Ráiteas ón Aire Ryan maidir le tuarascáil an IPCC inniu ar an Athrú Aeráide a mhaolú
- Foilsithe: 4 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) an comhlacht eolaíochta aeráide is údarásaí ar domhan agus tugtar le chéile i dtuarascáil an lae inniu an fhianaise eolaíoch is déanaí maidir le réitigh athraithe aeráide ar féidir léi bonn eolais a chur faoi cheapadh beartais ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Díríonn an tuarascáil seo – Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide – ar an athrú aeráide a mhaolú, ar mhodhanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú, agus gáis cheaptha teasa a bhaint den atmaisféar
Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil gur gá an ghníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a mhéadú go radacach agus go mear chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní féidir linn na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) a bhaint amach ach amháin trínár ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh.
Tá comhar idirnáisiúnta éifeachtach trí chomhpháirtíochtaí agus comhaontuithe ríthábhachtach chun spriocanna uaillmhianacha maidir le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach – ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus earnála.
Ag féachaint chun cinn ar COP27
Táim ag tnúth le bheith ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta ag an gcéad chomhdháil bhliantúil eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide – COP27 – san Éigipt níos déanaí i mbliana, chun a chinntiú go méadóimid an uaillmhian agus go gcuirfear bailchríoch ar an bpríomhphlé – go háirithe maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun tacaíochtaí iomchuí a chinntiú do na tíortha is leochailí. Mar a léirítear i dtuarascáil IPCC an lae inniu, ní mór sreafaí airgeadais isteach i ngníomhú ar son na haeráide a mhéadú, chun spriocanna maolaithe a bhaint amach. Is féidir é sin a chumasú trí dhlús a chur leis an gcomhar airgeadais idirnáisiúnta agus leis na haistrithe córa.
Cinntear sa tuarascáil seo go bhfuil gá le rialachas agus institiúidí feabhsaithe chun na laghduithe a theastaíonn a bhaint amach. Soláthraíonn creat neartaithe rialachais aeráide reachtúil na hÉireann, a bunaíodh tríd an Acht Aeráide 2021, an bhunchloch d'fhorbairt agus do chur i bhfeidhm leanúnach beartas uaillmhianach aeráide in Éirinn. I mbliana glacfaimid leis an gcéad chlár buiséid carbóin in Éirinn, lena n-áirítear spriocanna astaíochtaí earnála.
Deimhnítear sa tuarascáil freisin go bhféadfadh gach earnáil a n-astaíochtaí GCT a laghdú go suntasach. Tugtar chun suntais ann gur laghdaigh úsáid mhéadaithe fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe agus lascú breosla astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) domhanda – ar fud na tionsclaíochta agus na hearnála fuinnimh.
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide
Leagtar amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 ár bhfreagairt – mar thír – don ghéarchéim aeráide. Tá an plean seo claochlaitheach. Sonraítear ann cad nach mór dúinn a dhéanamh chun an dúshlán seo agus ár gcuspóirí aeráide náisiúnta a bhaint amach – chun astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoi 2030 agus chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050.
Na teaghlaigh is mó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh a chosaint
Tá Rialtas na hÉireann tiomanta dár n-athrú chuig córais fuinnimh mhalartacha a mhéadú agus a bhrostú. Ní bhaineann breoslaí iontaise leis an todhchaí; baineann an todhchaí le foinsí fuinnimh cliste cosúil le gaoth amach ón gcósta agus hidrigin ghlas, a bhfuilimid in ann a tháirgeadh go maith. I measc na ndúshlán idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, táimid ag tabhairt tosaíochta do riachtanais fuinnimh na ndaoine is mó atá i mbaol bochtaineachta breosla. Tá sraith beart á gcur i bhfeidhm againn freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a chinntiú ar fud gach earnáil den tsochaí - tithe, gnólachtaí agus ar fud na hearnála poiblí. Bhí an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair mar bhonn agus mar thaca ag an tábhacht a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú chuig ár bhfuinneamh dúchasach, in-athnuaite féin.
Treisíonn tuarascáil an lae inniu go soiléir an teachtaireacht gurb é an t-am chun gníomhú ná anois. Tá an rialtas seo ag déanamh amhlaidh; tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide táimid ag cur ar chumas gach saoránaigh, gach gnó agus gach pobal an t-aistriú cóir a dhéanamh - go todhchaí ghlan, shábháilte, shláintiúil agus inbhuanaithe.