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn i ndáil le foirgnimh chónaithe
- Laghdú 23.6% in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2023 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Sprioc le haghaidh foirgnimh thráchtála agus phoiblí
- Laghdú 45% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn i ndáil le foirgnimh thráchtála agus phoiblí
- Laghdú 8.9% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Príomhéachtaí le déanaí
- Chuir Scéim Téimh Ceantair Thamhlachta tús lena cuid oibríochtaí sa bhliain 2023, agus í ag baint leas as dramhfhuinneamh ó ionad sonraí chun teas ísealcharbóin a sholáthar do chustaiméirí
- I mí Aibreáin 2024, seoladh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí chun cabhrú le húinéirí tí a dtithe a dhéanamh níos teo agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus a mbillí fuinnimh agus a n-astaíochtaí a laghdú
- Thacaigh an rialtas le 144,410 n-uasghrádú fuinnimh tí sa tréimhse 2019-2023
Ár bpleananna
- Creataí beartais agus dlíthiúla a fhorbairt chun tuilleadh scéimeanna téimh ceantair a chur i bhfeidhm ar fud na hÉireann
- Gach teach nua a thógáil de réir caighdeán Foirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh sa bhliain 2025
- 185,000 uasghrádú fuinnimh tí a sholáthar idir na blianta 2019 agus 2025
Iompar
Sprioc
- Laghdú 50% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn
- Laghdú 4.2% in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2023 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Príomhéachtaí le déanaí
- A bhuí le hinfheistíocht sa ghréasán Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaí, soláthraíodh breis agus 840 km de bhonneagar siúil agus rothaíochta idir na blianta 2021 agus 2023, agus tuilleadh turas Taistil Ghníomhaigh á n-éascú dá bharr sin
- Bhain breis agus 300 milliún paisinéir leas as seirbhísí iompair phoiblí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí in Éirinn sa bhliain 2023, agus méadú faoi sheacht ag teacht ar an bpátrúnacht bhliantúil ar sheirbhísí Nasc Áitiúil TFI idir na blianta 2018 agus 2023
- Tháinig méadú faoi níos mó ná faoi thrí ar an líon feithiclí leictreacha in Éirinn ó dheireadh na bliana 2021 i leith, agus 148,000 feithicil leictreach ar bhóithre na hÉireann faoi dheireadh na bliana 2024
Ár bpleananna
- Leanúint le hinfheistiú i mbonneagar nua agus feabhsaithe iompair phoiblí
- Tacú leis an aistriú chuig feithiclí leictreacha
- Tuilleadh glasbhealaí agus lánaí rothar a thógáil ar fud na hÉireann
Talmhaíocht
Sprioc
- Laghdú 25% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn
- Laghdú 2.9% in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2023 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Príomhéachtaí le déanaí
- Sa bhliain 2023, tháinig laghdú 4.6% ar astaíochtaí talmhaíochta go 20.78 milliún tona de choibhéisí CO2 ó bhí an bhliain 2022 ann
- Sa bhliain 2023, tháinig laghdú 18% ar úsáid leasacháin nítrigine ó bhí an bhliain 2022 ann
- Amhail an bhliain 2024, tá feirmeoireacht orgánach á déanamh ar 220,000 heicteár sa tír. Fágann sé sin go bhfuilimid leath bealaigh ar an gconair i dtreo ár sprioc don bhliain 2030 a bhaint amach, is é sin 450,000 heicteár
Ár bpleananna
- Laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí N2O ó leasachán trí úsáid úiré cosanta a spreagadh agus trí Scéim Stórála Cothaitheach a chistiú d’fheirmeoirí
- Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa na feirmeoireachta mairteola agus déiríochta a laghdú, agus táirgiúlacht á cothabháil an tráth céanna.
- Tacú le níos mó feirmeoirí fós bia orgánach a fhás
Tionsclaíocht
Sprioc
- Laghdú 35% in astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Dul chun cinn
- Laghdú 9.6% in astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2023 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)
Príomhéachtaí le déanaí
- Foilsíodh an Treochlár le haghaidh Teas Tionsclaíoch a Dhícharbónú, ina leagtar amach conair shoiléir chomhleanúnach dícharbónaithe do ghnólachtaí
- Foilsíodh treoir nua do chomhlachtaí earnála poiblí ina sonraítear modhanna tógála ísealcharbóin agus ábhar stroighne ísealcharbóin, a chabhraíonn linn dul i ngleic le carbón corpraithe san earnáil phoiblí
- Foilsíodh an Leabhar Glas: Todhchaí Fuinnimh In-athnuaite na hÉireann a Chumhachtú, ar treoir phraiticiúil é do chuideachtaí monaraíochta atá ag iarraidh foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú isteach ar a láithreán
Ár bpleananna
- Tacú le húsáideoirí móra fuinnimh próisis thionsclaíocha atá níos tíosaí ar fhuinneamh a fhorbairt
- A shocrú go mbeidh téamh atá neodrach ó thaobh carbóin de ag freastal ar 50–55% den éileamh tionsclaíoch iomlán ar bhreoslaí faoin mbliain 2025
- Úsáid an adhmaid sa tógáil a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú agus chun carbón a chorprú
Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht
Is ag méadú go mear a bhíonn an t-eolas eolaíoch ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil Úsáide Talún, Athraithe ar Úsáid Talún agus Foraoiseachta. De réir mar a mhéadaíonn an t-eolas sin, bímid ag foghlaim conas astaíochtaí ó nithe amhail féarthailte ar ithreacha móinteacha draenáilte a thomhas ar bhealach níos cruinne. Mar gheall ar eolas nua a bheith ag teacht chun cinn i gcónaí san earnáil seo, is deacair a shuí cé na hastaíochtaí beachta a thagann ónár dtalamh. Dá bhrí sin, murab ionann agus na hearnálacha eile, níl a Buiséad Carbóin féin ag an earnáil Úsáide Talún, Athraithe ar Úsáid Talún agus Foraoiseachta go fóill. Ina ionad sin, tá sé mar sprioc againn astaíochtaí ón earnáil Úsáide Talún, Athraithe ar Úsáid Talún agus Foraoiseachta a laghdú faoi 0.626 milliún tona de choibhéisí CO2 faoin mbliain 2030, i gcoibhneas le bonnlíne na meánastaíochtaí sna blianta 2016, 2017 agus 2018.
Príomhéachtaí le déanaí
- Seoladh an Clár Foraoiseachta; foraoisíodh 1,651 heicteár sa bhliain 2023, agus foraoisíodh 1,573 heicteár sa bhliain 2024
- D’athshlánaigh Bord na Móna 19,065 heicteár de thailte portaigh faoi mhí Eanáir 2025
- Soláthraíodh 2,000 km d’fhálta sceach nua faoin Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe go dtí an bhliain 2024
Ár bpleananna
- Ráta foraoisithe atá cothrom le 8,000 ciliheicteár in aghaidh na bliana go dtí an bhliain 2030, rud is ionann agus 8 milliún crann, agus 50% de na foraoisí nua ina bhforaoisí crann dúchasach nó ina bhforaoisí crann leathanduilleach
- 65,900 heicteár de thailte portaigh saothraithe a athshlánú faoin mbliain 2030
- An tAthbhreithniú ar Úsáid Talún a chríochnú chun a chinneadh cé na saintréithe comhshaoil, éiceolaíocha agus eacnamaíocha atá ag na cineálacha talún atá ann ar fud na hÉireann