Glacann Éire páirt sa chleachtadh cibearchosanta 'beo-lámhaigh' is mó ar domhan – 'Locked Shields'
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
Tá rannpháirtíocht na hÉireann faoi threoir ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, le tacaíocht ó Óglaigh na hÉireann
Tá Éire tar éis páirt a ghlacadh arís sa chleachtadh 'Locked Shields', an cleachtadh cibearchosanta 'beo-lámhaigh' is mó ar domhan. Ba é an Lárionad Barr Feabhais um Chibearchosaint Chomhoibríoch (CCDCOE) a d’eagraigh an cleachtadh i dTaillinn, an Eastóin. Tá comóradh 15 bliana bhunú an chleachtaidh á cheiliúradh i mbliana, rud atá mar fhianaise ar a fhorbairt leanúnach mar phríomhchleachtadh cibearchosanta domhanda.
Ghlac comhfhoireann ó Éirinn, ó na Stáit Aontaithe, ón mBulgáir agus ón nGréig páirt san imeacht seachtaine. Bhí beagnach 220 duine ar an bhfoireann sin, agus tugadh deis dóibh an cumas atá acu cibearchórais fhisiciúla a chosaint i dtimpeallacht géarchéime fíor-ama a thástáil, mar aon le tabhairt faoi chleachtaí straitéiseacha i réimse an dlí agus i réimse na cumarsáide araon. Mar chuid den chleachtadh, d’óstáil an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála baill foirne ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón mBulgáir, agus bhí baill foirne Éireannacha i láthair i gCibircheannasaíocht na Stát Aontaithe freisin.
Tá rannpháirtíocht na hÉireann faoi threoir ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, le tacaíocht ó Óglaigh na hÉireann, ó chuideachtaí príobháideacha teicneolaíochta agus ón lucht léinn. Bhí ríthábhacht ag baint leis an gcur chuige comhoibríoch sin maidir le formhaoirseacht na hearnála poiblí a chumasc le nuálaíocht agus saineolas na hearnála príobháidí agus an lucht léinn.
Raon Feidhme an chleachtaidh 'Locked Shields'
Dírítear sa chleachtadh ‘Locked Shields’ ar chásanna réalaíocha, ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha, ar líonraí casta agus ar mhodhanna éagsúla ionsaithe. Tugadh roinnt gnéithe nua isteach i mbliana. Áirítear leo sin bonneagar néalbhunaithe, cásanna teicniúla gan choinne ar gá oiriúnú go mear dóibh, agus córas uasghrádaithe scórála ina dtugtar aiseolas níos spriocdhírithe.
Chuaigh na foirne a bhí rannpháirteach i mbun an róil mar fhoirne náisiúnta mearfhreagartha cibearshlándála a imscaradh chun cúnamh a thabhairt do thír bhréagach teagmhas cibearshlándála mórscála, agus na himpleachtaí gaolmhara uile, a láimhseáil. Sa bhliain 2025, mhéadaigh na heagraithe an líon córas fíorúil atá le cosaint go breis agus 8,000 ceann, agus iad faoi réir breis agus 8,000 cibirionsaí.
Mar aon le córais chasta TF a dhaingniú, ní mór do na foirne rannpháirteacha teagmhais a thuairisciú agus dúshláin chogaíochta fóiréinsí, dlí, meán agus faisnéise a réiteach go héifeachtach. Ní hé amháin go dtástálann an cleachtadh an fhreagairt theicniúil agus oibríochtúil do chibirionsaithe, ach cuimsíonn sé freisin gnéithe de chumarsáidí straitéiseacha, de chinnteoireacht shinsearach beartais phoiblí, agus de chomhordú uile-rialtais agus sochaí.
Ag labhairt dó tar éis an chleachtaidh, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:
"Is é an croímhisean atá againn an Stát a chosaint ar rioscaí sa chibir-réimse. Bunaithe ar eachtraí a thit amach san am atá thart, is eol dúinn gur romhainn féin atá na rioscaí agus na bagairtí céanna atá roimh ár gcomhghleacaithe sa chleachtadh seo. Tugann an cleachtadh ‘Locked Shields’ deis dúinn oiliúint, cleachtadh agus dul san iomaíocht lenár gcuid comhghleacaithe agus comhpháirtithe agus, an tráth céanna, ár gcuid scileanna, inniúlachtaí agus nósanna imeachta féin a thástáil. Chun go mbeimid in ann an bonneagar, na seirbhísí agus na sonraí a bhfuil muintir na tíre seo ag brath orthu a chosaint, is gá dúinn a bheith deimhin de go mbeimid iomaíoch i gcónaí sa timpeallacht seo agus is gá dúinn sinn féin a thástáil go leanúnach in aghaidh na ndaoine is fearr ar domhan.
"Ní thar oíche a tharla ár gcuid éachtaí, agus tá siad mar thoradh ar an oiliúint a cuireadh isteach agus ar an acmhainneacht a forbraíodh le blianta fada anuas. Chomh maith leis sin, is spórt foirne í an chibearshlándáil; tá an cleachtadh seo agus an méid ollmhór eagrúcháin agus ullmhúcháin atá i gceist le hullmhú dó thar a bheith úsáideach maidir le caidrimh a thógáil agus a thástáil lenár gcomhghleacaithe in Óglaigh na hÉireann agus ar fud na gcuideachtaí príobháideacha éagsúla a chuir a gcuid saineolais agus ama ar fáil dúinn san iarracht seo."
