English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú Rialtais de €14 milliún ar fáil do ghnóthaí faoin scéim UFIE EXEED

Deontais chun tacú le barr feabhais i ndearadh atá tíosach ar fhuinneamh

Inniu, d’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, deontais Rialtais ar fiú €14 milliún iad do thionscadail a sholáthraíonn dea-chleachtas i ndearadh, i dtógáil agus i mbainistiú foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh.

Beidh iarratasóirí rathúla sa chéim dhearaidh de thionscadail chaipitil a phleanáil d’fhoirgnimh nua nó d’fhoirgnimh atá ann cheana. D’fhonn cáiliú le haghaidh deontas, ní mór do rannpháirtithe caighdeán UFIE EXEED (Barr Feabhais i nDearadh atá Tíosach ar Fhuinneamh) a leanúint agus tíosacht ar fhuinneamh a leabú i ndearadh a dtionscadal, ag díriú ar úsáidí fuinnimh amhail théamh, fuarú, cuisniú, aer comhbhrúite agus próisis ghnó. Tá an deontas oscailte d’eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha atá ag pleanáil tionscadal infheistíochta beag beann ar scála nó ar chastacht.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is foinse mhór astaíochtaí CO2 iad foirgnimh, agus mar sin chun ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach caithfimid a bheith nuálach maidir leis an dóigh a ndéanaimid iad a dhearadh, iad a thógáil agus iad a bhainistiú chun an tíosacht ar fhuinneamh is fearr a bhaint amach. Tacaíonn scéim deontais EXEED UFIE le dearthóirí agus tógálaithe a bheith uaillmhianach, agus a chur tíosaíocht ar fhuinneamh i gcroílár a dtionscadal tógála agus athchóirithe. Tá ciall chomhshaoil agus eacnamaíoch leis. "

Agus é ag déanamh tagairt don mhaoiniú atá ar fail, dúirt William Walsh, POF UFIE:

"Cinntíonn UFIE EXEED go ndéantar feidhmíocht fuinnimh a mheas ag an gcéim dhearaidh is luaithe d'fhoirgneamh nó de phróiseas. Cuireann sé seo ar ár gcumas coigilteas fuinnimh a uasmhéadú ag an tús agus cabhraíonn sé le gnóthaí a bheith níos éifeachtaí, níos iomaíche agus níos seasmhaí. Le blianta beaga anuas, thacaigh UFIE le 135 tionscadal trí UFIE EXEED le coigilteas CO2 46% ar an meán do thionscadail tógála nua agus 14% do thionscadail uasghrádaithe. Chonaiceamar éachtaí ar leith sna hearnálacha déantúsaíochta, trádstórála, fóillíochta agus fáilteachais ina ndearnadh coigilteas suntasach fuinnimh. Mholfadh muid d’aon eagraíocht atá ag céim dhearaidh tionscadail tógála as an nua, nó tionscadal athchóirithe, teagmháil a dhéanamh le UFIE agus a fheiceáil conas a d’fhéadfadh UFIE EXEED leas a bhaint astu anois agus sa todhchaí trína dtionchar aeráide a íoslaghdú."

I measc na bhfaighteoirí tacaíochta ó UFIE EXEED le déanaí, bhí:

  • Aurivo Consumer Foods i nDún na nGall a fuair deimhniú UFIE EXEED tar éis córas aisghabhála teasa a shuiteáil dá bpróiseas paistéartha bainne a laghdaigh astaíochtaí CO2 faoi 85%
  • Johnson & Johnson Vision Care i gCo. Luimnigh, a bhain deimhniú UFIE EXEED amach le haghaidh giomnáisiam agus foirgneamh míochaine nua, áit ar suiteáladh aonaid inslithe agus láimhseála aeir le haisghabháil teasa feabhsuithe, rud a d’fhág an tsaoráid 25% níos éifeachtaí
  • Westpark Fitness i mBaile Átha Cliath a shuiteáil trealamh nua téimh agus fuaraithe chomh maith le luchtairí feithiclí leictreacha, agus sábháladh 40% in úsáid gáis agus 10% i leictreachas dá bharr

Tá dhá chéim ann le haghaidh tacaíochta deontais faoi UFIE EXEED. Tugann Céim 1 tacaíocht deontais do tháillí gairmiúla sa chéim féidearthachta agus pleanála, agus clúdaíonn céim 2 na costais chaipitiúla. De ghnáth clúdaíonn méideanna deontais os cionn 50% de na costais réamhinfheistíochta agus 30% den chostas infheistíochta chaipitil breise atá i gceist.

Tugadh isteach roinnt athruithe don UFIE EXEED in 2021, lena náirítear méadú ar méid na tacaíochta deontais atá ar fáil go €1m in aghaidh an tionscadail, glacadh le hiarratais ar feadh na bliana agus tréimhse chun feidhme níos faide le haghaidh oibreacha caipitiúla.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi dheontais UFIE EXEED agus le spéis a léiriú ann, tabhair cuairt ar www.UFIE.ie/EXEED


Nótaí chuig an Eagarthóir

Buntáistí UFIE EXEED

Baineann tionscadail tairbhe as saineolas dearaidh atá tíosach ar fhuinneamh, leis na nithe seo a leanas:

  • úsáidí suntasacha fuinnimh áise a shainaithint
  • dúshlán a thabhairt agus meastóireacht a dhéanamh ar an raon deiseanna feabhsúcháin fuinnimh atá ar fáil
  • costais chaipitiúla agus oibríochtúla maidir le roghanna dearaí a mheas
  • roghanna a mheas chun feidhmíocht a fhíorú agus úsáid fhuinnimh a bhainistiú tar éis cur i bhfeidhm