English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníodh acht cinniúnach, an tAcht um Gheilleagar Ciorclach, ina dhlí

  • Aistrítear Éire amach ó gheilleagar "tógáil-déanamh-dramhaíl".
  • Dreasaíonn sé úsáid roghanna athchúrsála agus ath-inúsáide seachas pacáistiú aon-úsáide indiúscartha
  • Bogtar Éire níos gaire do bheith i measc na gcéad tíortha ar domhan le deireadh a chur le cupáin deochanna indiúscartha
  • Téitear i ngleic le diúscairt mhídhleathach agus bruscar

Tá an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha 2022, a shínigh an tUachtarán agus atá anois ina dhlí, mar bhonn ag an aistriú atá ag Éirinn ó mhúnla líneach "tógáil-déanamh-dramhaíl" go patrún táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe, a choinníonn luach na n-acmhainní inár ngeilleagar chomh fada agus is féidir agus déanfaidh sé sin ár n-astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú go suntasach.

I ngeilleagar ciorclach, déantar dramhaíl agus úsáid acmhainní a íoslaghdú. Coinnítear úsáid agus luach táirgí agus ábhar chomh fada agus is féidir. Nuair a bhíonn deireadh a shaoil sroichte ag an táirge baintear úsáid as a chuid páirteanna arís agus arís eile – chun táirgí úsáideacha breise a chruthú, in ionad iad a chaitheamh i leataobh, patrún atá ró-choitianta anois.

De réir mar a chuaigh sé tríd an Dáil, fuair an tAcht tacaíocht leathan traspháirtí chun tobhaigh a thabhairt isteach ar gach pacáistiú aonúsáide in imeacht ama agus i gcás ina bhfuil roghanna eile níos inbhuanaithe ar fáil agus cuimsítear ann tuilleadh cosaintí sóisialta, lena n-áirítear bearta chun teaghlaigh ar ioncam íseal agus daoine faoi mhíchumas a chosaint. Leis an Acht freisin cinntítear go bhfuil córas rialaitheach ar bun againn atá in oiriúint don fheidhm – chun na céadta mílte tonna ábhar a athúsáid go sábháilte agus go hinbhuanaithe mar amhábhair thánaisteacha, rud a d’fhéadfadh a bheith thar a bheith tábhachtach don earnáil tógála.


Cad a dhéantar leis an Acht

  • sainmhínítear an Geilleagar Ciorclach den chéad uair i ndlí náisiúnta na hÉireann
  • spreagtar roghanna ath-inúsáide agus in-athchúrsála a úsáid seachas raon pacáistiú indiúscartha aonúsáide agus earraí eile
  • ath-ainmnítear an Ciste Comhshaoil atá ann faoi láthair mar Chiste an Gheilleagar Chiorclaigh, a bheidh fós imfhálaithe chun tacaíocht a sholáthar do thionscadail chomhshaoil agus gheilleagair chiorclaigh
  • tugtar isteach córas éigeantach leithscartha agus táillí dreasaithe do dhramhaíl tráchtála, cosúil lena bhfuil ann don mhargadh teaghlaigh. Méadóidh sé seo scaradh dramhaíola agus tacóidh sé le rátaí méadaithe athchúrsála
  • déantar foráil maidir le húsáid raon teicneolaíochtaí a chomhlíonann an RGCS, amhail CCTV chun críocha forfheidhmithe dramhaíola. Tacóidh sé sin le hiarrachtaí chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus bruscar, agus cearta príobháideachta na saoránach a chosaint
  • cuirtear Straitéis an Gheilleagair Chiorclaigh agus an Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Chaillteanas Bia ar bhonn reachtúil, agus bunaítear ceanglas dlíthiúil ar rialtais an 2 bheartas seo a fhorbairt agus a nuashonrú go tréimhsiúil
  • déantar na próisis náisiúnta do chinntí maidir le Deireadh le Dramhaíl agus Fotháirgí a chuíchóiriú, téitear i ngleic leis na moilleanna a d’fhéadfadh teacht ar thionscal, agus tacaítear le hinfhaighteacht amhábhar tánaisteach athchúrsáilte i margadh na hÉireann, agus
  • comhdhlúthaítear beartas an rialtais breoslaí iontaise a choinneáil sa talamh – trí thoirmisc a thabhairt isteach ar thaiscéalaíocht agus eastóscadh guail, ligníte agus scealla ola

Dumpáil mhídhleathach ghránna a bhrath agus a chosc

Mar bheart suntasach dá bhforáiltear faoin reachtaíocht nua, tabharfar an chumhacht d’Údaráis Áitiúla úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí a chomhlíonann an RGCS ar nós CCTV chun dumpáil agus bruscar atá gránna agus mídhleathach a bhrath agus a chosc, i measc bearta eile. Cabhróidh sé seo le "diúscairt neamhdhleathach" a dhíspreagadh, rud atá ina dúchan ar fud na tíre.

Pacáistiú Aonúsáide a scrios de réir a chéile

Leis an Acht seo, le himeacht ama, cuirfear deireadh de réir a chéile freisin le raon táirgí indiúscartha aon-úsáide. I measc na spriocanna atá aige tá Éire a dhéanamh ar cheann de na chéad tíortha ar domhan chun deireadh a chur le húsáid na gcupán caife indiúscartha, a gcuirtear beagnach leathmhilliún acu faoi láthair chuig líonadh talún nó loscadh gach lá, arb ionann é agus 200 milliún cupán sa bhliain.

Cuirfear tús leis an bpróiseas seo le toirmeasc sna míonna amach romhainn ar úsáid cupáin caife indiúscartha do chustaiméirí atá ina suí istigh i gcaiféanna agus i mbialanna, agus ina dhiaidh sin tabharfar isteach táille bheag ar chupáin indiúscartha do chaifí beir leat ar féidir iad a sheachaint go hiomlán trí úsáid a bhaint as cupán ath-inúsáidte a úsáid. Feidhmeoidh sé seo ar an mbealach céanna leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha atá ann faoi láthair, ar éirigh chomh maith sin leis bruscar málaí plaisteacha a laghdú ar fud na tíre. Ceadaíonn an tAcht freisin do thobhaigh ar gach pacáistiú aonúsáide a thabhairt isteach.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, Ossian Smyth:

"Is athrú suntasach é an tAcht seo ar an gcaoi a dtéann Éire i ngleic leis an nGeilleagar Ciorclach. Sainmhínítear leis cad é an Geilleagar Ciorclach sa dlí náisiúnta agus cuirtear ceangal leis ar an rialtas Straitéis uaillmhianach náisiúnta um an nGeilleagar Ciorclach a ullmhú agus a nuashonrú go rialta, lena n-áirítear spriocanna náisiúnta agus earnála maidir le rudaí amhail athúsáid agus deisiú. Ceadóidh an tAcht dúinn dul i ngleic leis an iomadú earraí indiúscartha aonúsáide, a thagann chun críche rómhinic mar líonadh talún nó bruscair, ar an mbealach céanna a rinne Éire go rathúil roimhe seo leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha. Cuirfear feabhas leis ar na próisis chun úsáid na n-amhábhar tánaisteacha a cheadú ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe. D’fhéadfadh sé seo na céadta mílte tonna d’ábhar a choinneáil amach as líonadh talún, loscadh nó cineálacha eile aisghabhála. Ar deireadh, tugann an tAcht an chumhacht do na hÚdaráis Áitiúla chun CCTV agus teicneolaíochtaí taifeadta eile a úsáid go freagrach chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus bruscar i bpobail áitiúla, ach déanann sé amhlaidh ar bhealach a áiríonn cosaintí an-láidir príobháideachais agus comhlíonann sé go hiomlán an dlí um chosaint sonraí.

"Tá sé mar aidhm ag an Acht seo stop a chur leis an bpátrún cur amú acmhainní luachmhara a úsáid uair amháin agus ansin iad a chaitheamh amach. Ó dhíspreagadh úsáid earraí aonúsáide, go dtí feabhas a chur ar an bpróiseas chun ábhair athchúrsáilte a ligean isteach ar an margadh, tacóidh an reachtaíocht seo leis an bhforbairt ar tháirgí agus samhlacha gnó inbhuanaitheacha ar fud an gheilleagair."

Dúirt sé freisin go raibh Éire chun tosaigh 20 bliain ó shin, le bearta a chuir srian mór ar úsáid málaí plaisteacha agus ar an mbruscar a bhain leo.


