English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistíocht €1.4 billiún agus 1,000 post le teacht as tionscadail fuinnimh ghréine agus ghaoithe agus as tionscadail fuinnimh phobail agus torthaí ceant maidir le fuinneamh in-athnuaite faofa ag an Rialtas

Leanfar ar aghaidh le 82 tionscadal fuinnimh in-athnuaite i ndiaidh gur fhaomh an rialtas torthaí an chéad cheant sa Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athuaite..

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., torthaí deiridh an cheant inniu, lena n-áirítear tionscadail ghréine, tionscadail ghaoithe agus tionscadail fuinnimh phobail.

Is gné lárnach dár ngníomhartha chun dul i ngleic leis an gcur isteach ar an aeráid é leictreachas in-athnuaite. Cinnteoidh sé go bhfuilimid ag dul sa treo ceart, agus de réir an sceidil, chun ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach. Ní hamháin go gcuireann an Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (‘an Scéim’) ar an mbealach ceart sinn, ach tá sí mar dhúshraith freisin do mhargadh bisiúil leictreachais atá éifeachtach ó thaobh costais de, a thacaíonn le fás an gheilleagair ghlais, a chruthaíonn deiseanna oibre inbhuanaithe, agus, i ndeireadh an lae, a mbainfidh an tomhaltóir leas as de réir mar a éireoidh fuinneamh in-athnuaite níos éifeachtaí ó thaobh costais de.

Tacóidh an Scéim le hinfheistíocht ar fiú breis agus €1.4 billiún í in Éirinn agus cuirfidh sí leis an teacht aniar trí thuairim is 1,000 post a chruthú. Mar chuid de phacáiste spreagthaigh mhí Iúil, leithdháil an rialtas maoiniú do phrintíseachtaí glasa, rud a bheidh de dhíth chun tacú leis na hinfheistíochtaí agus a sholáthróidh conair don aistriú ó dhonn go glas i gcuid mhaith pobal in Éirinn, go háirithe i Lár Tíre.

Agus an scéal á fhógairt inniu aige, dúirt an tAire Ryan:

"Tá lúcháir orm go bhfuil torthaí deiridh an chéad cheant sa Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite againn. Is ardán é céad cheant na Scéime chun tionscadail ghaoithe ar talamh agus tionscadail ghréine ar scála agus ar an gcostas is lú a chur i bhfeidhm gan mhoill inár ngreille leictreachais in áit na mbreoslaí iontaise. Tá na torthaí an-iomaíoch agus tá coigilteas mór á dhéanamh le hais scéimeanna tacaíochta eile a bhí ann roimhe seo.

Beidh ról an-tábhachtach ar fad ag tionscadail ghréine in éagsúlú ár bpunann ghiniúna fuinnimh in-athnuaite don tréimhse idir seo agus 2030.

"Tá an sprioc a bhí againn maidir le rannpháirtíocht tionscadail phobail bainte amach againn. Tá tacaíocht á tabhairt do sheacht bpobal lena gcumhacht féin a ghiniúint agus comhpháirt a bheith acu i réabhlóid fuinnimh na hÉireann agus pobail eile a spreagadh le déanamh amhlaidh. Is dóigh linn go mbeidh sciar níos airde d’fhuinneamh pobalbhunaithe i gceist leis an gcéad cheant eile."

D’éirigh le cúig thionscadal pobail gréine agus le dhá thionscadal pobail gaoithe sa chéad chéim den Scéim. Tá na tionscadail lonnaithe i dtrí chúige, i gContaetha Chill Chainnigh, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Loch Garman, an Chláir agus Chorcaí. Beidh an sciar is mó de na tionscadail faoi úinéireacht na bpobal agus cuirfear an t-ioncam a thiocfaidh uathu ar ais isteach sna pobail sin.

Agus an scéal á fhógairt inniu faoi na táirgeoirí rathúla sa chéad chéim den Scéim, dúirt J.P. Prendergast, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Réigiúnach Chlár Chlainne Mhuiris agus an Iarthair:

"Táimid an-bhródúil go bhfuil feirm fuinnimh ghréine, a bheidh 100% faoi úinéireacht an phobail, le tógáil san áit a raibh láthair dumpála tráth agus go bhfuil láthair ghlas á déanamh de láthair dhonn. Tá súil againn, agus muid i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo agus ag comhoibriú le Community Power, gur féidir linn samhail a sholáthar do phobail eile maidir lenar féidir a bhaint amach. An bua is mó atá bainte amach againn mar gheall ar an gcéad chéim den Scéim ná go bhfuil údarás anois againn agus go bhfuilimid cumasaithe. Is féidir linn a léiriú do phobail eile anois cad é go díreach is féidir a bhaint amach."

