Náisiúnta Leathanbhanda nascacht do 679 Bunscoil faoi dheireadh 2022
- Foilsithe: 10 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- An chéad 25 scoil nasctha anois faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
Nascfar 679 scoil le córas leathanbhanda faoi dheireadh 2022 de bharr géarú ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a d’fhógair an Rialtas agus Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) inniu. Faoin leathadh amach a beartaíodh ar dtús, bheadh roinnt scoileanna ag fanacht suas le seacht mbliana sula nascfaí iad. Anois, nascfar gach scoil laistigh de dhá bhliain.
Beidh 70 scoil ar fud na tíre atá sa Limistéar Idirghabhála ina bPointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) faoi dheireadh na chéad ráithe de 2021, agus iad ag fáil nascacht ardluais 150mb don rochtain oideachais. Áirítear leis an gcéad 25 scoil a nascadh cheana féin: Scoil Náisiúnta Achadh Conaire i Sligeach; St. Joseph’s National School i Laois; Scoil Naomh Caoimhín i gCo. Chill Mhantáin; Scoil Iosaif Naofa i nGaillimh; Scoil Náisiúnta an Bhealaigh i Ros Comáin; Scoil Náisiúnta Inis Díomáin sa Chlár; Scoil Náisiúnta Chalraí i Sligeach agus Scoil Náisiúnta Bhaile Scadán i mBaile Átha Cliath.
Cinnteoidh Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) a sholáthraítear faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda go bhfuil daltaí bunscoile faoin tuath in Éirinn in ann páirt iomlán a ghlacadh i réabhlóid dhigiteach ár linne. Soláthróidh PNL ag láthair scoile nascacht do dhaltaí agus do mhúinteoirí agus beidh sé mar bhonn faoi Chreat Foghlama Digití na Roinne Oideachais.
Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD:
“Nascfar 50,000 leanbh i 679 bunscoil le leathanbhanda ardluais faoi dheireadh 2022. Is infheistíocht í seo in oideachas, teicneolaíocht agus ceantair thuaithe na hÉireann. Cuirfidh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ar a gcumas do gach cuid den Stát tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna amach romhainn. Is céim thosaigh den scoth é tús áite a thabhairt do nascacht scoileanna.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Is tionscadal claochlaitheach é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda do cheantair thuaithe na hÉireann ina bhfeicfear snáithín á sholáthar do gach teaghlach, scoil, gnó agus feirm sa Limistéar Idirghabhála. Tabharfaidh fógra an lae inniu rochtain níos luaithe do 679 bunscoil tuaithe ar raon ollmhór acmhainní oideachais ar líne tríd an nascacht ardluais. Tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, cinnteoidh Éire go bhfuil rochtain ag gach scoil, is cuma cé chomh hiargúlta nó fada faoin tuath atá sí, ar leathanbhanda ardluais den chéad scoth.”
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:
“Fáiltím roimh an nuacht go bhfuil NBI ag géarú a sholáthair de leathanbhanda ardluais do bhunscoileanna agus leanfaidh mo Roinn ag obair leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an tionscadal seo. Tá scoileanna le nascacht ardluais a fháil mar Phointí Nasctha Leathanbhanda sa chéad bhliain den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, a dhéanann dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na Straitéise Digití do Scoileanna de chuid an Rialtais. Tá 679 bunscoil faoin tuath le nascadh le leathanbhanda ardluais trí Phlean Limistéar Idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, lena n-áirítear an Clár PNLanna, agus is é ár n-aidhm go mbeadh nascacht ardluais ag a bhformhór mór de na scoileanna sa Chlár Leathanbhanda do Scoileanna faoi 2023, lena n-áirítear iad siúd atá i Limistéar Idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i Scoileanna atá le nascadh faoi dheireadh 2022.”
Dúirt David McCourt, Cathaoirleach Leathanbhanda Náisiúnta Éireann:
“Is údar mór mórtais é seo agus muid ag cur nascacht ardluais ar fáil do scoileanna ar fud na tíre. Níor cheart dá suíomh teorainn a chur riamh leis na deiseanna atá ar fáil do scoláirí. Bhí dlús a chur faoi leathadh amach an leathanbhanda ardluais do gach scoil sa Limistéar Idirghabhála ina phríomh-uaillmhian, agus tá an-áthas ar NBI é sin a chur i gcrích le fógra an lae inniu. Tá ár bhfoirne ag obair go dian dícheallach ar fud na tíre agus tá áthas orainn go bhfuilimid ag déanamh an-dul chun cinn i leathanbhanda ardluais a sholáthar do scoileanna ionas go mbainfidh siad tairbhe as na buntáistí a luaithe is féidir.”
CRÍOCH
Nótaí chuig an Eagarthóir
- Is comhiarracht é tionscnamh na bPointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) lena mbaineann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Oideachais, Údaráis Áitiúla agus úinéirí agus bainisteoirí na láithreáin PNL.
- Tá dhá chineál PNL i gceist – saoráidí pobail do rochtain phoiblí; agus bunscoileanna do rochtain oideachais. Meastar go nascfar 200 láithreán PNL rochtana poiblí agus 70 PNL bunscoile faoi dheireadh na chéad ráithe de 2021. Tá liosta iomlán de PNLanna bunscoile ar fail ó NBI.
- Baineann an tionscnamh PNL bunscoile le bunscoileanna sa limistéar idirghabhála. Cinneadh an limistéar idirghabháil tar éis cleachtadh mapála a d’aithin a oiread agus ab fhéidir na limistéir sin ina dteastaíonn idirghabháil chun a chinntiú go mbeidh leathanbhanda ardluais ar fáil. Thug an Roinn faoi chomhairliúchán poiblí in 2019, ag lorg aighneachtaí ó oibritheoirí ar theastaigh uathu go mbeadh a líonraí leathanbhanda ardluais reatha, nó ag a bhfuil pleananna forbartha chun infheistiú i líonraí leathanbhanda ardluais go ceann seacht mbliana, san áireamh i Léarscáil Leathanbhanda Ardluais na Roinne.
- Taispeántar na limistéir a chumhdaíonn idirghabháil an Stáit sa Léarscáil Leathanbhanda Ardluais, chomh maith leis na limistéir sin ar a ndíríonn oibritheoirí tráchtála.