Gnéithe sóisialta den Gheilleagar Ciorclach

Cuireann an tAcht gnéithe sóisialta an Gheilleagair Chiorclaigh san áireamh go sonrach freisin – chun, mar shampla, líonta tí ar ioncam íseal agus daoine faoi mhíchumas a chosaint. Tugann an tAcht ceanglas dlí isteach nach mór, nuair a bhíonn Straitéis Náisiúnta Geilleagair Chiorclaigh á hullmhú, na beartais náisiúnta maidir le riachtanais na bpobal atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch, agus daoine faoi mhíchumas, a chur san áireamh

Athúsáid acmhainní agus ídiú laghdaithe

Tógann an tAcht ar thiomantas an rialtais do gheilleagar ciorclach a bhaint amach, mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola 2020 le haghaidh Geilleagar Ciorclach agus i Straitéis Uile-Rialtais an Gheilleagair Chiorclaigh 2021. Cuireann an tAcht seo bonn reachtúil faoin straitéis sin anois, ag cur athúsáid acmhainní agus tomhaltas laghdaithe i gcroílár gheilleagar na hÉireann.

I ndáiríre, leis an Acht fógraítear deireadh le taiscéaladh guail trí dheireadh a chur le heisiúint ceadúnas nua chun gual, lignít agus sceall ola a thaiscéaladh agus a mhianadóireacht. Leanann sé seo de ghealltanais Chlár an Rialtais deireadh a chur le ceadúnais nua le haghaidh taiscéalaíochta agus astarraingthe gáis, a bhí ar aon dul leis an gcinneadh roimhe seo in 2019 deireadh a chur le taiscéalaíocht agus eastóscadh ola.

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan:

"Is pointe suntasach é seo i dtiomantas an rialtais seo an geilleagar ciorclach a fhíorú in Éirinn. Trí mheascán de dhreasachtaí eacnamaíocha agus rialáil níos cliste is féidir linn patrúin táirgeachta agus tomhaltais i bhfad níos inbhuanaithe a bhaint amach a bhogann amach muid ó phatrúin na n-ábhar agus na n-earraí aonúsáide agus indiúscartha atá ina gcuid chomh caifeach sin dár múnla eacnamaíoch anois. Caithfimid athsmaoineamh a dhéanamh ar an mbealach a n-idirghníomhaíonn muid leis na hearraí agus na hábhair a úsáidimid gach lá, má táimid chun glan-nialas gás ceaptha teasa a bhaint amach. astaíochtaí, toisc go dtagann 45% de na hastaíochtaí sin as na hearraí agus na hábhair sin a tháirgeadh."


Cad atá le teacht

Rachaidh Dréacht-Rialacháin ar an Tobhach ar Chupáin Indiúscartha Aonúsáide amach le haghaidh comhairliúcháin an fómhar seo, agus é mar aidhm go dtiocfaidh siad seo i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana. Rachaidh comhairliúchán poiblí ar rialacháin nua maidir leis na próisis chinntí a bhaineann le Deireadh le Dramhaíl agus Fotháirgí amach le haghaidh comhairliúcháin níos déanaí i mbliana.

Tosóidh an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) ag ullmhú na gCód Cleachtais Reachtúla maidir le húsáid CCTV agus Gléasanna Taifeadta eile a gcaithfidh Údaráis Áitiúla cloí leo agus iad ag úsáid na dteicneolaíochtaí seo chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach. Cuirfear na Cóid Chleachtais faoi bhráid an Aire ansin lena gceadú deiridh.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Geilleagar Ciorclach – Cúlra

Beidh tionchair dhearfacha comhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag baint le geilleagar ciorclach a sheachadadh. Is féidir le creat beartais ciorclach dea-dheartha comhshochair a shainaithint, ionas go gcuirfidh feabhsuithe comhshaoil deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta ar fáil freisin, agus vice versa. Ar fud na hEorpa, tá tíortha ag bogadh i dtreo agus ag glacadh le cleachtais an gheilleagair chiorclaigh. Tá an AE i mbun a straitéise 'An Margadh Glas Eorpach', a bhfuil an geilleagar ciorclach ina chroílár aici. I mí an Mhárta 2020, sheol an AE a Dhara Plean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach. Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire a céad Straitéis Uile-Rialtais um an nGeilleagar Ciorclach i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun cur chuige foriomlán an rialtais i leith an gheilleagair chiorclaigh a leagan amach do pháirtithe leasmhara agus don phobal.

Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach 2022 níos faide – tríd an gcur chuige beartais seo a aistriú ina riachtanas reachtúil. Soláthróidh sé freisin an bonn reachtúil riachtanach do raon gníomhartha a neartóidh forfheidhmiú dramhaíola maidir le dumpáil mhídhleathach agus bruscar, mar shampla: trí úsáid CCTV agus teicneolaíochtaí eile a chomhlíonann an RGCS i ngníomhartha forfheidhmithe a cheadú. Soláthraíonn an Straitéis um an nGeilleagar Ciorclach creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Cuireann an tAcht sin bonn reachtúil soiléir faoin Straitéis sin, agus faoin tiomantas do gheilleagar ciorclach. Cuirfear Clár Náisiúnta an Gheilleagair Chiorclaigh (arna oibriú ag an EPA) atá le teacht ar an mbonn reachtúil céanna.

Dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach agus bruscar

I gcomhthéacs fhorfheidhmiú dramhaíola, cuireann an tAcht roinnt forálacha chun cinn, lena n-áirítear úsáid teicneolaíochtaí amhail CCTV a chomhlíonann an RGCS, chun críocha forghníomhaithe dramhaíola. Áiritheoidh siad go bhféadfaidh údaráis áitiúla a bhfuil sé de chúram orthu dlí bruscair agus dramhaíola a fhorghníomhú sonraí pearsanta a phróiseáil, rud a chuirfidh bac tábhachtach ar fáil maidir le bruscar agus le dumpáil mhídhleathach. Ag an am céanna tá sé ríthábhachtach go n-urramófar cearta príobháideachta na saoránach go hiomlán trí chosaintí láidre; déanann an tAcht seo é sin.

Tobhaigh chomhshaoil

Leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta Dramhaíola don Gheilleagar Ciorclach leagtar amach na gealltanais chun tobhaigh chomhshaoil nua a thabhairt isteach le haghaidh iompar bainistíochta dramhaíola níos freagraí. Le síniú an Achta, is féidir na tobhaigh sin a chur i bhfeidhm anois.

Cupáin caife indiúscartha a bhaint de réir a chéile

Cuirimid beagnach 200 milliún cupán caife chuig líonadh talún nó loscadh in Éirinn gach bliain. Is dramhaíl iomlán inseachanta í seo. Ba mhaith linn daoine a spreagadh chun é a chosc trí thaitneamh a bhaint as a ndeoch ar-an-dul i gcupán ath-inúsáidte.

Táimid ag tabhairt isteach muirear beag ar chupáin chaife indiúscartha chun daoine a spreagadh le hathúsáid a dhéanamh.

Oibreoidh sé ar bhealach comhchosúil leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha, agus beidh an t-airgead imfhálaithe i gCiste an Gheilleagair Chiorclaigh do thionscadail a bhaineann le cuspóirí gníomhaíochta comhshaoil agus aeráide. Ní beart tiomsaithe ioncaim é; baineann sé le hathrú iompraíochta a dhéanamh.

Má éiríonn linn an t-athrú sin a chur i gcrích, imeoidh an t-ioncam laistigh d’achar gairid ama – de réir mar a dhéanann daoine an t-athrú.

I ndeireadh na dála, is í an uaillmhian ná Éire a dhéanamh ar cheann de na chéad tíortha ar domhan chun cupáin caife indiúscartha a dhíothú. Is céim thábhachtach í seo ina ceart féin ach, níos bunúsaí, is féidir leis na bearta i dtaca le cupáin caife bealach a chur ar fáil freisin chun daoine a chur ag smaoineamh ar na céimeanna ciorcaireachta eile is féidir leo a ghlacadh ina saol laethúil chun tomhaltas acmhainní a laghdú agus chun cur le gníomhaíocht aeráide.

Tabharfar isteach na chéad tobhaigh ar chupáin chaife indiúscartha níos déanaí i mbliana (2022).

Aisghabháil dramhaíola

Is éard atá i gceist le haisghabháil dramhaíola ná dramhaíl a sheoladh le haghaidh loiscthe nó le haghaidh rud ar a dtugtar 'aislíonadh', go bunúsach cairéil a líonadh nó dromchlaí crua a sholáthar do láithreáin líonta talún. Ciallaíonn sé go ndéantar ábhair a d’fhéadfaí, i gcásanna áirithe, a athúsáid nó a athchúrsáil a loscadh nó a chur sa talamh. Is droch-shlí é seo chun déileáil le hacmhainní a d’fhéadfadh a bheith luachmhar.

Soláthraíonn an tAcht cumhachtaí don Aire chun tobhach a ghearradh ar aisghabháil dramhaíola a tharlaíonn in Éirinn, agus freisin ar onnmhairiú dramhaíola ó Éirinn lena haisghabháil in áiteanna eile san AE agus lasmuigh den AE.

