Óstálann an tAire O'Brien an 6ú Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide i gCorcaigh
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
Comhroinntear dearcthaí de chuid rannpháirtithe pobail, gnó agus údaráis áitiúil ag an bhFóram
Beidh an 6ú Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide ar siúl i gCathair Chorcaí inniu. Ag an bhFóram, atá á reáchtáil i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus le Comhairle Contae Chorcaí, taispeánfar na gníomhaíochtaí atá ar bun ag Oifig Réigiúnach an Bhoird Farraige Atlantaigh Theas um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ag an imeacht, tabharfar le chéile geallsealbhóirí ó gach cearn den réigiún chun díriú ar ghníomhú ar son na haeráide atá ar bun sa limistéar trí Mhisean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste, trí Fhóram Comhshaoil Chorcaí, tríd an Ionad um Fhuinneamh Muirí agus In-athnuaite (MaREI) ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), agus ar fud pobal.
Is é an Fóram seo an beart deiridh faoin gClár 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide' (clár um chumhachtú pobail), ag a n-achoimreofar an méid a foghlaimíodh le linn bliain ina ndearnadh caidreamh fairsing le pobail agus inar réitíodh an bealach don chéad chéim eile den chlár trí iniúchadh a dhéanamh ar chineálacha cur chuige i leith 'Samhail Mol Pobail' a chomhchruthú le haghaidh gníomhú ar son na haeráide.
Ag an bhFóram, cloisfear ó Údaráis Áitiúla Chorcaí agus ó roinnt grúpaí pobail, gnólachtaí agus geallsealbhóirí atá lonnaithe i gCorcaigh agus atá ag stiúradh gníomhartha agus tionscnaimh aeráide sa réigiún. Tá sé mar aidhm leis pobail a chumhachtú chun tuilleadh daoine a chur ag gabháil do ghníomhú ar son na haeráide agus a chur ag obair i gcomhar le chéile chun struchtúir inbhuanaithe a bhunú ar leibhéal an phobail agus caidrimh oibre níos fearr a chothú leis an rialtas áitiúil. Áireofar leis sin láithreoireacht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí ar Mhisean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste; dearcthaí ó Chomhlachas Tráchtála Chorcaí maidir leis an dóigh a bhfuil gnólachtaí ag tacú le gníomhú ar son na haeráide sa limistéar; an taighde fuinnimh, aeráide agus muirí atá á dhéanamh ag MaREI, UCC; agus cás-staidéir ó eagraíochtaí a fuair tacaíocht tríd an gciste um chaidreamh leis an bpobal dar teideal 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide', lena n-áirítear Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Chill Mhuire agus Comhaontas Pobal Comhionann agus Inbhuanaithe Chorcaí.
Ag labhairt dó roimh an imeacht, dúirt an tAire Darragh O'Brien:
"Ag an séú Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide seo, tabharfar grúpa an-tiomanta d’eagraíochtaí pobail, de ghnólachtaí agus de gheallsealbhóirí rialtais áitiúil le chéile chun cineálacha éifeachtacha cur chuige a thaispeáint i leith caidreamh pobail maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide atá ar siúl anseo i gCorcaigh. Is mórúdar misnigh é an raon éagsúil gníomhaíochtaí atá ar bun anseo a fheiceáil agus léargas ceart a fháil ar chur chuige áitbhunaithe i leith gníomhú ar son na haeráide. Táim ag tnúth go háirithe le cluinstin faoin dul chun cinn atá déanta i gCorcaigh faoi Mhisean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste, a bhaineann leis na láidreachtaí sonracha atá ag ár gcathracha maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus leis na dúshláin shonracha atá le sárú acu ina leith sin. Táim ag tnúth le plé tairbheach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí uile a bheidh i láthair inniu."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Misean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste
Tá Misin an Aontais Eorpaigh ina modh nua chun teacht ar réitigh nithiúla ar roinnt de na dúshláin is mó atá romhainn. Tá Misean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste ar cheann amháin de chúig Mhisean atá ar siúl ar fud na hEorpa. Tá sé mar aidhm leis an Misean 100 ceann de chathracha aeráidneodracha cliste a sholáthar faoin mbliain 2030. Tá sé mar aidhm leis freisin a chinntiú go ngníomhóidh na cathracha misin sin mar mhoil turgnamhaíochta agus nuálaíochta ionas go mbeidh gach cathair Eorpach in ann a lorg a leanúint faoin mbliain 2050.
I mí Aibreáin 2022, roghnaíodh Cathair Chorcaí agus Cathair Bhaile Átha Cliath as measc breis agus 300 iarratasóir chun páirt a ghlacadh i Misean an Aontais Eorpaigh maidir le Cathracha Aeráid-Neodracha Cliste, agus d’éirigh le Cathair na Gaillimhe deontas €1 mhilliún a áirithiú ó threoirchlár Mhisean an Aontais maidir le Cathracha. Bhí Corcaigh agus Baile Átha Cliath i measc 39 gcathair Eorpacha ar tugadh lipéad Mhisean an Aontais Eorpaigh dóibh ag Comhdháil an Mhisin maidir le Cathracha i Vilnias an tseachtain seo. Aithnítear leis an lipéad na pleananna uaillmhianacha atá ag na cathracha lena mbaineann chun aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2030, agus é deartha chun cabhrú leo cistiú poiblí agus cistiú príobháideach a dhíghlasáil chun an sprioc sin a bhaint amach.
An Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide
Rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide a bhunú chun feidhmiú mar fhóram comhchomhairleach maidir le saincheisteanna aeráide. Is gnách go dtagann an Fóram le chéile dhá uair sa bhliain, áit a dtugtar le chéile raon leathan geallsealbhóirí – an lucht déanta beartas, grúpaí pobail, an tionscal agus an rialtas áitiúil – chun díriú ar chaidreamh a neartú maidir leis an aeráid i ngach earnáil den tsochaí.