English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Ryan maidir le Tuarascáil Sintéise an IPCC inniu

"Deimhnítear sa tuarascáil lom ar scaoil an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) í inniu gurb amhlaidh, toisc go bhfuil téamh domhanda 1.1°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha cheana féin, atá an t-athrú aeráide ag cruthú caillteanais agus damáistí atá forleathan agus a bhíonn ag éirí níos do-aisiompaithe. Tá againn seans a bhíonn ag éirí níos lú go tapa chun todhchaí inchónaithe do chách a choinneáil ar bun.

"Sa Tuarascáil Sintéise a scaoileadh inniu, tugtar le chéile an fhianaise eolaíoch is déanaí ar réitigh i leith an athraithe aeráide – chun bonn eolais a chur faoi dhéanamh beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

"Léirítear go soiléir san eolaíocht gurb iad úsáid fuinnimh iontaise, úsáid neamh-inbhuanaithe talún, athrú neamh-inbhuanaithe úsáide talún agus patrúin neamh-inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe na príomhfhoinsí as a n-eascraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa. Baineann ríthábhacht le comhar idirnáisiúnta éifeachtach ar spriocanna agus ar bhunathrú earnála chun feabhais chun na hastaíochtaí sin a laghdú agus chun téamh domhanda a shrianadh.

"Thaispeáin an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide go bhfuil roghanna ann do gach earnáil chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar gheall ar an úsáid mhéadaithe atá á baint as fuinneamh inathnuaite, as éifeachtúlacht fheabhsaithe fuinnimh agus as aistriú breosla, tá laghdú tagtha ar astaíochtaí domhanda dé-ocsaíde carbóin (CO2) ar fud an tionscail dhomhanda agus ar fud na hearnála fuinnimh. Táim ag súil le hobair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, ní hamháin ag an gcéad chomhdháil bhliantúil eile de chuid na Náisiún Aontaithe (COP28) in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha níos déanaí sa bhliain, ach ar bhonn leanúnach leantach freisin.

"Ní mór an cothromas, cineálacha cur chuige atá bunaithe ar chearta agus aistriú cóir a bheith ina gcuid dhílis dár ngníomhartha freisin. Tá Éire tiomanta dá chinntiú gurb amhlaidh, de réir mar a mhéadaímid an maoiniú idirnáisiúnta chun a chinntiú go mbeidh tíortha i mbéal forbartha in ann forbairt ar bhealach a dtacaíonn leis an aeráid, a bheidh na cistí sin ag teacht le spriocanna Chomhaontú Pháras. Ní mór na cistí sin a spriocdhíriú ar na tíortha agus na pobail is leochailí.

"Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 ár bhfreagairt – mar thír – don ghéarchéim aeráide. Leis an bplean sin, cuirtear na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála chun feidhme. Leagtar amach ann treochlár le haghaidh athrú sistéamach chun ár gcuspóirí náisiúnta aeráide a chomhlíonadh – chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána a laghdú faoi 51% faoin mbliain 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050.

"Leis an tuarascáil a scaoileadh inniu, treisítear go soiléir an teachtaireacht gur gá dul i mbun gnímh láithreach. Tá an Rialtas seo ag déanamh amhlaidh; agus ceann de na dlíthe aeráide is uaillmhianaí á rith aige agus an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach á slógadh aige chun na laghduithe in astaíochtaí a theastaíonn a sholáthar. Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 conas is féidir le hÉirinn dlús a chur leis na gníomhartha a theastaíonn chun freagairt don ghéarchéim sin, agus réitigh aeráide á gcur i gcroílár fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach na hÉireann."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC)

Is é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) an comhlacht eolaíochta aeráide is údarásaí ar domhan.

Sa Tuarascáil Sintéise a scaoileadh inniu, comhtháthaítear na trí thuarascáil Grúpa Oibre (an bunús eolaíochta fisicí; tionchair, oiriúnú agus leochaileacht; agus maolú) agus na fionnachtana ó na trí Thuarascáil Speisialta tras-Ghrúpa Oibre a ullmhaíodh le linn an timthrialla measúnachta seo: Tuarascáil Speisialta ar Théamh Domhanda 1.5°C (SR15, Deireadh Fómhair 2018), Tuarascáil Speisialta ar Athrú Aeráide agus Talamh (SRCCL, Lúnasa 2019), agus Tuarascáil Speisialta ar an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid a bhíonn ag Athrú (SROCC, Meán Fómhair 2019).

Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil téamh domhanda 1.1°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha agus go bhfuil athruithe sa chóras aeráide agus a dtionchair le feiceáil ar fud an domhain lena n-áirítear teochtaí foircneacha mar thonnta teasa. Tá méadú tagtha ar ráta mórchuid athruithe sa chóras aeráide, lena n-áirítear ardú ar leibhéal na farraige, leá oighir, mar aon le caillteanas bithéagsúlachta ar scála mór agus tionchair dhiúltacha ar shláinte an duine agus ar chórais bia.