Tríd an tobhach seo a thabhairt isteach feabhsófar tuilleadh an réasúnaíocht eacnamaíoch maidir le hathchúrsáil agus athúsáid a bheith ar an gcéad rogha réamhshocraithe chun déileáil le dramhaíl sa tír seo. Tá sé bunaithe ar mhúnla an tobhaigh líonta talún atá ann faoi láthair agus, arís, d'éirigh thar barr leis.

Cosúil leis na tobhaigh chomhshaoil ar nithe aonúsáide, déanfar fáltais uile an tobhaigh téarnaimh a imfhálú isteach i gCiste an Gheilleagair Chiorclaigh.

Leagfar amach sonraí an tobhaigh, lena n-áirítear an ráta, i reachtaíocht thánaisteach, a bheidh faoi réir comhairliúcháin phoiblí.

Dramhaíl tráchtála a scaradh

Tugann an tAcht isteach córas sainordaitheach leithscartha agus táillí dreasaithe do dhramhaíl tráchtála, cosúil lena bhfuil ann don mhargadh teaghlaigh.

Faoi láthair, is féidir le háitribh thráchtála a gcuid dramhaíola a dhiúscairt trí bhosca bruscair amháin, neamhleithscartha. Ní bheidh sé seo indéanta a thuilleadh faoi na hathruithe atá á dtabhairt isteach leis an Acht, rud a chuireann iallach ar áitribh a gcuid dramhaíola a bhainistiú ar bhealach atá deighilte i gceart. Ba cheart go ndéanfadh deighilt níos fearr agus praghsáil dhreasaithe, agus táillí níos ísle ar bhoscaí athchúrsála ná ar bhoscaí bruscair ghinearálta, airgead a shábháil do ghnóthaí ar deireadh thiar.

Ag cur deireadh le taiscéalaíocht agus mianadóireacht ghuail, ligníte agus scealla ola

Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais go gcuirfear deireadh le ceadúnais nua chun gás a thaiscéaladh agus a astarraingt, i gcomhréir le cinneadh 2019 maidir le taiscéalaíocht agus astarraingt ola. Leanann sé seo ón bhfógra a rinne an rialtas roimhe seo, i Meán Fómhair 2019, chun taiscéaladh ola a thoirmeasc.

Tugadh éifeacht reachtúil don ghealltanas seo tríd an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021.

Cad a dhéantar leis an Acht seo

Leis an Acht leathnaítear an beartas seo chuig breoslaí iontaise eile, trí dheireadh a chur le heisiúint ceadúnas nua chun gual, lignít agus sceall ola a thaiscéaladh agus a mhianadóireacht. Níl aon lorgaireacht ar na mianraí seo in Éirinn faoi láthair agus is beag mianadóireacht a dhéantar do na breoslaí sin.

Tacú le húsáid mhéadaithe ábhar athchúrsáilte nó athúsáidte i margadh na hÉireann

Cabhróidh an tAcht le sruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiseas do chinntí a dhéanann an EPA ar iarratais ar a dtugtar iarratais Deireadh le Dramhaíl agus Fotháirgí.

Ligeann an dá phróiseas seo, faoi dhianchoinníollacha comhshaoil, ábhair a d’fhéadfaí a láimhseáil mar dhramhaíl murach iad a athchúrsáil nó a athúsáid i bhfeidhmchláir eile. Ní féidir leis seo tarlú ach amháin nuair atá sé sábháilte é sin a dhéanamh agus nuair a bhíonn fíorúsáid ann gur féidir na hábhair athchúrsáilte/athúsáidte a chur ar an margadh. Ceadóidh an tAcht don EPA na próisis iarratais a fheabhsú, ionas gur féidir léi moill a sheachaint sa chinnteoireacht mar gheall ar fhadhbanna amhail eolas neamhiomlán a bheith á cur ar fáil in iarratais.

Sampla:

San earnáil tógála, d’fhéadfadh go laghdófaí an gá atá le comhiomláin mhianadóireachta, rudaí mar charraig brúite agus gaineamh agus gairbhéal a úsáidtear i gcoincréit, trí rud a d’fhéadfaí a áireamh mar dhramhábhar ón scartáil a athúsáid. Ní mór é seo a dhéanamh ar bhealach atá sábháilte, ó thaobh an chomhshaoil de, agus sláinte an duine. Is é an próiseas Deireadh le Dramhaíl an bealach inar féidir linn na cosaintí sin a sholáthar.