Ag labhairt di ag an ócáid fógartha freisin, dúirt Gráinne Blount, Bainisteoir Forbartha Natural Forces:

"Mar gheall ar a rathúla a bhí an chatagóir phobail sa chéad chéim den Scéim, tá conair ann anois a ligfidh do phobail bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus úinéireacht a bheith acu ar thionscadail fuinnimh. Tá na pobail a bhfuilimid ag obair leo ar bís go bhfuil deis acu úinéireacht a bheith acu ar thionscadail fuinnimh san áit ina gcónaíonn siad. Dar leo, tá deis acu saol an phobail a fheabhsú agus tá deis ag na pobail a dtodhchaí féin a mhúnlú agus a fhíorú."

Tá an costas atá ar chumhacht ghaoithe agus ghréine níos ísle ná riamh, agus tá sé ag laghdú i gcónaí mar gheall ar éifeachtúlachtaí sa slabhra soláthair agus ar fheabhsuithe teicneolaíochta. Tá costais na dteicneolaíochtaí seo sa Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ag éirí níos cóngaraí cheana féin don phraghas mórdhíola atá ar leictreachas, agus amach anseo is minic a bheidh siad níos ísle ná an praghas mórdhíola. Tá na costais oibriúcháin ghaolmhara a bhaineann le fuinneamh gaoithe agus gréine íseal. Tá sé léirithe in Éirinn agus ar fud an domhain freisin go n-íslítear an praghas mórdhíola nuair a mhéadaítear líon na ngineadóirí a oibríonn ar costas íseal.

Aithnítear sa Chlár don Rialtas an tábhacht atá le rannpháirtíocht pobal i dtionscadail fuinnimh. Áirítear leis an gcéad cheant sa Scéim cistí sochair éigeantacha pobail i gcás gach tionscadail. Beidh tuairim is €4.5 milliún in aghaidh na bliana ar fáil ón gciste sochair phobail sa chéad chéim den Scéim le haghaidh tionscnaimh inbhuanaithe phobail a dhíríonn ar phobail atá ina gcónaí gar do thionscadail sa chéad chéim den Scéim. Tá tús curtha ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann cheana féin le hobair chun tionscadail tosaíochta a aimsiú.

Tá polasaithe agus tacaíochtaí breise pobail sonraithe sa Chabhair Stáit, lena n-áirítear: tacaíocht airgeadais do thionscadail faoi stiúir pobail, cistí sochair éigeantacha pobail, deiseanna infheistíochta do phobail agus do shaoránaigh, agus catagóirí breise pobail do cheantanna sa Scéim amach anseo.

CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí

Is iad seo a leanas an seacht dtionscadal pobail rathúla:

Tionscadal Ainm Ainm an Chomhlachta Aschur Teicneolaíochta Contae

Fótavoltachas Gréine Bhealach an Tóibínigh Ballytobin Solar Limited (Tom Bruton) Grian 4 Cill Chainnigh

Feirm Ghréine Bhearna Dhearg Templederry Energy Resources Ltd (John Fogarty) Grian 4 Gaillimh / Maigh Eo

Gineadóir Tuirbín Gaoithe Aonair Chluain Con Thoir Clooncon East Single WTG Limited (Seán Molloy) Gaoth ar an talamh 0.9 Gaillimh

Grian Bhaile Dháith Davidstown Renewables Ltd (Joseph Hennessy) Grian 4.95 Loch Garman

Feirm Ghaoithe Dhumha Liag Mór CEARTH LTD (Declan Collins) Gaoth ar an talamh 2.5 Maigh Eo

Páirc Ghréine an Leasa Dhuibh TEMPLEDERRY ENERGY RESOURCES LTD (JP Prendergast) Grian 4 An Clár

