English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rialacháin sínithe do Scéim Tuairisceáin Taiscí do bhuidéil phlaisteacha agus do channaí alúmanaim

Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, tar éis na rialacháin reachtacha a shíniú maidir le Scéim Tuairisceáin Taiscí in Éirinn do bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim, a thiocfaidh i bhfeidhm an bhliain seo chugainn.

Soláthraíonn na Rialacháin um Bailiú ar Leith (Scéim Aischuir Taiscí), Ionstraim Reachtúil Uimh. 599, an creat inar féidir leis an Aire oibritheoir scéime a cheadú. Leagtar amach sna rialacháin freisin na hoibleagáidí a bheidh ar tháirgeoirí, ar mhiondíoltóirí agus ar oibreoirí pointí fillte faoin scéim.

Cuideoidh tabhairt isteach scéim DRS le plaistigh aonúsáide a laghdú, cabhrófar le hÉirinn spriocanna an AE a bhaint amach agus geilleagar ciorclach níos leithne a chur chun cinn.

Is éard is DRS ann ná córas a úsáidtear chun tomhaltóirí a dhreasú chun a gcoimeádáin dí fholmha lena n-athchúrsáil nó lena n-athúsáid a thabhairt ar ais. Tá an DRS atá á chuir i bhfeidhim in Éirinn dírithe ar bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim, lena chinntiú go ndéantar níos mó díobh sin a ghabháil le haghaidh athchúrsála agus chun nach gcaitear ar leataobh iad mar bhruscar.

agus na rialacháin á ndréachtú, d’oibrigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go dlúth le hionadaithe ón tionscal dí a mhaoineoidh agus a fheidhmeoidh an scéim. Bhí tiomantas chun DRS a bhunú mar chuid de Chlár an Rialtais agus leagadh amach an amlíne chun é a bhunú sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020.

Is é an chéad chéim eile ná comhlacht ceadaithe a cheapadh, ag an Aire, chun an scéim a oibriú. Tá gá le tuilleadh rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara freisin, chun ráta na taisce a bheidh le híoc ar bhuidéil agus ar channaí laistigh de raon feidhme a shocrú.

Táthar ag súil go mbeidh an scéim ag feidhmiú ar fud na tíre i Ráithe 3 de 2022.

CRÍOCH


Nótaí chuig an eagarthóir

Le bliain anuas, tá comhairliúcháin phoiblí déanta ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir le DRS, agus fuarthas freagraí fabhracha.

Is é is aidhm don DRS anseo in Éirinn go príomha méadú a dhéanamh ar an ráta gabhála aon úsáide amháin, Teireataláit Phoileitléine (PET) agus coimeádáin dí alúmanaim.

Tá sé i gceist leis na Rialacháin a shínigh an tAire, go háirithe, go mbainfear amach na spriocanna bailithe ar leithligh do bhuidéil phlaisteacha atá i dTreoir (AE) 2019/904 de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 5 Meitheamh 2019 i dtaca leis an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol a laghdú agus maidir leis na spriocanna athchúrsála le haghaidh alúmanaim a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/852 de Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistíocht, d’fhonn aisghabháil agus athchúrsáil dramhaíola pacáistíochta a chur chun cinn.