Iarrtar aiseolas ar an gcaoi a bhfuil Éire ag cur coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir leis an dlí agus ceart comhshaoil, agus cláir truailleán, i bhfeidhm
- Foilsithe: 26 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Feabhra 2021
D’iarr Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ar an bpobal a ndearcthaí a chur in iúl maidir le cur i bhfeidhm dhá choinbhinsiún idirnáisiúnta a bhaineann leis an gcomhshaol, Coinbhinsiún Aarhus agus Prótacal PRTR 2021.
Dírítear an comhairliúchán ar:
- Tuarascáil Náisiúnta na hÉireann ar Chur Chun Feidhme maidir le Coinbhinsiún Aarhus (Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip [UNECE] ar Rochtain ar Fhaisnéis, ar Rannpháirtíocht an Phobail le linn Cinntí a Dhéanamh agus ar Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil)
- Tuarascáil Náisiúnta na hÉireann ar Chur Chun Feidhme maidir le Prótacal PRTR (Prótacal Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip [UNECE] maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán)
Coinbhinsiún Aarhus
Leagtar síos sraith rialacha bunúsacha i gCoinbhinsiún Aarhus chun rannpháirtíocht saoránach i gcúrsaí comhshaoil a chur chun cinn agus chun forfheidhmiú an dlí comhshaoil a fheabhsú. Roinntear na forálacha ina dtrí cholún: rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail le linn cinntí a dhéanamh agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Aarhus an 20 Meitheamh 2012. Tá téacs an choinbhinsiúin ar fáil anseo.
Prótacal PRTR
Féachann Prótacal PRTR le hualach an truaillithe agus na dramhaíola a laghdú trí chláir náisiúnta truailleán atá ar fáil go poiblí a bhunú. Éilíonn an Prótacal ar gach Páirtí dá chuid PRTR (Clár Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán) náisiúnta atá ar fáil go poiblí a bhunú agus a chothú, PRTR a chomhlíonann ceanglais ar leith a leagtar amach sa Phrótacal. Cothaíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil PRTR na hÉireann, a seoladh in 2007, agus tá sé ar fáil anseo.
Tuarascálacha Náisiúnta ar Chur Chun Feidhme
Gach ceithre bliana, éilítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal tuarascálacha náisiúnta ar chur chun feidhme a chur faoi bhráid rúnaíocht Choinbhinsiún Aarhus. Cuireann sé sin ar a cumas don rúnaíocht athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus an Phrótacail ar an leibhéal náisiúnta. Leagtar amach sna tuarascálacha Éireannacha an reachtaíocht agus na bearta praiticiúla a úsáideadh chun an Coinbhinsiún agus an Prótacal a chur chun feidhme in Éirinn.
Tráth ullmhúcháin na dTuarascálacha Náisiúnta ar Chur Chun Feidhme, molann an tAire Ryan don phobal agus do pháirtithe eile ag a bhfuil spéis i gcosaint chomhshaol na hÉireann, trácht a dhéanamh ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Aarhus agus Phrótacal PRTR in Éirinn. Chun an rannpháirtíocht phoiblí sin a éascú, ullmhaíodh dhá leagan de gach tuarascáil. Is cóipeanna de na tuarascálacha a cuireadh isteach in 2017 atá sa chéad leagan, ar a bhfuil nuashonruithe agus leasuithe le feiceáil go soiléir le ‘hathruithe rianaithe’. Is cáipéisí ‘glana’ iad an dara leagan a bhfuil d’aidhm leo an cás mar atá in Éirinn faoi láthair a chur i láthair.
Is é cuspóir na gcomhairliúchán seo an raon is leithne is féidir de thuairimí agus dearcthaí ar na ceisteanna a bhaineann le cur chun feidhme agus na bearta praiticiúla do chur chun cinn Choinbhinsiún Aarhus agus Phrótacal PRTR in Éirinn a chur ar fáil do UNECE, Rúnaíocht Choinbhinsiún Aarhus agus Coiste Comhlíonta Choinbhinsiún Aarhus.
Breithneofar tráchtaireacht agus aighneachtaí a gheofar faoin 21 Eanáir 2021 agus, más cuí, léireofar sa tuarascáil deiridh iad.
Tá na dréacht-tuarascálacha ar a bhfuil tráchtaireacht de dhíth ar fáilanseo.
Ba cheart tráchtaireacht ar an dréacht-tuarascáil a chur ar ríomhphost nó sa phost lena fáil faoina 5.00 pm an 21 Eanáir 2021 chuig na seoltaí anseo thíos:
Ríomhphost: environmentpolicy@decc.gov.ie
Sa phost: Rannóg Aarhus, Oiriúnaithe don Aeráid agus Rannpháirtíocht an Phobail
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Bóthair an Bhaile Nua
An Charraig Leathan
Loch Garman
Y35 AP90
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: Coinbhinsiún Aarhus
CRÍOCH