English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Eamon Ryan maidir le tuarascáil an lae inniu ón IPCC maidir leis an Athrú Aeráide

  • Tá an deis chun gníomhú i leith an athraithe aeráide ag éalú uainn

"Tá tuarascáil an lae inniu ón IPCC ina meabhrú soiléir go bhfuil tréimhse teoranta againn chun gníomhú agus na tionchair is measa den athrú aeráide a chosc. Sa tuarascáil, atá bunaithe ar an eolaíocht is déanaí maidir leis an aeráid, tugadh athruithe faoi deara sa chóras aeráide nach bhfacthas riamh cheana. Tá gach cearn den domhan, ar fud an chórais aeráide ar fad, buailte ag cásanna fíor-neamhghnácha cheana féin. Tá cinnteacht faoin athrú aeráide ag méadú i gcónaí mar aon leis an bpráinn atá le dul i ngleic leis.

"Níl aon cheist faoi ról an chine daonna, agus mar gheall ar an tionchar sin, tá an t-atmaisféar, na haigéin agus an talamh ag téamh. Sa tuarascáil, treisítear agus déantar forbairt ar an fhianaise reatha, ina nasctar tarluithe adhaimsire leis an athrú aeráide. Ní féidir chuid de na hathruithe, ar nós ardú i leibhéal na farraige, a athrú.

"Tá tonnta teasa níos géire agus níos mó tuilte d’Éirinn agus don Eoraip á dtuar sa tuarascáil de réir mar a ardaíonn teochtaí. Má ardaíonn teochtaí ar domhan níos mó ná dhá chéim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch beidh drochiarmhairtí i gceist do thalmhaíocht agus sláinte.

"Is é an chonclúid is tromchúisí go bhfuil an tréimhse ama chun an aeráid a chobhsú ag teacht chun deiridh. Ritheadh an tAcht Aeráide anseo in Éirinn le gairid, san Acht, cuirtear de cheangal orainn astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha a bhaint amach faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí, agus astaíochtaí a laghdú 51% faoin mbliain 2030 (le hais leibhéil in 2018). Foilseoimid Plean Gnímh don Aeráid 2021 go luath, ina leagfar amach na bearta atá ag teastáil uainn chun spriocanna 2030 a bhaint amach, lena n-áirítear fuinneamh níos in-athnuaite, astaíochtaí iompair níos lú, athruithe sa chaoi ina ndéanaimid ár dtithe cónaithe a théamh, ár mbia a shaothrú agus aire a thabhairt don talamh. Beidh dúshláin ag baint leis na céimeanna sin ach beidh deiseanna nua ag baint leo freisin.

"Ní mór do gach tír a cion féin a dhéanamh. Beidh comhdháil COP26 i mí na Samhna ina staid ríthábhachtach, ina mbeidh orainn réitigh a chomhaontú freisin chun tacú leis na daoine is leochailí ar domhan atá ag tabhairt aghaidh ar athruithe as cuimse san aeráid nach bhfacthas riamh cheana.

"I dtuarascáil an lae inniu, cuirtear in iúl go soiléir go mbeidh iarmhairtí millteanacha i gceist mura ngníomhaímid, ach tugtar dóchas inti freisin. Trí laghduithe tréana agus marthanacha a dhéanamh in astaíochtaí C02 agus i ngáis cheaptha teasa eile, chuirfí teorainn leis an athrú aeráide. Tá fios ár ngnó againn. Ní mór dúinn anois leas a bhaint as iarracht náisiúnta agus domhanda chun é a chur i gcrích."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Tagann an ráiteas seo i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála ón IPCC (Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide).

Sa tuarascáil – An tAthrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta Fisicí. Ionchur an Ghrúpa Oibre I don Séú Tuarascáil Measúnaithe den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide – téitear i ngleic leis an tuiscint fhisiceach is nuashonraithe atá ar an gcóras aeráide agus an t-athrú aeráide.

Tá 234 údar ó 66 tír páirteach sa tuarascáil, mar aon le 517 údar rannpháirteach agus tá níos mó ná 14,000 tagairt luaite inti.

Is é an IPCC comhlacht na Náisiún Aontaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar an eolaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide. Bunaíodh é faoi Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) sa bhliain 1988 chun measúnaithe eolaíochta tréimhsiúla a chur ar fáil do cheannairí polaitíochta maidir leis an athrú aeráide, agus maidir leis na himpleachtaí agus baoil a bhaineann leis, mar aon le straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe a chur chun cinn. Sa bhliain chéanna, thacaigh Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an mbeart a rinne an WMO agus UNEP chun an IPCC a bhunú i gcomhpháirt. Tá 195 ballstát ann.

Trí mheasúnaithe IPCC, cuirtear faisnéis eolaíochta ar fáil do rialtais ag gach leibhéal ar féidir leo úsáid a bhaint astu chun beartais i leith na haeráide a fhorbairt. Tá measúnaithe IPCC ina n-ionchuir bharrthábhachtacha sna hidirbheartaíochtaí idirnáisiúnta maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide.