English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Insítear don Chomh-Aireacht go mbíonn an aeráid ag sroicheadh pointí iompaithe

  • Tugann an tAire Ryan breac-chuntas géar ar an mear-ráta ag a mbíonn an aeráid ag cliseadh agus ar na freagairtí beartais ar féidir leo cabhrú lena chinntiú go mbeidh Éire ullmhaithe

D’inis Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, don rialtas inniu go bhfuil an aeráid ag sroicheadh príomhphointí iompaithe cheana féin. Nuair a sháraítear na tairseacha criticiúla sin, dar leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, is féidir le tionchar cascáideach teacht chun cinn as a dtagann cliseadh do-aisiompaithe aeráide.

Sa doiciméad dar teideal 'Climate Tipping Points', tugtar le chéile faisnéis ó Fhaireachlann Aeráide Copernicus an Aontais Eorpaigh (AE) agus ón Eagraíocht Mheitéareolaíoch Dhomhanda, mar aon le faisnéis ó Mheasúnú na hÉireann ar an Athrú Aeráide ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ina léirítear go bhfuil an ráta ag a mbíonn an Eoraip ag téamh dhá oiread an mheáin dhomhanda. Thug an tAire faoi deara freisin go measann 77% de na heolaithe aeráide de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh a ndearnadh suirbhé orthu le déanaí go méadóidh an teocht faoi 2.5 céim ar a laghad ar fud an domhain, ar figiúr é atá i bhfad níos airde ná an sprioc atá ann faoi Chomhaontú Pháras an méadú a theorannú go 1.5 céim Celsius.

Tá poil an domhain thíos le teocht fhoircneach cheana féin. I mí an Mhárta 2022, thit oighearchlár san Antartach, ar mhó é ná Contae Bhaile Átha Cliath (agus níos mó ná 1,100 ciliméadar cearnach ann), as a chéile laistigh de chúpla lá ó tháinig méadú mór ar an teocht. Bíonn leá oighearchaidhpeanna ag rannchuidiú go díreach le luasghéarú ó thaobh arduithe ar leibhéal na farraige de, ó 2.1 mm in aghaidh na bliana tríocha bliain ó shin go 4.3 mm in aghaidh na bliana le deich mbliana anuas. Arduithe ar leibhéal na farraige, borrthaí stoirme agus tonnta foircneacha, is bagairt shíormheadaitheach iad ar ár gcathracha agus ár mbailte cósta. Beidh infheistíocht shuntasach ag teastáil ina leith, agus d’fhéadfadh go ndíreofaí méideanna móra acmhainní rialtais ar shiúl ón tsláinte agus ón oideachas chun freastal ar an infheistíocht sin. Thosaigh pointe iompaithe eile cheana féin – aistriú Fhoraois Bháistí na hAmasóine ina sabhána tirim, rud as a dtiocfaidh críonadh siar do-aisiompaithe. Chuala an tAire Ryan go díreach faoi sin sa Bhrasaíl.

Níl Éire saor ón méid sin ar fad. Bhí an bhliain 2023 ar an mbliain is teo ar taifead a bhí againn. I mí an Mheithimh, bhí tonn teasa foircneach muirí ann amach ónár gcósta thiar, tráth a bhí teochtaí dromchla farraige 5.5 céim níos airde ná an ghnáth-theocht, agus iad ina gcúis le báisteach thrópaiceach neamhghnách agus le maidhmeanna damáisteacha tuile. Mar thoradh ar theochtaí a bheith níos airde ná mar is gnách agus ar thaise iomarcach, bhí báisteach dhianseasmhach dhamáisteach ann ar fud an gheimhridh agus an earraigh. I gcás na hÉireann, is é an riosca is mó atá romhainn, dar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ná go lagóidh nó go dtitfidh as a chéile an céad seo imshruthú sreafaí uisce ón gcuid theas go dtí an chuid thuaidh dár gcósta Atlantach (ar a dtugtar Imshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh), ar sreafaí iad as a dtagann aeráid mheasartha na hÉireann Tá Éire ar an domhanleithead céanna le Labradar i gCeanada. Dá gcaillfimis cosaint teochta Imshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh, d’fhéadfadh go mbeadh teochtaí geimhridh atá sa raon idir -10 gcéim agus -15 chéim agus teochtaí samhraidh nach teo ná 10 gcéim i ndán dúinn.

Tharraing an tAire aird ar na Pointí Iompaithe Aeráide chun a chur in iúl go láidir gur gá tuilleadh dianghníomhaithe thapa a dhéanamh ar an aeráid, mar a leag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil amach inniu freisin agus í ag foilsiú na réamh-mheastachán astaíochtaí uaithi don bhliain 2030.

Leag sé an Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide faoi bhráid na Comh-Aireachta freisin, ar Plean é a seolfar comhairliúchán poiblí ina leith an tseachtain seo. Dírítear sa Phlean sin ar na gníomhartha atá ar bun ag Éirinn chun a spriocanna AE don bhliain 2030 a chomhlíonadh i ndáil le laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa, le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hidirnasc leictreachais. Tugtar aird ann ar na réamh-mheastacháin astaíochtaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ina dtugtar le fios nach bhfuil Éire ar an mbóthar ceart faoi láthair chun a haidhmeanna don bhliain 2030 a bhaint amach. Ina ainneoin sin, léirítear sa Phlean laghdú suntasach 29% sna hastaíochtaí réamh-mheasta faoin mbliain 2030. Cé go mbíonn rudaí ag athrú chun feabhais anois, aithníonn an rialtas gur gá na hathruithe sin a dhéanamh níos tapa agus ar scála níos mó.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-insítear an scéal iomlán láithreach sna réamh-mheastacháin ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, toisc nach bhfuil sonraí dóthanacha ar fáil go fóill chun na gníomhartha uile sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide uainn a shamhaltú. Ar na príomhstraitéisí nár samhaltaíodh iad, mar shampla, tá an Beartas um Théamh Ceantair, an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe agus Straitéis Fhadtéarmach Aeráide na hÉireann, a gcuirfear iad go léir i láthair sna seachtainí atá le teacht.

Dúirt an tAire Ryan:

"Tháinig imní mhéadaitheach ar eolaithe aeráide agus ar fhaireachlanna aeráide sa bhliain seo a chuaigh thart mar gheall ar mhéaduithe i dteochtaí domhanda, ar mhéaduithe iad nach rabhthas ag súil leo. Bíonn taifid teochta á mbualadh amach ar fud na cruinne ar fad, agus sáraíodh sa bhliain 2023 an sprioc dhomhanda atá ann an méadú a theorannú go 1.5 céim. Níor éirigh le rialtais astaíochtaí a laghdú go tapa go leor chun an riocht do-aisiompaithe gan fasach atá ar an gcóras aeráide anois a chosc. In Éirinn, tá baol ann go ndúnfar na sruthanna Atlantacha as a dtagann ár n-aeráid mheasartha, go gcuirfear ár gcathracha agus ár gcóstaí faoi uisce, agus go ndíchobhsófar ár dtáirgeadh talmhaíochta agus ár n-ioncaim feirme mar thoradh ar ár ngníomhartha féin.

"Is gá dúinn gníomhú anois agus is gá dúinn gníomhú go tapa. Ní féidir linn an aeráid a chur ar an méar fhada. Má dhéanaimid é sin, beimid go léir thíos leis an toradh, agus is iad na daoine is soghonta inár sochaí na daoine is mó a bheidh thíos leis. Tá an-dul chun cinn á dhéanamh againn cheana féin, agus feabhas á chur ar cháilíocht na beatha an tráth céanna. Leanann an líon iarfheistithe le méadú go mór. Bíonn 700 teach ag aistriú chuig grianchumhacht gach seachtain. Bíonn úsáid an iompair phoiblí ag méadú níos gasta ná ag am ar bith riamh, agus bíonn bonneagar fuinnimh gaoithe, grianfhuinnimh agus idirnaisc á suiteáil go mear inár gcóras fuinnimh ar mhaithe le hastaíochtaí a laghdú beag beann ar an méadú in úsáid fuinnimh. Tríd an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide uainn a fhoilsiú inniu, táimid ag tógáil céim eile ar an mbóthar i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050. Is gá dúinn borradh a chur faoinár gcuid oibre, áfach, chun a chinntiú nach é amháin go mbeidh Éire athléimneach, ach go mbeidh sí ullmhaithe do na deiseanna a bheidh ag gabháil le gníomhú ar son na haeráide freisin."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

Sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, lena gcumhdaítear an tréimhse ón mbliain 2021 go dtí an bhliain 2030, dírítear ar na gníomhartha atá ar bun ag Éirinn chun a spriocanna AE don bhliain 2030 a chomhlíonadh i ndáil le laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa, le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hidirnasc leictreachais, mar a shainordaítear le Rialacháin agus Treoracha AE. Is é aidhm an chomhairliúcháin seo ná aiseolas a bhailiú lena gcuirfear bonn eolais faoi chur isteach an Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide mar chuid den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta atá ar siúl faoi láthair. Forbraíonn gach Ballstát den Aontas Eorpach (AE), Éire ina measc, Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide chun breac-chuntas a thabhairt ar an dul chun cinn ar a gcuspóirí agus a spriocanna aeráide agus fuinnimh faoi reachtaíocht AE a chomhlíonadh.

Leis an gcomhairliúchán seo, cuirtear leis an gcomhairliúchán a seoladh níos luaithe i mbliana ar an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Cuirtear freisin leis na comhairliúcháin fhairsinge a seoladh ar na comhpháirteanna den doiciméad, amhail an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, an tIdirphlé Náisiúnta ar an Aeráid, agus Aistriú Cóir. Seoladh comhairliúchán fairsing i réimsí níos sonraí freisin, amhail fuinneamh in-athnuaite, an t-iompar, agus slándáil an tsoláthair.

Sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, tugtar le chéile beartais, pleananna agus spriocanna ó gach cuid den rialtas. Ba le linn na sruthanna éagsúla oibre atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a fhorbairt a rinneadh an caidreamh substainteach ar an dearadh agus ar an gcomhairliúchán ar bheartais shonracha. Aon aiseolas a gheofar maidir le sruth oibre ar leith, bainfear leas as sna timthriallta beartais náisiúnta a bheidh le hathbhreithniú.

Chuir Éire an dréacht-Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide uaithi faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh sa bhliain 2023. Athbhreithníodh an t-aiseolas a fuarthas ó mheasúnú an Choimisiúin ar an dréacht, agus cuireadh san áireamh sa dréacht athbhreithnithe é nuair ab fhéidir. Seolfar imeacht poiblí ar líne ar ball beag chun tuilleadh comhthéacs a thabhairt ar an bplean agus chun an comhairliúchán seo a bhreisiú.

Príomhspriocanna ar fud sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Athruithe a Chumhachtú: Leictreachas

Laghdú 75% in astaíochtaí faoin mbliain 2030 (i gcomparáid leis an mbliain 2018)

Éascóimid imscaradh mórscála foinsí fuinnimh in-athnuaite, rud a bheidh ríthábhachtach maidir leis an earnáil cumhachta a dhícharbónú agus maidir le leictriú teicneolaíochtaí eile a chumasú.

  • Beidh againn toilleadh fuinnimh gaoithe ar talamh ab ionann agus 6 GW – rud ba leor chun an tír ar fad a chumhachtú agus é i mbun lántáirgthe – agus toilleadh grianphainéal fótavoltach ab ionann agus 5 GW faoin mbliain 2025
  • Deireadh a chur leis an úsáid a bhaintear as gual agus móin i nginiúint leictreachais
  • Feabhas a chur ar sholúbthacht na heangaí chun suas le 85% de leictreachas ó ghiniúint fuinnimh in-athnuaite a chumasú ar an eangach ag an aon am amháin
  • Tomhaltas solúbtha leictreachais a spreagadh trí úsáid méadar cliste agus úsáid tharaifí Am na hÚsáide a chur chun cinn, ar rudaí iad lena maolaítear an t-ualach ar an eangach, lena laghdaítear astaíochtaí agus lena dtéitear chun tairbhe do chustaiméirí

Foirgnimh Níos Fearr a Thógáil: An Timpeallacht Thógtha

Laghdú 45% in astaíochtaí ó fhoirgnimh thráchtála/phoiblí; laghdú 40% in astaíochtaí ó fhoirgnimh chónaithe

Méadóimid éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana, cuirfimid beartais i bhfeidhm chun foirgnimh nuathógtha astaíochtaí nialasacha a sholáthar agus leanfaimid de dhlús a chur lenár gclár iarfheistithe.

  • Iarfheistiú 120,000 teaghais a chumasú faoin mbliain 2025
  • Gach teach nua a thógáil de réir caighdeán Foirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh faoin mbliain 2025
  • Tacú le cur i bhfeidhm 215,000 teaschaidéal inár dtithe faoin mbliain 2025
  • Suas le 0.8 TWh de théamh ceantair a fhorbairt, fearacht Líonra Téimh Ceantair Thamhlachta, ar líonra é a úsáideann téamh iomarcach ó ionad sonraí in aice láimhe chun 32,800 méadar cearnach d’fhoirgnimh a théamh

Soghluaisteacht Níos Glaise: Iompar

Laghdú 50% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Brúfaimid beartais chun cinn chun astaíochtaí iompair a laghdú trí fheabhas a chur ar ár bpleanáil bailte, cathracha agus tuaithe agus trí chur chuige ‘Seachain-Aistrigh-Feabhsaigh’ a ghlacadh: riachtanais taistil a laghdú nó a sheachaint, aistriú chuig an iompar poiblí, chuig an siúl agus chuig an rothaíocht agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh feithiclí.

  • Laghdú 50% in úsáid breosla don iompar faoin mbliain 2030
  • Méadú 130% sa líon turas laethúil d’iompar poiblí faoin mbliain 2030
  • Méadú 50% sa líon turas laethúil de thaisteal gníomhach faoin mbliain 2030
  • Laghdú 25% sa líon turas laethúil de charr faoin mbliain 2030
  • 175,000 feithicil leictreach paisinéirí ar ár mbóithre faoin mbliain 2025

Feirmeoireacht Inbhuanaithe: Talmhaíocht

Laghdú 25% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Tacóimid le feirmeoirí leanúint de bhia atá sábháilte, cothaitheach agus den chéad scoth a tháirgeadh, agus iad ag féachaint freisin lena n-ioncam a éagsúlú trí churaíocht, trí ghiniúint fuinnimh agus trí fhoraoiseacht.

  • Glacadh 80% le limistéar coiscthe ar fheirmeacha féaraigh, rud as a dtiocfaidh laghdú in astaíochtaí níotráit amóinia agus ocsaíde nítriúla agus as a dtiocfaidh laghdú féideartha 8% in astaíochtaí feirme ar fheirmeacha déiríochta
  • An úsáid a bhaintear as nítrigin cheimiceach ar ár bhfeirmeacha a laghdú
  • 1 TWh de bhithmheatán a tháirgeadh faoin mbliain 2025
  • Leis an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES), ar príomhscéim €1.5 billiún í, tugtar luach saothair d’fheirmeoirí as tabhairt faoi bhearta lena ngabhann raon leathan tairbhí comhshaoil

An Gnó a Dhícharbónú: Tionsclaíocht

Laghdú 35% in astaíochtaí faoin mbliain 2030

Táimid ag aistriú na slí a ndéanaimid ár gcuid earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, a thomhailt agus a dhearadh trí dheireadh a chur leis an nasc idir breoslaí iontaise agus dul chun cinn eacnamaíoch. Cuid dhílis de gheilleagar na hÉireann agus dá hiomaíochas sa todhchaí is ea an tionsclaíocht agus an fhiontraíocht a dhícharbónú.

  • Sciar 50-55% a bheith ag téamh atá neodrach ó thaobh carbóin de san éileamh iomlán ar bhreoslaí faoin mbliain 2025
  • Carbón corpraithe in ábhair thógála arna dtáirgeadh agus arna n-úsáid in Éirinn a laghdú faoi 10% faoin mbliain 2025
  • 1 TWh ar a laghad de ghás astaíochtaí nialasacha a bheith in úsáid do théamh tionsclaíoch faoin mbliain 2025
  • Tacú le húsáideoirí móra fuinnimh próisis thionsclaíocha atá níos tíosaí ar fhuinneamh a fhorbairt
  • Úsáid an adhmaid sa tógáil a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú agus chun carbón a chorprú

Réitigh Dhúlrabhunaithe: Bainistíocht Úsáide Talún

A bhuí leis an gcéad chéim den Athbhreithniú ar Úsáid Talún, is eol dúinn conas atáimid ag úsáid ár dtalún faoi láthair. Cabhróidh sé sin linn a shainaithint conas is féidir linn talamh a úsáid ar an tslí is éifeachtaí chun carbón a ghabháil agus a stóráil agus chun bia agus fuinneamh atá níos fearr agus níos glaise a tháirgeadh.

  • Athbhreithniú ar Úsáid Talún a chur i gcrích chun tuiscint níos fearr a ghnóthú ar astaíochtaí bonnlíne na hearnála seo
  • Ráta foraoisithe atá cothrom le 8,000 ciliheicteár in aghaidh na bliana go dtí an bhliain 2030, rud is ionann agus 8 milliún crann, agus 50% de na foraoisí nua ina bhforaoisí crann dúchasach nó ina bhforaoisí crann leathanduilleach
  • 63,000 heicteár de thailte portaigh saothraithe a athshlánú faoin mbliain 2030
  • 2,000 km d’fhálta sceach nua a chur faoin mbliain 2030

Gníomhartha Eile

  • €225 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad i Maoiniú don Aeráid a sholáthar faoin mbliain 2025 do thíortha atá i mbéal forbartha
  • An úsáid a bhaintear as míreanna plaisteacha aonúsáide a laghdú, agus a chinntiú go mbeidh an pacáistiú plaisteach ar fad in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoin mbliain 2030
  • Infheistiú in iarphobail talún portaigh sa lár tíre, agus gnólachtaí, tionscadail phobail agus oiliúint á gcistiú
  • Laghdú 51% in astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méadú 50% in éifeachtúlacht fuinnimh earnála poiblí a bhaint amach faoin mbliain 2030
  • Réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar a athléimní atá bonneagar uisce na hÉireann in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide