English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Ryan pleananna uaillmhianacha idirnaisc leictreachais amach le go mbeadh Éire ina glan-onnmhaireoir fuinnimh

  • Tá deiseanna idirnaisc leis an Spáinn, leis an mBeilg agus leis an Ísiltír le breithniú ag an Rialtas

D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, roimh an gceadú a thug an Chomh-Aireacht do ráiteas beartais nua maidir le hidirnasc leictreachais, rud a bhfuil mar aidhm leis cuid lárnach de thodhchaí fuinnimh na hEorpa a dhéanamh d’Éirinn.

Mar chuid de na pleananna atá beartaithe, méadóidh Éire an toilleadh idirnaisc leictreachais atá aici agus iniúchfaidh sí deiseanna nua idirnaisc leis an Spáinn, leis an mBeilg agus leis an Ísiltír agus naisc bhreise leis an mBreatain Mhór agus leis an bhFrainc araon. Tugtar le hidirnascairí leictreachais modh trínar féidir leictreachas a chomhroinnt idir tíortha agus, mar thoradh ar na forbairtí nua idirnaisc atá beartaithe, agus ar an earnáil fuinnimh inathnuaite atá ag fás sa Stát, d’fhéadfadh Éire a éirí ina glan-onnmhaireoir leictreachais.

Leagtar amach sa Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais, ar cheadaigh an Chomh-Aireacht é Dé Máirt an 25 Iúil 2023, an dóigh a gcinnteofar réamhphleanáil chomhtháite trí chur chuige stát-treoraithe a ghlacadh, agus an bealach á réiteach don bhonneagar a theastaíonn chun mórdheiseanna onnmhairiúcháin fuinnimh ghlais a thapú. Fágann acmhainneacht fuinnimh amach ó chósta na hÉireann go bhfuil sí ina cuid lárnach de thodhchaí fuinnimh chomhroinnte na hEorpa. Tiocfaidh méadú ar an tábhacht a bhaineann le hidirnasc de réir mar a mhéadaíonn sciar na hearnála fuinnimh inathnuaite den mheascán soláthair i gcóras leictreachais na hÉireann agus na hEorpa i ndáil le leictreachas a allmhairiú agus i ndáil le leictreachas a onnmhairiú araon. Cabhraíonn ‘idirnasc’ méadaithe leis an soláthar leictreachais agus an t-éileamh ar leictreachas a chothromú idir tíortha agus bíonn sé ina sholáthar cumhachta cúltaca luachmhar nuair a bhíonn toilleadh laghdaithe ag córais leictreachais. Toradh eile a bheidh ar idirnaisc nua is ea go mbeifear in ann allmhairí fuinnimh a mhéadú i gcás drochshuaite, rud a d’fhéadfadh tarlú le linn eachtraí adhaimsire.

  • Tacú go sonrach le nasc breise leis an mBreatain Mhór faoin mbliain 2030, lasmuigh d’Idirnascaire Greenlink a chríochnú
  • Breithniú a dhéanamh ar na tionscadail bhreise seo a leanas: idirnasc eile leis an bhFrainc atá de bhreis ar an Idirnascaire Ceilteach; nasc leis an Spáinn; nasc breise leis an mBreatain Mhór tar éis na bliana 2030; agus nasc leis an mBeilg nó leis an Ísiltír
  • Gealltanas go bhforbrófaí Straitéis um Tharchur Amach ón gCósta agus go n-iniúchfaí an acmhainneacht le haghaidh idirnascairí ilchuspóireacha chun deiseanna onnmhairiúcháin a uasmhéadú agus chun forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a éascú
  • Réamhphleanáil idirnascairí a chomhtháthú le céimeanna nua i bhforbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta, lena n-áirítear tacú le hionchuir isteach i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe i limistéir áitiúla agus réigiúnacha
  • Déanfar breithniú freisin ar aon idirnasc eile a theastaíonn chun tacú le leictreachas inathnuaite a onnmhairiú i gcomhthéacs úsáidí eile amhail hidrigin ghlas

Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú an Ráitis Beartais, dúirt an tAire Ryan:

“Cumasóir bunriachtanach taobh thiar den úsáid mhéadaitheach a bhainfimid as fuinneamh inathnuaite a bheidh in idirnasc méadaithe leictreachais. Imreoidh sé ról tábhachtach freisin inár n-aistriú chun teacht chun bheith inár nglan-onnmhaireoir fuinnimh, agus cuid dhílis de mhórphleananna fuinnimh na hEorpa á déanamh d’Éirinn.

