English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistíonn Éire agus an tAontas Eorpach €10 milliún i líonra náisiúnta Bonneagair Cumarsáide Chandamaigh

Tá Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach ag gabháil orthu féin €10 milliún a infheistiú i dtionscnamh nua a bhfuil mar aidhm leis tarchur sonraí íogaire a chosaint agus cibirionsaithe a chosc.

Rud nua ar fad d’Éirinn is ea an líonra Bonneagair Cumarsáide Chandamaigh, agus imscarfaidh IrelandQCI é sa dá bhliain atá le teacht. Tá an treoirlíonra seo mar chuid den tionscnamh EuroQCI de chuid na hEorpa, a bhfuil mar aidhm leis Bonneagar Cumarsáide Candamach atá slán a thógáil ar fud an Aontais Eorpaigh ina iomláine.

Is é an phríomhfheidhm a bheidh ag an líonra nua Bonneagair Cumarsáide Chandamaigh seo ná cineál ríshlán criptiúcháin a chumasú chun go mbeifear in ann sonraí a tharchur go sábháilte gan aon bhaol haiceála a bheith ann.

Tá Rialtas na hÉireann ag cur cistiú €5 mhilliún ar fáil don tionscnamh, ag meaitseáil dó an chistiúcháin €5 mhilliún ón Aontas Eorpach a fuair IrelandQCI trí Chlár an Aontais Eorpaigh don Eoraip Dhigiteach. Is é an toradh a bheidh ar an gcistiú sin ná go n-imscarfar treoirlíonra Bonneagair Cumarsáide Chandamaigh ar fud na hÉireann faoin mbliain 2024.

Tá IrelandQCI comhdhéanta de shaineolaithe ó shé ollscoil dhifriúla, ag obair dóibh faoi stiúir ag Institiúid Walton, Port Láirge, in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Tá sé comhdhéanta freisin de shaineolaithe ar theicneolaíochtaí candamacha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ó Institiúid Náisiúnta Tyndall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, le tacaíocht ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (Ollscoil na Gaillimhe), ó HEAnet agus ó Theileachumarsáid BSL.

Cuirfear an líonra nua ar fáil chun críocha taighde, agus cumasófar leis don Rialtas, do ghníomhaireachtaí agus do chuideachtaí freisin tosú ar inniúlacht agus acmhainn a thógáil sa phríomhréimse seo agus, sa deireadh, forbairt a dhéanamh ar na scileanna a theastaíonn chun bonneagar criticiúil, sócmhainní sonraí agus córais chriptiúcháin a áirithiú.

Ag fáiltiú dó roimh an bhforbairt inniu i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid:

"Is rud iontach é go bhfuil saineolas atá chomh láidir sin ar an réimse ríthábhachtach seo ag Éirinn cheana féin. Tá ríméad orm gur oibrigh ár saineolaithe le chéile ar bhealach chomh héifeachtach sin chun éiceachóras candamach na hÉireann a chicdhúiseacht. Beidh an teicneolaíocht chandamach linn i bhfad níos luaithe ná mar a cheapfadh daoine; tabharfaidh sí dúinn roimh i bhfad na hacmhainní a theastaíonn uainn chun na fadhbanna is casta a réiteach. Ní féidir a bhformhór a réiteach leis na teicneolaíochtaí atá ann cheana. Mar shampla, tá taighde ag teacht chun cinn ar ríomhairí candamacha a úsáid chun gníomhartha difriúla a d’fhéadfadh an t-athrú aeráide a mhaolú a ionsamhlú."

Sheol an tAire Smyth an Straitéis um Nascacht Dhigiteach don Stát i mí na Nollag. Aithnítear sa straitéis sin an gá le taighde agus nuálaíocht a éascú agus a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí éiritheacha nua amhail Bonneagar Cumarsáide Candamach, go háirithe lena n-úsáid ag comhlachtaí poiblí agus ag gníomhaireachtaí poiblí. Cuid den ghealltanas a leagadh amach sa straitéis is ea an fógra inniu.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Clár an Aontais Eorpaigh don Eoraip Dhigiteach

Is é is an Clár don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL) ann ná clár cistiúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’fhorais riaracháin phoiblí.