English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Is féidir leis an Treochlár Náisiúnta nua um Chosc ar Dhramhbhia cabhrú le dramhbhia a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030

Rinne Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025 a sheoladh inniu, rud ina leagtar amach an dóigh ar féidir linn ár ndramhbhia a laghdú go mór faoin mbliain 2030.

Measann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gur ghin Éire thart ar 770,316 thona de dhramhbhia sa bhliain 2020. Ba iad teaghlaigh na táirgeoirí is mó dramhbhia, agus iad freagrach as 31% den iomlán sa bhliain 2020. Bhí an earnáil déantúsaíochta agus próiseála bia agus dí ar an dara táirgeoir is mó dramhbhia, agus í freagrach as thart ar 29% den dramhbhia ar fad a táirgeadh. Ba iad bialanna agus seirbhísí bia (23%), táirgeoirí príomhúla (9%), agus miondíoltóirí agus dáileoirí eile bia (8%) a bhí freagrach as an dramhbhia eile a táirgeadh.

Is fadhb dhomhanda ollmhór é dramhbhia agus bíonn iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus geilleagracha aici. Teastaíonn acmhainní substaintiúla le haghaidh bia a fhás, a phróiseáil, a iompar agus a stóráil. Ós rud é go n-imríonn dramhbhia tionchar suntasach ar tháirgeadh astaíochtaí carbóin, is féidir linn cabhrú le spriocanna foriomlána astaíochtaí na hÉireann a bhaint amach trí dhramhbhia a laghdú.

Bhí an treochlár nua seo ina ábhar do chomhairliúchán poiblí i dtús na bliana 2022. Leagtar amach ann gníomhartha tosaíochta i réimsí amhail an dóigh ar féidir dramhbhia a laghdú sa chéad áit, deighilt dramhbhia, tabhairt shábháilte bia, taighde, agus an ról atá ag cumarsáid éifeachtach agus ag múscailt éifeachtach feasachta maidir le cabhrú le hiompraíocht a athrú. Féachtar sa doiciméad freisin ar an ról atá ag an earnáil phoiblí maidir le dul i ngleic le dramhbhia trí fheabhas a chur ar chleachtais soláthair.

Tá Éire tiomanta do dhramhbhia a laghdú faoi 50% faoin mbliain 2030 ar aon dul le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Chomh maith leis sin, tá forbairt an Treochláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia ar cheann amháin de na gealltanais atá tugtha i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann le haghaidh Geilleagar Ciorclach, sa doiciméad ‘Fís don Bhia 2030’, agus sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 ón rialtas.

Ag labhairt dó faoi sheoladh an lae inniu, dúirt an tAire Smyth:

"Ceann amháin de na bearta is tábhachtaí is féidir linn go léir a dhéanamh chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac agus chun tacú le haistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach is ea dul i ngleic le caillteanas bia agus le dramhbhia. Bíonn dramhbhia le feiceáil ag gach céim den bhiashlabhra. Níl aon chiall leis, agus is gá dúinn dul i ngleic leis má táimid chun na spriocanna foriomlána astaíochtaí atá againn a bhaint amach. Chuir daoine an méid sin in iúl dúinn le linn ár gcomhairliúchán freisin. Is féidir le gach duine feadh an bhiashlabhra – idir tháirgeoirí agus thomhaltóirí – a gcuid féin a dhéanamh chun dramhbhia a chosc sa chéad áit agus is féidir leo bia iomarcach a úsáid ar shlí níos inbhuanaithe ansin, seachas é a chaitheamh amach."

Tá sé mar aidhm le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 ó na Náisiúin Aontaithe dramhbhia in aghaidh an duine a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra araon ar fud an domhain faoin mbliain 2030, mar aon le caillteanais bhia a laghdú feadh shlabhraí an táirgthe agus an tsoláthair, lena n-áirítear caillteanais iarbhuainte. Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomhroinn maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 ó na Náisiúin Aontaithe.

Ag fáiltiú dó roimh sheoladh an lae inniu, dúirt Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara:

"Tá an treochlár ina straitéis thábhachtach maidir le cabhrú le gach geallsealbhóir san earnáil agraibhia, lena n-áirítear miondíoltóirí, seirbhísí gnó, ionadaithe do thomhaltóirí agus táirgeoirí príomhúla, páirt a ghlacadh in iarrachtaí comhchoiteanna chun caillteanas bia agus dramhbhia a laghdú. Ceann amháin de mhórdhúshláin ár linne is ea dul i ngleic le dramhbhia. Tá mórthairbhí sláinte agus mórthairbhí aeráide araon ag baint le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhramhbhia.

"Tá mo Roinn ag tnúth le hobair i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le geallsealbhóirí tábhachtacha eile chun dramhbhia agus caillteanas bia a laghdú tríd an treochlár seo a chur chun feidhme."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An beartas náisiúnta

Gealltar i gClár an Rialtais dar teideal ‘Ár dTodhchaí Chomhroinnte’ leanúint de bheith ag obair chun dramhbhia a íoslaghdú ar fud an gheilleagair. Tá forbairt an treochláir náisiúnta um chosc ar dhramhbhia ar cheann amháin de na gealltanais atá tugtha i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann le haghaidh Geilleagar Ciorclach, sa doiciméad ‘Fís don Bhia 2030’, agus sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 ón rialtas.

Is leis an Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022 (an tAcht), a thugtar an bonn reachtúil le haghaidh straitéis náisiúnta um chosc ar dhramhbhia a ullmhú. Agus an straitéis sin á hullmhú, beidh aird ag an Aire ar an Straitéis um an nGeilleagar Ciorclach atá le hullmhú de réir alt 7 den Acht, i measc nithe eile. Ós rud é nár glacadh Straitéis reachtúil um an nGeilleagar Ciorclach go fóill, ba ar bhonn neamhreachtúil a ullmhaíodh agus a ceadaíodh an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025.

Is ar bhonn reachtúil a ullmhófar an chéad leagan eile den Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia tar éis straitéis um an ngeilleagar ciorclach a ullmhaíodh de réir an Achta a fhoilsiú.

An Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia

Áirítear na nithe seo a leanas leis an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia 2023-2025:

  • comhthéacs maidir le dramhbhia agus maidir le cé na comhpháirteanna de shlabhra an tsoláthair bia atá ar áireamh sa treochlár
  • an dóigh a mbunóidh Éire a sonraí bonnlíne náisiúnta faoi dhramhbhia, ar sonraí iad ar a mbeidh an laghdú 50% faoin mbliain 2030 bunaithe
  • an cur chuige i leith clocha míle agus spriocanna eatramhacha ar an mbealach i dtreo an sprioc sin don bhliain 2030 a bhaint amach
  • an dóigh a gcinnteoimid go mbunófar córas láidir náisiúnta um dhramhbhia a thomhas agus a thuairisciú chun na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar Éirinn a chomhlíonadh agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann ar na ceangaltais a leag na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach uirthi a chomhlíonadh thar an gcéad deich mbliana eile
  • gealltanas chun obair le chéile, chun tomhas dramhbhia a fheabhsú, agus chun príomhghníomhartha tosaíochta a shainaithint agus a chur chun feidhme feadh shlabhra an tsoláthair bia chun cabhrú le gealltanais na hÉireann a chomhlíonadh i ndáil le caillteanas bia agus dramhbhia a chosc
  • an cur chuige i leith dramhbhia a dheighilt agus i leith bia a thabhairt agus a athdháileadh agus an ról atá ag taighde agus nuálaíocht agus ag soláthar poiblí glas i ndáil le dramhbhia a chosc
  • gealltanas chun cumarsáid agus feasacht mharthanach a sholáthar maidir le dramhbhia a chosc agus a dheighilt
  • an dóigh a mbunóimid creat faireacháin agus meastóireachta chun an dul chun cinn ar phríomhghníomhaíochtaí a sheiceáil agus chun an Treochlár a nuashonrú dá réir sin

Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an phríomhroinn rialtais maidir le Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia a fhorbairt agus maidir le cur chun feidhme an treochláir a chomhordú agus a athbhreithniú.

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an phríomhroinn rialtais maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 ó na Náisiúin Aontaithe. Tá rún daingean ag an dá Roinn obair go dlúth lena chéile chun laghduithe uaillmhianacha caillteanais bia agus dramhbhia a shaothrú, ar laghduithe iad a rannchuideoidh go héifeachtach leis an treochlár a chur chun feidhme.

Imreoidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ról oibríochtúil tábhachtach maidir le cur chun feidhme na bpríomhghníomhartha sa treochlár a bhrú chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs na freagrachta leantaí atá uirthi Clár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhbhia a sholáthar agus staitisticí náisiúnta dramhbhia na hÉireann a thuairisciú gach bliain.

An ghníomhaíocht náisiúnta um chosc ar dhramhbhia

Tá an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhbhia de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil á chur chun feidhme tríd an gClár um an nGeilleagar Ciorclach 2021-2027. Oibríonn an clár ar fud na dtrí chroíréimse seo a leanas: Teaghlach; Slabhra an tSoláthair; agus Fáilteachas.

Tá treoir agus leideanna maidir le conas dramhbhia a chosc sa bhaile ar fáil tríd an bhfeachtas náisiúnta: StopFoodWaste.ie.

Tá faisnéis agus treoir atá ceaptha chun tacú le gnólachtaí dramhbhia a laghdú ar fáil ag Cairt na hÉireann um Dhramhbhia. Tá an tionscnamh náisiúnta sin faoi stiúir ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.