English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Darragh O’Brien an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó go hoifigiúil

  • Méadú sa ghlacadh le Tacaíochtaí nua agus feabhsaithe Gnó Rialtais lena gcabhraítear le Gnólachtaí na hÉireann costais fuinnimh agus astaíochtaí a laghdú
  • Méadú ollmhór sa ghlacadh le tacaíochtaí gnó agus le cistiú deontais le blianta beaga anuas de réir mar a thapaíonn an lucht gnó na tairbhí a bhaineann le huasghráduithe fuinnimh
  • Cheadaigh rialtas na hÉireann tacaíocht deontais ab fhiú breis agus €150 milliún do bhreis agus 7,500 gnólacht le trí bliana anuas
  • Ag gníomhú di trí SEAI, thug an roinn Deontais Mhearcheadaithe nua isteach do bhearta éifeachtacha éagsúla uasghrádaithe fuinnimh a sholáthraíonn ceadú láithreach ionas gur féidir infheistíochtaí a sholáthar go tapa

Sheol Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó go hoifigiúil ag Óstán agus Club Tuaithe Bhaile Uí Rócháin.

Leis an scéim, comhlánaítear an Scéim Tacaíochta d’Iniúchtaí Fuinnimh agus an Deontas Micrighiniúna Neamhbhaile, agus leathnaítear go mór an raon Deontas Mearcheadaithe atá spriocdhírithe ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide chun iad a chumasú infheistíochtaí coigilte fuinnimh agus astaíochtaí a dhéanamh. Tairgtear tacaíocht le haghaidh iniúchtaí fuinnimh ardchaighdeáin agus bearta coitianta éagsúla um fhoirgnimh a uasghrádú, lena n-áirítear caidéil, teicneolaíocht theirmeach gréine, grianphainéil fhótavoltacha, rialuithe uathoibríocha, teaschaidéil, aonaid láimhseála aeir, agus creatlacha foirgnimh. De bhreis air sin, tairgtear tacaíocht chun córais bainistíochta foirgnimh atá ann cheana a bharrfheabhsú agus le haghaidh gníomhaíochtaí um dhearadh iarfheistithe.

Leis na scéimeanna sin, soláthrófar tacaíocht shuntasach don earnáil fiontar beag agus meánmhéide (FBM) chun aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh agus chun astaíochtaí a laghdú ina bhfoirgnimh. Tá na scéimeanna ar oscailt do gach gnólacht agus comhlacht poiblí atá i mbun foirgneamh atá faoina n-úinéireacht nó a áitíonn siad a uasghrádú. Trí fhoirgnimh thráchtála a uasghrádú ar an mbealach sin, rannchuideofar le costais fuinnimh oibriúcháin a laghdú agus le compord a fheabhsú agus cuirfear le branda na cuideachta lena mbaineann. Déanfaidh na bearta uile a sciar féin freisin maidir le hÉirinn a chumasú na spriocanna uaillmhianacha atá sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide uaithi a bhaint amach.

Ina theannta sin, chun tacú le hinfheistíochtaí móra agus le hinfheistíochtaí i dtéamh bithmhaise, tairgeann an rialtas cistiú deontais ó raon Deontas Tacaíochta Saincheaptha trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) freisin, lena n-áirítear an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite agus an Scéim Deontas um Shármhaitheas i nDearadh atá Éifeachtúil ar Fhuinneamh.

Thug an tAire O’Brien cuairt ar Óstán agus Club Tuaithe Bhaile Uí Rócháin chun amharc ar roinnt de na bearta an-éifeachtach coigilte fuinnimh atá ar bun ag an ngnólacht inbhuanaithe ceannródaíoch sin. Shuiteáil an t-óstán córas inbhuanaithe téimh bithmhaise agus córas grianphainéal fótavoltach dín, ar dá mbarr a choiglíonn an gnólacht breis agus €100,000 ar chostais fuinnimh gach bliain agus a laghdaítear a astaíochtaí go mór. Fuair an t-óstán deontas mór dá chóras grianphainéal fótavoltach ón roinn. Trí SEAI, gheobhaidh an t-óstán taraifí tacaíochta bithmhaise ón roinn ar feadh tréimhse 15 bliana freisin, a fhágfaidh go mbeidh na hinfheistíochtaí sin inmharthana dó. Tá tuilleadh oibre ar siúl aige freisin, le tacaíocht ó dheontais Mhearcheadaithe SEAI. I dteannta na mbeart éifeachtach sin a rinneadh ar mhaithe le húsáid fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú, chuir an t-óstán 65,000 crann le fiche bliain anuas, agus úsáideann sé lomairí faiche róbatacha leictreacha lena laghdaítear tomhaltas díosail.

Dúirt an tAire O’Brien:

"I gcomhar le SEAI, d’éirigh le mo roinn tacaíochtaí gnó a bhreisiú go mór trí raon deontas Mearcheadaithe a thabhairt isteach. Is deontais iad sin a fhéadfar a cheadú láithreach. Cuireann sé sin ar chumas gnólachtaí tacaíocht rialtais a rochtain ar bhealach tapa éifeachtúil, agus infheistíochtaí éifeachtacha in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite á mbrú chun cinn dá bharr sin. Ní hé amháin go ndéanann inbhuanaitheacht maith don chomhshaol, ach tá ciall láidir gnó léi freisin, mar a léiríonn Óstán Bhaile Uí Rócháin. Molaim an t-óstán ar an gceannaireacht a léiríonn sé maidir le costais fuinnimh a bhainistiú agus astaíochtaí a laghdú."

Dúirt Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Gnólachtaí Beaga, Miondíol agus an Geilleagar Ciorclach:

"Gach lá, feicim an luach a bhaineann le scéimeanna cosúil leis an gceann seo do ghnólachtaí agus don chomhshaol, agus cloisim faoin méid sin go díreach ó na gnólachtaí féin. Is an-dearfach an rud é gur féidir na deontais seo a rochtain chomh tapa sin anois, agus táim ag tnúth le tuilleadh gnólachtaí a bheith ag dul ar bord ar ball beag."

Dúirt Ian McGuinness, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Óstán agus Club Tuaithe Bhaile Uí Rócháin:

"Táimidne anseo in Óstán Bhaile Uí Rócháin tiomanta d’inbhuanaitheacht, agus bíonn na hinfheistíochtaí a rinneamar ag dul chun mórthairbhe dúinn. A bhuí le SEAI, d’íoc ár gcoire bithmhaise inbhuanaithe as féin cheana féin tar éis trí bliana, agus íocfaidh ár ngrianphainéil astu féin laistigh de chúig bliana. Tá tuilleadh oibre ar bun againn le tacaíocht ón Scéim nua Uasghráduithe Fuinnimh Gnó freisin. Cé go bhfuil roinnt oibre le cur isteach chun na hinfheistíochtaí is fearr a shainaithint do do ghnólacht, tá tairbhí ollmhóra le tapú. Is fiú go mór d’óstáin cosúil linn féin cuid mhór de na hinfheistíochtaí seo a dhéanamh, agus molaimid go láidir do ghnólachtaí eile tús a chur leis an bpróiseas."

Ag labhairt dó faoi sheoladh na Scéime Uasghráduithe Fuinnimh Gnó, dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:

"Tá m’fhoireann tacaíochtaí gnó ag díriú go géar ar thacaíochtaí a fhorbairt ar féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide iad a rochtain go tapa agus gan stró. Le deontais Mhearcheadaithe SEAI, tugtar ceadú láithreach d’uasghráduithe éagsúla fuinnimh ar dá mbarr a choigleoidh gnólachtaí airgead agus a laghdóidh siad astaíochtaí. Chabhraíomar leis na mílte gnólachtaí, Óstán agus Club Tuaithe Bhaile Uí Rócháin ina measc, na huasghráduithe sin a dhéanamh go héasca le blianta beaga anuas, agus mholfainn go láidir do ghnólachtaí eile na deontais atá ar fáil a thapú agus na tairbhí a bhaint amach dá ngnólacht féin. Déanann inbhuanaitheacht maith do ghnólachtaí, agus tá SEAI ar fáil chun cabhrú leo le linn an phróisis ar fad."

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin SEAI.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Tacaíochtaí Gnó SEAI ar sracfhéachaint

 

Tuig Measúnaigh Infheistigh
Cuir eolas ar an dóigh a n-úsáideann tú fuinneamh, agus cruthaigh plean gníomhaíochta Cuir d'iniúchadh fuinnimh nó do dhearadh iarfheistithe i gcrích chun gníomhartha a shainaithint Infheistigh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh agus i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite

- Acadamh Fuinnimh

- Tús Eolais ar Bhainistíocht Fuinnimh

- Treoracha, Cás-Staidéir agus Seisiúin Faisnéise 

- Dearbhán Iniúchta Fuinnimh

- Cúnamh Deartha

- Barrfheabhsú Córas Bainistíochta Foirgnimh

 

 

Deontais Ghnó SEAI (tá mionsonraí tugtha thíos)

Deontais Ghnó SEAI ar sracfhéachaint

 

Mearcheadú Tacaíocht sheancheaptha

Uasghráduithe foirgnimh agus foinsí in-athnuaite:

- Grianphainéil Fhótavoltacha

- Teicneolaíocht Theirmeach

- Teaschaidéil

- Insliú (Ballaí agus Díonta)

- Caidéil

- Rialuithe Uathoibríocha

- Aeráil/Aisghabháil Teasa

- Iniúchadh Fuinnimh

- Barrfheabhsú Córas Bainistíochta Foirgnimh

- Cúnamh Deartha

Uasghráduithe foirgnimh agus dícharbónú tionscail

- Meastóireacht shaincheaptha

- Cúnamh deontais is fiú 30-40% den chostas

 

Tacaítear le raon leathan beart

 

Maidir le SEAI

Is é SEAI an t-údarás saineolach maidir le córas fuinnimh na hÉireann a dhícharbónú, agus é ag baint úsáid as sonraí láidre oibiachtúla agus as cur chuige fianaisebhunaithe chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais agus faoi iompraíochtaí úsáideoirí fuinnimh. Trí chomhairle phraiticiúil agus tacaíochtaí airgeadais a thabhairt dóibh, tugann SEAI de chumhacht do theaghlaigh, do ghnólachtaí, do thiománaithe agus don earnáil phoiblí bogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise a úsáid.

Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.