“Maidir leis an gcur chuige comhtháite réamhphleanála atá leagtha amach laistigh den ráiteas beartais sin, beidh sé ailínithe le réamhphleanáil fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Mar thoradh air sin, beifear in ann an bonneagar a theastaíonn chun ár n-uaillmhianta fuinnimh a éascú a sholáthar. Toradh eile a bheidh air is ea go gcomhtháthófar margaí leictreachais na hEorpa ar bhealach níos fearr agus, má úsáidtear margaí fuinnimh atá níos éagsúlaithe, cuirfear feabhas ar ár slándáil fuinnimh agus ar ár n-athléimneacht fuinnimh. Chomh maith leis sin, cabhróidh ár gcur chuige le praghsanna fuinnimh a ísliú agus imreoidh sé ról lárnach in aistear na hÉireann i dtreo córas cumhachta a bheidh aeráidneodrach.”


Nótaí don Eagarthóir

Is ionann toilleadh idirnaisc na hÉireann agus 500 MW faoi láthair, a thagann ó nasc aonair le margadh na Ríochta Aontaithe. Tá an toilleadh le méadú faoi níos mó ná faoi thrí go 1,700 MW faoin mbliain 2027. Áireofar leis sin idirnasc díreach a thabhairt ar ais idir Éire agus an tAontas Eorpach tríd an ‘Idirnascaire Ceilteach’.

Leagadh amach i gClár an Rialtais, 2020, den chéad uair riamh an gá leis an gcreat beartais maidir le hidirnasc leictreachais a neartú, agus cuimsíodh gníomh sonrach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2021, arbh é a bhí ann nuashonrú a sholáthar ar an ráiteas beartais roimhe ón mbliain 2018 maidir le hidirnasc leictreachais. Cuimsíodh gníomh nuashonraithe sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, rud lena gceanglaítear soláthar an ráitis beartais nuashonraithe sin.

Áirítear le forbairt an bheartais soláthar, forbairt agus seachadadh a dhéanamh ar thuarascáil anailíseach sheachtrach ar riachtanais idirnascaire na hÉireann suas go dtí an bhliain 2050. Maidir leis an anailís a chuimsítear sa tuarascáil, a seachadadh i mí Feabhra 2023, táthar á húsáid mar chuid den bhonn faoin ngealltanas go mbreithneofaí naisc sa todhchaí lenár gcomharsana geografacha.

Cuireadh comhairliúchán ar siúl freisin. Fuarthas 21 fhreagra ar an gcomhairliúchán sin, agus an gcuid is mó díobh faighte ón lucht tionscail. Bhí formhór na bhfreagraithe sa chomhairliúchán poiblí i bhfách le hidirnasc breise, tionscadail hibrideacha san áireamh, a fhorbairt, á rá go mbeifí ag súil leis go mbeadh tionchar tairbheach ag idirnasc breise trasteorann ar chuspóirí aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, lena n-áirítear foinsí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a sholáthar.

Idirnascairí ilchuspóireacha

Tá idirnascairí ilchuspóireacha ina gcáblaí fomhuirí leictreachais atá beartaithe chun tír amháin a nascadh le margaí comharsanacha, agus giniúint amach ón gcósta á nascadh le giniúint ar talamh ag an am céanna. D’fhéadfadh go gcuimseofaí an tsócmhainn sin cumraíochtaí éagsúla giniúna, lena n-áirítear bonneagar eangaí amach ón gcósta agus naisc mhargaidh leictreachais. Beidh sé riachtanach sainiú a dhéanamh ar idirnascairí ilchuspóireacha maidir leis an dóigh a bhféadfaí iad a chur i gcomhréir leis na huaillmhianta eangaí agus giniúna fuinnimh amach ón gcósta atá ag Éirinn ar an tslí is fearr. Cé go bhféadfadh mórthairbhí a bheith ag baint le hidirnascairí ilchuspóireacha, is gá an acmhainneacht sin a bhreithniú i gcomhthéacs na hÉireann agus beidh sé riachtanach freisin cóir chuí rialála a bhunú.

Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe

An 13 Iúil 2023, sheol an Rialtas an chéad Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe uaidh, rud ina mbreithneofar forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta laistigh de limistéar geografach Chósta Theas na hÉireann. Is é atá sa phróiseas um Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ná an chéad chéim atá tógtha ag Éirinn i dtreo fhorbairt chórasach phleantreoraithe a hacmhainneachta ollmhóire fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Úsáidfear Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe chun an limistéar leathan a bhféadfar tionscadail fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt ann a chinneadh agus gníomhóidh siad mar phlean bainistíochta do limistéar sonrach dár n-uiscí muirí. Is é an toradh a bheidh air sin sa chleachtas ná go gcinnfidh an Stát, ag obair dó i gcomhar le pobail áitiúla agus ag déanamh breithniú dó ar ghníomhaíochtaí muirí eile amhail an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara, an láthair chuí le haghaidh forbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Leis sin, cinntítear go mbainisteofar forbairtí sa todhchaí ar bhealach pleanáilte agus inbhuanaithe. Soláthraítear le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe freisin níos mó soiléire do na geallsealbhóirí muirí uile maidir le cá háit a mbeidh an fhorbairt lonnaithe. Maidir le forálacha do réamhphleanáil spásúil a úsáid agus do Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú, foráiltear dóibh sa reachtaíocht náisiúnta tríd an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí.