Ráiteas maidir le Bord Iascach Intíre Éireann (IIÉ)
- Foilsithe: 14 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ag teacht sna sála ar chúigear comhaltaí de Bhord Iascach Intíre Éireann (IIÉ) d’éirí as oifig ó mhí Aibreáin 2022 i leith, lenar áiríodh an Cathaoirleach d’éirí as oifig le déanaí, agus de dheasca IIÉ a bheith neamhábalta dá bharr sin a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, d’fheidhmigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a chumhachtaí faoi alt 18 den Acht um Iascach Intíre 2010 agus chuir sé na comhaltaí reatha do IIÉ as oifig ar bhonn gan locht. Ghabh an tAire buíochas leis na comhaltaí boird atá ag dul as oifig as a seirbhís do IIÉ.
Tá sé beartaithe ag an Aire Ryan comhaltaí nua de chuid IIÉ a cheapadh, de réir fhorálacha an Achta um Iascach Intíre 2010, a luaithe is féidir.
Chun a chinntiú go bhfuil IIÉ in ann a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach a luaithe is féidir, bhain an tAire Ryan úsáid as a chumhachtaí faoi alt 18(5) den Acht freisin chun an tUas. Tom Barry agus an tUas. Seamus Neely a cheapadh chun feidhmeanna IIÉ a chomhlíonadh go dtí go gceapfar Bord iomlán nua tríd an bpróiseas ceapacháin reachtúil, ag obair dóibh le tacaíocht ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
De bhreis ar phríomhfheidhmeanna IIÉ, atá leagtha amach faoi alt 7 den Acht um Iascach Intíre, thug an tAire Ryan treoir don Uas. Barry agus don Uas. Neely tús áite a thabhairt do bhreithniú iomlán pras a dhéanamh ar roinnt nochtaí cosanta a thuigtear a bheith faighte ag IIÉ le míonna beaga anuas. Ní raibh Bord IIÉ in ann dul chun cinn a dhéanamh orthu sin mar thoradh ar na comhaltaí d’éirí as oifig le déanaí. Mar cheapaithe faoi alt 18, tabharfar sainordú don Uas. Barry agus don Uas. Neely freisin tabhairt faoi aon ghníomhartha leantacha a d’fhéadfadh teacht as na próisis um nochtadh cosanta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá Tom Barry ag obair san earnáil rialtais áitiúil le breis agus 40 bliain anuas. D’fhóin sé mar Bhainisteoir Formhaoirseachta Aistrithe le Comhairle Contae Thiobraid Árann; mar Phríomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Cheatharlach; agus mar Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh. Bhí ag an Uas. Barry freisin roinnt ról sinsearach eile earnála poiblí, lena n-áirítear ról mar Chathaoirleach ar choiste iniúchóireachta agus riosca na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, agus ceapacháin ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Tá taithí leathan ag Seamus Neely ar leibhéal ardbhainistíochta in oibríochtaí agus i mbainistíocht ghinearálta, go háirithe san earnáil rialtais áitiúil. D’fhóin an tUas. Neely mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus bhí aige roinnt ról breise i gComhairle Contae Mhuineacháin agus i gComhairle Contae an Chabháin. I láthair na huaire, tá sé ina chomhalta boird den Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus tá sé ar an gCathaoirleach ar an gCoiste Achomhairc Foraoiseachta.
Thug an tAire Ryan treoir don Uas. Barry agus don Uas. Neely freisin formhaoirseacht a dhéanamh ar athbhreithniú rialachais ar IIÉ a ullmhú lena sholáthar laistigh de thréimhse idir trí mhí agus sé mhí ar fad.
Ghuigh an tAire Ryan gach rath ar an Uas. Barry agus ar an Uas. Neely ina n-obair thábhachtach.