Leathnaíonn an Rialtas an cistiú leis an éiceachóras muirí ríthábhachtach a chosaint
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Leis an gcistiú is déanaí de €1.6 millliún don togra Aershuirbhéireacht ObSERVE 2 tugtar an t-infheistiú iomlán sa Chlár ObSERVE go €4.5 milliún
An mhí seo cuirfidh cuibhreannas idirnáisiúnta faoi cheannas Éireannach tús le haershuirbhéireachtaí forleathana de beagnach 500,000km2 de limistéar muirí na hÉireann. Trí Aershuirbhéireacht ObSERVE 2 beidh tuiscint níos fearr ar speicis mhuirí na hÉireann agus ar na gnáthóga atá de dhíth orthu chun maireachtáil agus bláthú.
Tá éagsúlacht iontach de bheathra muirí sna farraigí s’againn lena n-áirítear míolta móra, deilfeanna, muca móra agus éin farraige agus táimid tiomanta iad sin a chosaint. Chomh maith leis sin, is féidir le timpeallacht nádúrtha mhuirí s’againn agus a háiseanna fuinnimh in-athnuaite cabhrú linn ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh, agus tá an Rialtas tiomanta ár mbeatha mhuirí a thuiscint agus a chosaint le linn pleananna a fhorbairt don eischósta.
Cabhraíonn an clár ObSERVE linn gníomhaíochtaí agus forbairt mhuirí a phleanáil, gan bagairt ar éiceachórais leochaileacha mhuirí. Tá an Clár á chomh-mhaoiniú ag an Roinn Oideachais, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ).
Agus é ag caint ag seoladh thogra Aershuirbhéireacht ObSERVE 2, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan TD:
"Trí áiseanna gaoithe eischósta s’againn a fhorbairt tugtar deis iontach d’Éirinn scaoileadh le breoslaí iontaise agus ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a chomhlíonadh. Le linn dúinn sin a dhéanamh tá rún daingean againn ár dtimpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht iontach atá inti a chosaint. Imreoidh an t-eolas eolaíochta ón togra ObSERVE ról ríthábhachtach chun ár n-áiseanna a fhorbairt ar bhealach inmharthana. Leis an gcomhoibriú idir an Roinn s’agam, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann le tacú leis an togra léirítear an tábhacht a chuireann an Stát ar ár dtimpeallacht mhuirí a chosaint agus na huaillmhianta atá againn araon cur in aghaidh athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta."
Dúirt an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghcháin Malcolm Noonan TD:
"Tá caomhnú na bithéagsúlachta muirí ar na príomhthosaíochtaí atá agam mar Aire don Oidhreacht agus tacóidh an clár tábhachtach taighde seo leis an saothar sin. Tá limistéar muirí na hÉireann ar na cinn is mó in Éirinn – tá freagracht orainn aire a thabhairt dó agus don réimse éagsúil fiadhúlra atá ag brath air, go háirithe agus ár n-áis fuinnimh in-athnuaite eischósta á forbairt againne mar chuid den chlár gníomhaíochta uaillmianach atá ag Éirinn don aeráid. Léiríonn togra Observe 2 céim thábhachtach chun tosaigh agus sinn i gcónaí ag forbairt ár dtuisceana eolaíochta ar an éiceachóras muirí agus ag obair i gcomhar leis na páirtithe uile lena chinntiú go gcosnaítear san fhadtéarma é."
Dúirt William Walsh POF an ÚFIÉ:
"Tá an-áthas ar ÚFIÉ go bhfuilimid páirteach i gclár ObSERVE. Táimid ag súil go mór le torthaí na suirbhéanna, rud a chabhróidh linn tuilleadh a thuiscint faoin éiceachóras muirí agus a dhéanfaidh eolas do phleananna le haghaidh fuinneamh in-athnuaite eischósta don todhchaí."
Agus é ag cur fáilte roimh an gcistiú leanúnach ón Rialtas don taighde, dúirt Greg Donovan, Iar-CheannasaÍ Eolaíochta ag Coimisiún Idirnáisiúnta na Míólta Móra:
"Ní thiocfaidh caomhnú agus bainistíocht éifeachtach ach as eolaíocht láidir. Is iontach an rud é Éire a fheiceáil chun tosaigh sa timpeallacht mhuirí leis an gcéad chlár ObSERVE agus anois ObSERVE 2."
Táthar le tús a chur le haershuirbhéireachtaí forleathana faoin gclár ObSERVE i Meitheamh 2021. Sna haershuirbhéireachtaí seo déanfar sampláil ar chuid mhór de limistéar muirí na hÉireann de beagnach 490,000km2, faoi stiúir Choláiste Ollscoile, Corcaigh. Tá na sonraí a bailíodh mar chuid den chéad chéim den chlár tar éis mórbhearnaí sna sonraí a líonadh cheana féin agus chabhraigh siad le bainistiú níos feasaí agus níos inmharthana ar ghníomhaíochtaí eischósta, agus le forbairt ar straitéisí oiriúnaithe caomhnaithe a chothóidh ár dtimpeallacht mhuirí san am atá le teacht. Tógfaidh an dara céim den ObSERVE ar an eolas agus ar na sonraí a bailíodh sa chéad chéim rathúil.
I gceannas ar fhoireann COC tá an Dochtúir Mark Jessopp agus an tOllamh Emer Rogan ón Scoil Eolaíochta, Bitheolaíocha, Domhaneolaíocha agus Comhshaoil, le comhpháirtithe ó Action Air, France, Ollscoil Wageningen & Taighde san Ísiltír agus Ollscoil Duke in SAM.
Luaigh an Dochtúir Mark Jessopp:
"Tá an–áthas ar COC Clár ObSERVE 2 a sheachadadh. I gclár an tsuirbhé tá eitiltí samhraidh agus eitiltí geimhridh go ceann dhá bhliain, ach táimid ag súil leis an dúshlán."
Dúirt an tOllamh Rogan:
"Tabharfaidh na torthaí ó chlár ObSERVE II sraith ama ar leith dúinn le bheith ag breathnú ar threochtaí i líonmhaireacht agus dáileadh éan farraige agus ceiticeach, ag déanamh eolais do bhainistíocht agus do chaomhnú."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
In uisce mara na hÉireann tá cónaí ar an iomad speiceas de mhíolta móra agus de dheilfeanna lena n-áirítear speicis neamhchoitianta amhail an míol mór gorm, agus míolta móra socacha a thumann go domhain, chomh maith le speicis atá níos coitianta amhail deilfeanna bolgshrónacha, deilfeanna coitianta nó tóithín. Sna farraigí s’againn freisin tá talamh tábhachtach sealgaireachta do thurtair dhroimleathair agus na scórtha de speicis éan farraige amhail puifíní, foracháin, guairdill, gainéid agus cánóga. Is clár eolaíochta ceannródaíoch é ObSERVE ceaptha lenár n-eolas agus tuiscint ar na speicis seo agus a ngnáthóga a fheabhsú. Faightear an tuiscint níos fearr seo trí shonraí d’ardchaighdeán a bhailiú agus a anailisiú ar dháileadh agus líonmhaireacht ceiticeach (míolta móra, deilfeanna agus muca mara), éan farraige, turtar agus speicis eile mhara timpeall chósta na hÉireann, agus inár n-uiscí fiáine Atlantacha.
Óna thús in 2014, léirigh Clár ObSERVE an bhithéagsúlacht shaibhir agus an táirgiúlacht nádúrtha atá ag timpeallacht mhara na hÉireann.
Sa dara céim den Chlár ObSERVE tá comhpháirtíocht ghníomhach agus comhordú idir an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, agus le chéile thug siad cistiú de €1.6 million don togra Aershuirbhéireachta. Tugann sin infheistiú iomlán an Chláir ObSERVE go dtí seo chuig €4.5 milliún.
Sonraí Teagmhála na gComhpáirtithe
Dee O’Connor
Bainisteoir Margaíochta & Cumarsáide
MaREI, Ionad Taighde FEÉ do Fhuinneamh, Aeráid agus Muirí
Institiúid um Thaighde Comhshaoil Foirgneamh Beaufort
Coláiste Ollscoile, Corcaigh,
Rinn an Scídigh, Co. Chorcaí, Éire
T +353 (0)21 4864330 GP +353 (0)87 2518013
[nasc seachtrach https://www.marei.ie/ | www.marei.ie ]
Aoife Deane
Comhpháirteachas Cumarsáide & Poiblí
Foireann Oibríochtaí, Coláiste Ollscoile, Corcaigh
T +353 (0)21 486 4337
[r-phost aoife.deane@ucc.ie ]
Preasoifig na Roinne Timpeallachta, Aeráide agus Cumarsáide
T +353 (0)1 678 2441 GP +353 87 693 7580
[r-phost press.office@decc.gov.ie ]
Preasoifig na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
T +353 (01) 888 2638 (díreach)
[r-phost press@housing.gov.ie ]
Twitter: @DeptHousingIRL
ÚFIÉ
Áine Roddy, Carr Communications:
M +353 (0)87 777 3688 [r-phost aine@carrcommunications.ie ]
Aoife O'Donoghue, Carr Communications:
M +353 (0)85 778 5996 [r-phostl aodonoghue@carrcommunications.ie ]