Feirm Ghréine an Loirg I.Q Solar Limited (Michael Quirk) Grian 4 Corcaigh

  • Tá 2,237GWh as na tairiscintí 2,557GWh a cuireadh isteach aitheanta mar bhuaiteoirí. Is ionann é sin agus coigilteas féideartha tuairim is 671kt CO2 in aghaidh na bliana (Foinse: Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann) ó thionscadail fuinnimh in-athnuaite de chuid Chéim 1 den Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite. Is ionann é sin agus tuairim is 10% den mhéid atá de dhíth le spriocanna 2030 a bhaint amach.
  • D’éirigh le 82 tionscadal leictreachais in-athnuaite i gceant na Scéime (baineann 479MW le fuinneamh gaoithe ar an gcladach agus 796MW le fuinneamh gréine). Tógfar tuairim is 160 tuirbín gaoithe nua agus tuairim is achar 1,750 heicteár de phainéil ghréine.
  • Ba é €74.08 in aghaidh an MWh an meánphraghas tairisceana ualaithe sa cheant a bhain le teicneolaíocht atá neodrach ó thaobh carbóin de. Seo coigilteas suntasach i gcomparáid le scéimeanna roimhe seo. Murab ionann agus scéimeanna roimhe seo, beidh ar ghineadóirí fuinnimh in-athnuaite custaiméirí leictreachais a aisíoc nuair a bheidh praghsanna margaidh ard; beidh na praghsanna tairisceana seasta thar shaolré na tacaíochta freisin agus ní dhéanfar aon íocaíochtaí le linn praghastréimhsí diúltacha margaidh. Leis an meascán seo d’fhachtóirí, gheobhaidh custaiméirí leictreachais luach níos fearr ar airgead.
  • Murab ionann agus scéimeanna tacaíochta roimhe seo, cuireann an Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ceangal ar na gineadóirí airgead a íoc ar ais leis an PSO sa chás ina mbíonn an praghas mórdhíola níos mó ná a bpraghas tairisceana. Fágann sé sin go mbeidh cobhsaíocht ag gineadóirí fuinnimh in-athnuaite chun go dtig leo airgead a fháil isteach agus a dtionscadail a fhorbairt, agus san am céanna maolófar an riosca a bhaineann le hioncaim bharrachais.
  • Le seachtainí beaga anuas, tá comhaontuithe sínithe ag roinnt comhlachtaí móra ilnáisiúnta go nglacfaidh siad leictreachas neamh-fhóirdheonaithe ó fheirmeacha gaoithe ar an gcladach. Tá fáilte roimh na comhshocruithe seo agus léiríonn siad nach bhfuil srianta á gcur ag an Scéim ná tacaíochtaí Rialtais ar an earnáil a phléann le leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite saor ó fhóirdheontas.
  • Tá creat cumasaithe pobail san áireamh i bpolasaí na Scéime. Ó fógraíodh na torthaí sealadacha i mí Iúil, tá teagmháil déanta ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann leis an Líonra Fuinnimh Inbhuanaithe Pobail d’fhonn 20 tionscadal pobail sa Scéim a aithint agus chun tosaíocht a dhéanamh díobh le go dtabharfar cúnamh dóibh chun staidéar féidearthachta ardleibhéil a dhéanamh.
  • Roghchatagóirí fuinnimh ghréine: Bhí roghchatagóir fuinnimh ghréine i gCéim 1 den Scéim agus is tuairim is 10% de thoilleadh an cheant a bhí luaite leis. Tuairim is 34% an sciar de thoilleadh foriomlán fuinnimh an cheant a raibh fuinneamh gréine i gceist leis. Bronnadh formhór an sciar sin i gcatagóir na teicneolaíochta a bhaineann le fuinneamh atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus bhí catagóir an fhuinnimh ghréine an-iomaíoch.
  • An chatagóir phobail: bhí roghchatagóir 30Gwh do thionscadail phobail i gCéim 1 den Scéim a bhain le tuairim is 1% de thoilleadh an cheant. Bhain 1.5% de thoilleadh iomlán rathúil an cheant le fuinneamh pobail agus aithníodh seacht dtionscadal mar bhuaiteoirí sealadacha. Ligfidh sé sin do phobail a dtionscadail fuinnimh in-athnuaite féin a fhorbairt agus an fuinneamh a dhíol ar ais leis an ngreille.
  • Tá minicíocht ceantanna de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite ag brath ar líne soláthair an tionscadail leictreachais in-athnuaite. Samhlaítear go mbeidh ceithre cheant ar a laghad ann idir 2020 agus 2025 chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Soláthróidh sé seo conairí d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite, tionscadail ghaoithe as an gcósta san áireamh, mar leagtar amach ann na hamlínte táscacha agus toillte le haghaidh ceantanna sa deich mbliana atá amach romhainn, agus tugann sé soiléireacht d’fhorbróirí maidir le cá huair is gá a dtionscadail a bheith réidh don cheant. Ligfidh sé dúinn anseo in Éirinn buntáiste a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.
  • Tá sonraí uile na dtorthaí le fáil anseo.