English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a sholáthar

Tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP), leantar de thiomantas an rialtais a bhaint amach lena chinntiú go mbeidh teacht ag gach saoránach, cibé áit a bhfuil siad sa tír, ar an idirlíon trí leathanbhanda ardluais.

Le luasanna de 500Mbps, tacaíonn an NBP le saoránaigh, oibrithe, daltaí, gnónna agus feirmeoirí, trí dhaoine a nascadh le deiseanna nua agus deireadh a chur leis an scoilt dhigiteach idir pobail thuaithe agus uirbeacha in Éirinn.

In ainneoin na ndúshlán leanúnach a bhain le COVID-19, rinneadh dul chun cinn suntasach sa chéad leath den bhliain seo, agus roinnt garspriocanna bainte amach mar aon le fuinneamh maidir leis an tionscadal ag méadú.

  • an chéad teach cónaithe nasctha leis an líonra NBP i gCarraig Uí Leighin, Co Chorcaí i mí Eanáir
  • an chéad fheirm nasctha in Drumgore, Co an Chabháin i mí Aibreáin
  • Plean Leasúcháin ceadaithe i mí na Bealtaine chun aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna mar gheall ar COVID-19 agus dul thar tuairim is 60,000 áitreabh faoi dheireadh na bliana seo
  • An 200ú BCP nasctha in Ionad Pobail Dhroim Thamhain, Co Mhuineacháin i mí an Mheithimh
  • leathanbhanda ardluais ar fáil do bhreis agus 19,000 áitreabh lena réamhordú nó lena ordú trí sholáthraithe seirbhísí miondíola i mí Iúil
  • níos mó ná 1,000 post dhíreacha nó indíreacha do dhaoine oilte cruthaithe ar fud na hÉireann, lena n-áirítear 230 fostaí agus breis agus 829 acmhainn fochonraitheoirí speisialtóra

Dul i ngleic le tionchar COVID-19

Mar gheall ar COVID-19, cuireadh isteach ar sholáthar an líonra NBP. I mí na Bealtaine 2021, cheadaíomar Plean Leasúcháin NBI don bhliain 2021 chun léiriú a thabhairt ar spriocanna athbhreithnithe na bliana ina gcuirtear moilleanna agus dúshláin mar thoradh ar an bpaindéim san áireamh maidir le cur leis an gclár agus an líonra a leathadh amach.

Is é an sprioc faoi chonradh a nuashonraíodh faoin bplean seo ná dul thar beagnach 60,000 áitreabh faoi dheireadh mhí na Nollag 2021.


Dul Chun Cinn

Go dtí seo in 2021, chuathas thar níos mó ná 12,000 áitreabh agus tá siad ar fáil lena nascadh. Tá breis agus 19,000 áitreabh ar fáil chun réamhordú nó ordú a dhéanamh trí Sholáthraí Seirbhísí Miondíola (RSP) leis an líonra NBP – agus tiocfaidh méadú air sin i gcónaí de réir mar a chuirtear le soláthar le linn na bliana 2021.

Tá an NBP á leathadh amach trí Limistéir Sholáthair (DAnna) – 227 limistéar ar leith ar fud na tíre. D'fhéadfadh níos mó ná contae nó baile fearainn amháin a bheith i gceist le DA ar leith, mar sin, cé go bhféadfadh DA a bheith ainmnithe i ndiaidh baile nó contae, níl sé seo ina léiriú go bhfuil suirbhéireacht á déanamh ar limistéar iomlán, nó go bhfuil limistéar iomlán á thógáil nó á nascadh san am i láthair, ach cuid de.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le DAnna agus faoin mbealach ina n-oibríonn an leathadh amach, téigh chuig láithreán gréasáin NBI.

Amhail an 23 Iúil:

  • rinneadh suirbhéireacht ar 239,361 áitreabh
  • fuarthas 189,834 dearadh
  • tá níos mó ná 92,000 áitreabh á dtógáil
  • tá 19,378 áitreabh ar fáil do réamhordú/ordú

Tá na príomhoibreacha tógála curtha i gcrích in dhá DA, i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chabháin, agus tá áitribh ar fáil cheana féin do réamhordú/ordú sna limistéir seo. Tá réamhoibreacha agus príomhoibreacha tógála eile ar siúl ar fud na tíre faoi láthair faoina gclúdaítear níos mó ná 90,000 áitreabh.

Tá dul chun cinn á dhéanamh i bpríomhoibreacha tógála agus na chéad áitribh á gcur ar fáil lena nascadh leis an líonra NBP in 2021 sna DAnna seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe, Carraig Uí Leighin, Dún Dealgan, Luimneach, Muineachán, Cill Chomhghaill, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Trá Lí.

Tá meastachán déanta freisin maidir le dátaí do na chéad naisc a bheidh ar fáil i dtús na bliana 2022 do na DAnna seo a leanas: Ceatharlach, Caisleán an Bharraigh, Cill Airne, An Muileann gCearr, Sligeach, Port Láirge agus Loch Garman.

Tá obair Shuirbhéireachta agus Dearaidh ag leanúint ar aghaidh ar fud 53 Limistéar Soláthair eile.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Limistéir Sholáthair agus amlínte i ndáil le hobair a chur i gcrích ag láithreán gréasáin NBI.


Nuashonrú maidir le Cumarsáid

Tá NBI ag obair chun sonraí maidir le plean soláthair líonra seacht mbliana NBP a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, d’fhonn tuilleadh faisnéise faoi na hamlínte atá measta i leith suirbhéireacht agus nascadh a chur ar fáil do dhaoine sa Limistéar Idirghabhála NBP.

Tríd an bhfaisnéis seo a chur ar fáil, tabharfar soiléireacht níos fearr d’úinéirí tí, gnónna, feirmeacha agus grúpaí pobail maidir leis an am is féidir leo bheith ag súil go mbeidh teacht acu ar an líonra NBP. Trí sin, beidh siad in ann cinntí a dhéanamh maidir lena roghanna i ndáil le hobair, foghlaim agus a saol sa bhaile. Táthar ag súil é seo a chur i gcrích faoi dheireadh mhí Lúnasa 2021.


Nuashonrú do Thomhaltóirí

Is soláthraí mórdhíola é NBI. Ciallaíonn sé sin go gcuireann sé an líonra ar fáil do Sholáthraithe Seirbhísí Miondíola (ar nós, Vodafone, Pure Telecom, Westnet, Regional Broadband, BBnet, eir, IFA telecom, Eurona broadband, Nova, Digiweb, Viatel, Mayofibre, etc) chun an tseirbhís a nascadh agus a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh.

Cuirfidh 45 Soláthraí Seirbhísí Miondíola (RSPanna) seirbhísí ar fáil ar an líonra NBP do chustaiméirí ar fud na hÉireann, trína gcruthófar iomaíocht, rogha agus luach níos fearr do chustaiméirí.

I láthair na huaire, tá 19 RSP ag díol go gníomhach ar an Líonra NBP agus tá breis agus 19,000 áitreabh (sa Chabhán, Contae an Chláir, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Muineachán, Ros Comáin) ar fáil chun ordú agus réamhordú a dhéanamh trí sholáthraithe seirbhísí leathanbhanda áitiúla.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi nascadh agus faoi na RSPanna a bunaíodh agus atá deimhnithe chun seirbhísí líonra a dhíol ar an líonra NBP ag láithreán gréasáin NBI.


Pointí Nasctha Leathanbhanda

Trí Phointí Nasctha Leathanbhanda (BCPanna), cuirtear nascacht gan sreang ar fáil chun tacú le pobail chianoibre agus pobail nasctha trí rochtain ar leathanbhanda ardluais poiblí a chur ar fáil saor in aisce sula soláthraítear an príomhsnáithín faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Tá an tionscadal BCP faoi bhealach san am i láthair, agus táthar ag díriú ar láithreacha poiblí straitéiseacha agus Scoileanna Náisiúnta laistigh den Limistéar Idirghabhála. Trí "Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025" ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, a foilsíodh i mí an Mhárta, buntacaítear tuilleadh leis na bealaí ina mbainfear amach nascacht níos fear do shaoránaigh, pobail agus gnónna in Éirinn tríd an NBP.

Láithreacha Poiblí

I mí an Mheithimh, rinneadh an 200ú BCP a nascadh agus a sheoladh ag Ionad Pobail Dhroim Thamhain i gContae Mhuineacháin.

Lena linn sin, thug NBI tacaíocht do Chomhairle Contae an Chabháin ag seoladh na Straitéise Digití Connected Cavan do 2021-2024 i mí Iúil – ar plean é ina dtreiseofar leathanbhanda ardluais chun tacú le saoránaigh, gnónna agus cuairteoirí tairbhe a bhaint as an méid is féidir a dhéanamh i bpobal ina bhfuil acmhainn dhigiteach.

Eolas níos fairsinge, amhail an 23 Iúil:

  • 220 BCP suiteáilte ag NBI agus réidh le nascadh
  • 203 BCP beo agus ag fáil leathanbhanda ardluais

Scoileanna Náisiúnta

Nascfar 679 Scoil Náisiúnta sa Limistéar Idirghabhála le leathanbhanda ardluais faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, le tacaíocht ón Roinn Oideachais. I mí na Nollag 2020, d’fhógair an rialtas go nascfar na scoileanna seo ar fad faoi dheireadh na bliana 2022, trí nasc gan sreang nó trí nasc snáithín.

I mí na Bealtaine 2021, tá an chéad scoil a nasc BCP leis an NBP ag baint tairbhe as luasanna de 500Mbps (Scoil Náisiúnta na Cille Móire, Béal Átha na nEach, Contae an Chabháin).

Amhail an 23 Iúil:

  • 116 scoil suiteáilte ag NBI agus réidh le nascadh
  • 71 scoil beo agus ag fáil leathanbhanda ardluais

Soláthar i do cheantar

Lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil d’áitreabh sa Limistéar Idirghabhála, féach ar ár léarscáil idirghníomhach.

Ba chóir do thomhaltóir ar bith i limistéar Gorm a bhfuil deacrachtaí acu leathanbhanda ardluais a fháil – a shainmhínítear de réir luasanna íosta íoslódála de 30Mbps agus 6Mbps uaslódála – teagmháil a dhéanamh lena soláthraí seirbhísí leathanbhanda chun an chúis a bhfuil luasanna leathanbhanda mall nó an chúis nach féidir an tseirbhís a chur ar fáil a dhearbhú.

Tá sonraí breise maidir leis an leathadh amach agus gníomhaíocht NBI ar fáil trí láithreán gréasáin NBI.

Maidir le ceisteanna eile ar bith, is féidir leat teagmháil an dhéanamh le NBI trí ríomhphost contactus@nbi.ie nó ar an nguthán ag 0818 624 624.