Agus an comhar rathúil atá ar bun idir an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus Óglaigh na hÉireann á aithint aige, dúirt an Briogáidire-Ghinearál Brian Cleary, Ceannasaí na Comhcheannasaíochta Cibearchosanta:
"Agus é ag cur lenár rannpháirtíocht sa Chleachtadh 'Locked Shields' roimhe sin, is ionann an cleachtadh i mbliana agus céim thábhachtach chun tosaigh d’Óglaigh na hÉireann maidir le cibearchosaint náisiúnta na hÉireann a neartú trí dhlúth-chomhoibriú leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Ag obair dúinn taobh le taobh i gceann de na cleachtaí cibearchosanta is forbartha ar domhan, táimid ag cur feabhas ar ár n-ullmhacht chomhpháirteach, ag doimhniú comhar idirghníomhaireachta agus ag leagan béim ar an tiomantas atá againn do chomhshlándáil agus do bhonneagar criticiúil náisiúnta a chosaint."
Cinntíodh gur cuireadh cleachtadh na bliana 2025 i gcrích go rathúil a bhuí le mórthacaíocht ón earnáil phríobháideach, agus Microsoft Ireland, BAE, Bord Soláthair an Leictreachais, Edgescan, Wiretrap, EY, KPMG, Threatscape, Fortinet, Segura, Flutter Entertainment, agus Synopsys ag rannchuidiú leis.
ENDS
Nótaí don Eagarthóir
Tá ionadaí ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ar fáil le haghaidh agallamh maidir leis an rannpháirtíocht sa chleachtadh seo.
Ba cheart iarrataí a sheoladh chuig an bpreasoifig sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (press.office@decc.gov.ie no 087-6937580).
Cleachtadh 'Locked Shields'
Tá cleachtadh 'Locked Shields' á reáchtáil ón mbliain 2010 i leith. Is é an cleachtadh cibearchosanta 'beo-lámhaigh' idirnáisiúnta is mó agus is casta ar domhan. Agus é ar an aon chleachtadh straitéiseach cibearshlándála amháin dá chineál, is é aidhm an chleachtaidh seo eispéireas oiliúna atá réalaíoch agus dúshlánach a sholáthar agus cibear-athléimneacht, comhar agus an slabhra ceannais a thástáil i dtimpeallacht strusmhar.
Is é an Lárionad Barr Feabhais um Chibearchosaint Chomhoibríoch de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO), atá lonnaithe i dTaillinn, an Eastóin, a reáchtálann an cleachtadh. Is ionann an Lárionad Barr Feabhais agus mol eolais atá creidiúnaithe ag NATO agus a thairgeann cur chuige idirdhisciplíneach uathúil i leith na saincheisteanna is ábhartha ó thaobh cibearchosanta de.
Tá Éire ar cheann amháin de na seacht bpáirtí nach baill de NATO iad a bhíonn ag rannchuidiú le hobair an Lárionaid Barr Feabhais. Cuirtear cleachtadh ‘Locked Shields’ i gcrích mar chleachtadh idir Foireann Dhearg agus Foireann Ghorm, áit a mbíonn fíor-ionsaitheoirí ag déanamh ionsaí ar fhíor-ríomhchórais.
Arís agus arís eile, bíonn cás bréagach an chleachtaidh ‘Locked Shields’ ag teacht le dúshláin dhomhanda chomhaimseartha, agus cineálacha teannais gheopholaitiúil amhail tógáil oileán saorga, sáruithe ar theorainneacha idirnáisiúnta, sáruithe ar cheannasacht stáit, agus, ar ndóigh, cibirionsaithe mórscála á gcomhtháthú isteach ann.
Sa bhliain 2025, lean cás an chleachtaidh 'Locked Shields' le hathrú i gcomhthéacs na coinbhleachta idir na náisiúin oileánda bhréagacha darb ainm Berylia agus Crimsonia, ar naimhde réigiúnacha iad le fada. Ar aon dul leis an snáithe scéil a forbraíodh in eagráin roimhe sin de chleachtaí 'Locked Shields' agus 'Crossed Swords' de chuid an Lárionaid Barr Feabhais um Chibearchosaint Chomhoibríoch, féachann Berylia lena cheannasacht a chosaint ar fhogha Crimsonia agus leis an gcríoch atá caillte aige a mhíntíriú.
Leathnaíodh an cumhdach geografach sa chleachtadh 'Locked Shields' don bhliain 2025 chun comhoibriú ar fud limistéir an Aigéin Atlantaigh agus an Aigéin Chiúin a ionsamhlú. Mar aon le Berylia agus le Crimsonia, tugadh náisiúin bhréagacha nua isteach i mbliana: Revalia agus Netoria i réigiún an Atlantaigh Thuaidh, agus Nekelonia agus Selenoa san Aigéan Ciúin. Is suntasach an rud é go bhfuil Netoria ina bhall de NATO agus den Aontas Eorpach araon.
Tá ionadaí ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ar fáil le haghaidh agallamh maidir leis an rannpháirtíocht sa chleachtadh seo; ba cheart iarrataí a sheoladh chuig preasoifig na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (press.office@decc.gov.ie nó 087-6937580).