Rialúcháin leis an gcosc ar ghual toiteach a leathnú sínithe ag an Aire Ryan
- Foilsithe: 27 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- An cosc ar ghual toiteach le leathnú chun 13 cheantar nua a chuimsiú
Tá Rialúcháin sínithe ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., chun éifeacht dhleathúil a thabhairt do leathnú an choisc ar ghual toiteach chun bailte ina bhfuil daonra níos mó ná 10,000 duine a chuimsiú.
Ón 1 Meán Fómhair 2020 ar aghaidh, beidh cosc ar dhó, ar dhíol agus ar mhargaíocht a dhéanamh ar ghual toiteach in 13 cheantar breise ar fud na tíre.
Dúirt an tAire Ryan:
"Táim an-sásta an cosc seo a leathnú chun 13 cheantar uirbeacha breise a chuimsiú agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na húdaráis áitiúla as a gcomhoibriú. Laghdóidh an beart seo truailliú aeir agus feabhsóidh sé sláinte phoiblí. Ar na príomhéifeachtaí sláinte atá le truailliú aeir tá stróc, galar croí, ailse scamhóige, galair ainsealacha agus géarghalair, asma san áireamh. Is é ábhar cáithníneach mín an truailleán is mó ó dhó breoslaí soladacha tí atá ina chúis imní agus tá baint aige le réimse galar. Trí chosc a chur ar ghual toiteach, sábháiltear daoine ón mbás agus feabhsaítear torthaí sláinte.”
Is iad seo a leanas na bailte breise:
Contae Baile
An Cabhán Baile an Chabháin
Corcaigh Carraig Thuathail*, an Cóbh, Mainistir na Corann agus Mala
Ciarraí Cill Airne
An Longfort Baile an Longfoirt
Maigh Eo Caisleán an Bharraigh agus Béal an Átha
An Mhí Cill Dhéagláin
Uíbh Fhailí Tulach Mhór
Port Láirge Trá Mhór
Loch Garman Inis Córthaidh
(Tá Ceantar Sonraithe Chorcaí atá ann cheana féin á leathnú chun Carraig Thuathail a chuimsiú.)
Rinneadh teorainneacha geografaíochta na Limistéar nua Ísealtoite a shainmhíniú i ndiaidh plé chuimsithigh leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha. Tá mapa idirghníomhaíochta ar línear fáil anois a léiríonn na Limistéir Ísealtoite a bhí ann cheana féin agus na cinn úra a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2020. Tá áis chuardaigh Éirchóid san áireamh leis an mapa ionas gur féidir le húsáideoirí Éirchód áitribh a chur isteach lena fheiceáil a bhfuil sé sa Limistéar Ísealtoite.
Is iad na hÚdaráis Áitiúla go príomha atá freagrach as an gcosc ar ghual toiteach a chur i bhfeidhm ina gceantair fheidhmiúla féin. Tá cumhachtaí leathana ag na hÚdaráis Áitiúla, mar shampla:
- Féadfaidh baill foirne de chuid an Údaráis Áitiúil cigireachtaí a dhéanamh ar áitribh agus ar fheithiclí atá in úsáid chun breosla soladach a dhíol nó a dháileadh, agus samplaí a bhailiú.
- Féadfaidh Údarás Áitiúil ionchúiseamh a thabhairt faoin Acht um Thruailliú Aeir as sárú ar na Rialúcháin.
- Féadfaidh Údarás Áitiúil Fógra Seasta Íocaíochta a eisiúint (nó ‘fíneáil ar an láthair’) as cionta líomhainte a bhaineann le margaíocht ar bhreoslaí coiscthe, lena ndíol agus lena dáileadh i Limistéir Ísealtoite, agus réimse pionós idir €250 agus €1000 ann.
Mar chuid den Chlár don Rialtas, tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil tiomanta do chur chuige forfheidhmiúcháin ilghníomhaireachta a fhorbairt tuilleadh, agus beimid ag obair leis na hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile sa chomhthéacs seo sna míonna atá amach romhainn.
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
An costas ar bhreoslaí éagsúla
Bíonn ar dhaoine a dtithe a théamh agus in amanna cuirtear imní in iúl faoin tionchar a bheidh ag leathnú an choisc ar ghual toiteach ar theaghlaigh ar ioncam íseal nach bhfuil sé d’acmhainn acu a gcórais téimh a uasghrádú. D’fhoilsigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann tuarascáil ina ndéantar comparáid idir bhreoslaí tí ó thaobh costas fuinnimh de (Aibreán 2020). Liostaítear ann an costas ar aonad fuinnimh i dtaca le réimse breoslaí soladacha (bunaithe ar bhurlaí brícíní agus málaí guail agus ubhchruthóideach (ar cumaisc dhéantúsaíochta de bhreoslaí iad)):
Breosla Cent/kWh
Brícíní móna 6.72
Gual den ghrád is fearr (mála) 5.80
Gnáthghual (mála) 5.54
Ubhchruthóidigh ísealtoite (mála) 5.81
Adhmad crua, mála beag, taisleach 20%, bailithe 11.27
Adhmad bog, mála beag, taisleach 25%, bailithe 9.93
Limistéir an choisc reatha ar ghual toiteach:
Baile Átha Cliath
Corcaigh
An tInbhear Mór, Droichead Átha, Dún Dealgan, Luimneach, Loch Garman
Cill Droichid, Gaillimh, Léim an Bhradáin, an Nás, Port Láirge
Bré, Cill Chainnigh, Sligeach, Trá Lí
Áth Luain, Ceatharlach, Cluain Meala, Inis
Na Clocha Liatha, Leitir Ceannain, an Muileann gCearr, an Uaimh, an Droichead Nua, Port Laoise, Cill Mhantáin (agus Ráth Naoi)
Maigh Nuad
An tionchar ag úsáid breoslaí soladacha ar an tsláinte
De réir Thuarascáil na Gníomhaireachta Comhshaoil Eorpaí ar Cháilíocht an Aeir san Eoraip in 2019, fuair 1,180 duine bás roimh am in Éirinn in 2016 mar gheall ar thruailliú aeir. Ábhar cáithníneach mín (PM2.5) an chúis le formhór mór na mbásanna sin, 1,100 acu. In Éirinn, baineann ábhar cáithníneach mín le dó breoslaí soladacha tí. Cuirtear in iúl sa tuarascáil chéanna go raibh 12,000 Duinebhliain Saoil a Cailleadh ann, rud a thugann le fios go bhfuair na daoine sin bás go suntasach roimh am.
Mar atá luaite thuas, tá tuairim is 350 níos lú bás ann in aghaidh na bliana i mBaile Átha Cliath mar thoradh ar an gcosc agus tá laghdú ar mhortlaíocht chardashoithíoch, cheirbreashoithíoch agus riospráide sa daonra go ginearálta.