Iarrtar ar eagraíochtaí agus grúpaí éirí ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- Foilsithe: 19 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag iarraidh Léirithe Spéise anois le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2024-25
Mar chuid den chlár don tréimhse 2024-2025, ceapfar roinnt eagraíochtaí agus grúpaí ó gach cuid den tír mar 'Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe' chun cabhrú le feasacht a mhúscailt ar a thábhachtaí atá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar bhunchloch do thodhchaí atá cothrom, rathúil agus inbhuanaithe do chách. Mar Churaidh, taispeánfaidh siad trína gcuid gníomhartha féin gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Ghlac na Náisiúin Aontaithe na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ar a dtugtar na Spriocanna Domhanda freisin, sa bhliain 2015 mar ghairm uilíoch chun gnímh chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, chun an pláinéad a chosaint, agus chun a chinntiú go bhféadfadh gach duine an tsíocháin agus an rathúnas a theachtadh faoin mbliain 2030. Tá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe ann, a chumhdaíonn réimsí amhail bochtaineacht, dídean, oideachas, sláinte, comhionannas inscne, agus fuinneamh glan. Tá siad go léir comhtháite le chéile, á aithint go ndéanfaidh gníomhaíocht i réimse amháin difear do na torthaí i réimsí eile agus nach mór don fhorbairt a bheith aireach ar an inbhuanaitheacht shóisialta, gheilleagrach agus comhshaoil.
D’éirigh 34 cinn d’eagraíochtaí agus de ghrúpaí, idir chinn mhóra agus chinn bheaga, ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe cheana féin. Áirítear leo sin, mar shampla, Musgrave, an Cumann Lúthchleas Gael, ECO-UNESCO, Ollscoil na Gaillimhe, Ballyhoura Development CLG, agus Comhlachais Tráchtála na hÉireann. Rinne breis agus 80 eagraíocht iarratas ar pháirt a ghlacadh sa chlár an bhliain seo caite. Roghnaíodh 26 cinn díobh mar churaidh ansin, agus iad ag taispeáint an tiomantais atá ag sochaí na hÉireann cabhrú lena chinntiú go mbainfimid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe amach.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá ríméad orm Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a sheoladh i mbliana. Is fíor go réitíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an bealach i dtreo feabhas a chur ar cháilíocht na beatha agus ar a bhfuil i ndán do chách anseo in Éirinn agus ar fud an domhain araon. Téann siad i bhfeidhm ar gach gné dár saol, idir ár mbaile, ár scoil, ár gcuid oibre, ár slí bheatha agus ár dtimpeallacht. Tá siad fite fuaite i gceartas aeráide. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh gach duine i ngach áit páirteach de réir mar a thugaimid aghaidh ar dhúshlán an athraithe aeráide agus go mbainfidh siad tairbhe agus rath as an obair sin.
"Le Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tugtar deis do raon éagsúil eagraíochtaí in Éirinn an obair atá ar bun acu chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach a thaispeáint agus a n-eispéiris agus a n-éachtaí féin a chomhroinnt ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Mholfainn go láidir do gach grúpa agus eagraíocht iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa chlár i mbliana, chun gur féidir leo foghlaim, eolas a thabhairt, agus cabhrú le difríocht a dhéanamh ina bpobal féin."
Iarrtar iarratais ó na heagraíochtaí agus na grúpaí uile ar mhaith leo obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir iad a chur chun cinn agus a bhaint amach. Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa nó físeáin go dtí 5pm Dé Luain an 1 Aibreán 2024.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus faoi conas iarratas a dhéanamh air, téigh chuig suíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe
An 25 Meán Fómhair 2015, rinneadh ‘I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’ a ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe. Ba í Éire a chomhstiúir an idirbheartaíocht ar Chlár Oibre 2030 i gcomhar leis an gCéinia. Cuid dhílis de Chlár Oibre 2030 is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, a bhfuil mar aidhm leo "deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas a chinntiú".
Cumhdaíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe, is iad sin: fás geilleagrach; cuimsiú sóisialta; agus cosaint an chomhshaoil. Is Spriocanna uilíocha iad, agus iad ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: bochtaineacht; ocras agus córais bhia; sláinte; oideachas; comhionannas inscne; uisce glan agus sláintíocht; fuinneamh; fás geilleagrach; poist chuibhiúla; tionsclaíocht; neamhionannais; cathracha agus lonnaíochtaí don duine; tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe; an t-athrú aeráide; aigéin; éiceachórais; agus an tsíocháin agus an ceartas.
Is comhaontú deonach é Clár Oibre 2030, a fhágann nach bhfuil sé ina cheangal dlí. Mar sin féin, chomhaontaigh gach tír na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus táthar ag súil leis go bhforbróidh gach tír creat náisiúnta ina leagfar amach an dóigh a mbainfear na Spriocanna amach.
Cur chuige na hÉireann i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme
Ghlac Éire cur chuige uile-Rialtais i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus an fhormhaoirseacht pholaitiúil fhoriomlán á soláthar tríd an gComh-aireacht. Tá freagracht ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme comhleanúnach ar fud an Rialtais. Leagtar amach sa [nasc-inmheánach 236484 | Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta 2022-2024 ] straitéis rialachais agus cur chun feidhme na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le haghaidh na tréimhse 2022-2024. Tá sé ar an dara ceann de shraith pleananna comhleanúnacha cur chun feidhme, a bhfuil gach ceann díobh ag tógáil ar an leagan roimhe, chun obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Leagtar amach sna pleananna an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Maidir leis na cineálacha mionsonraithe cur chuige beartais i leith dul chun cinn a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair agus ar chuspóirí aonair, pléitear iad sna beartais náisiúnta ábhartha atá leagtha amach i Léarscáil na mBeartas Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Forbraíodh é chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Is é atá i gceist le ról Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí.
Is é ‘Comhpháirtíochtaí níos mó le haghaidh na Spriocanna’ Cuspóir Straitéiseach 3 den Dara Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 ó Éirinn. Príomh-mhodh le haghaidh é sin a bhaint amach is ea Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Baineann Gníomh 35 agus bearta gaolmhara den Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta le Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus lena athsheoladh an bhliain seo caite.
Is é príomhtheachtaireacht Chlár na gCuradh ná gur do gach duine sa tsochaí a bhíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur féidir le gach duine rannchuidiú le rath na Spriocanna sin.