English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Ryan dearbhú comhpháirteach maidir le comhoibriú na hÉireann leis an nGearmáin ar hidrigin ghlas

  • tá hidrigin ghlas ar tí ról ríthábhachtach a imirt inár gcóras fuinnimh a dhícharbónú
  • chuir Comhlachas Tionsclaíochta agus Tráchtála na Gearmáine-na hÉireann go mór leis an bpróiseas seo

Shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Dearbhú Intinne Comhpháirteach maidir le comhar i réimse na hidrigine glaise idir Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na hÉireann agus Aireacht Fheidearálach Taighde na Gearmáine.

Shínigh Mario Brandenburg, Rúnaí Parlaiminteach Stáit, an Dearbhú Intinne seo thar ceann Aireacht Fheidearálach Taighde na Gearmáine. Leis an Dearbhú Intinne, cuirfear an comhar idir Éire agus an Ghearmáin i ndáil le hidrigin ghlas ar bhonn foirmiúil agus beifear in ann é a leathnú sna blianta atá le teacht. Chuir Comhlachas Tionsclaíochta agus Tráchtála na Gearmáine-na hÉireann go mór leis an bpróiseas seo.

Ceann de na príomhdhúshláin maidir le hidrigin ghlas a sholáthar is ea an fháil ar fhuinneamh inathnuaite chun í a tháirgeadh. Tá ceann de na hacmhainní fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta is fearr ar domhan ag Éirinn, agus is mórdheis le haghaidh hidrigin ghlas a tháirgeadh a bheidh i lánacmhainneacht na hacmhainne sin a bhaint amach. Tá móiminteam taobh thiar de hidrigin ghlas á thógáil in Éirinn, agus í ar tí ról ríthábhachtach a imirt inár gcóras fuinnimh a dhícharbónú. Shocraigh an rialtas sprioc go soláthrófaí 5 GW d’fhuinneamh amach ón gcósta faoin mbliain 2030 agus tá sé ag cruthú na timpeallachta le haghaidh tionscal hidrigine a chruthú trí spriocdhíriú ar 2 GW sa bhreis d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar le haghaidh hidrigin ghlas a tháirgeadh. D’fhéadfadh dhá ghigeavata de thoilleadh Hidrigine Inathnuaite suas le 6 TWh (Teireavatuair) d’fhuinneamh atá saor ó charbón a sholáthar. D’fhéadfadh sé sin freastal ar phas beag níos mó ná 10% de riachtanais iomlána fuinnimh deiridh na hearnála leictreachais, ar 21% de riachtanais tionsclaíochta nó ar 6-7% de na riachtanais iomlána iompair.

Tá Straitéis Náisiúnta Hidrigine á forbairt ag an rialtas faoi láthair, agus tá sí le tabhairt chun críche ar ball. Leagfar amach sa straitéis sin ár bhfís maidir le conas a dhéanfar hidrigin a tháirgeadh agus a úsáid in Éirinn, agus cinnteacht á tabhairt d’infheisteoirí agus don lucht tionscail maidir le conas a imscarfar hidrigin i gcóras fuinnimh na hÉireann. Más féidir le hÉirinn leas a bhaint as na deiseanna a ghabhann le hidrigin, beimid in ann neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach, córas slán fuinnimh a bheith againn agus teacht chun bheith inár n-onnmhaireoir fuinnimh.

Ag labhairt dó faoin Dearbhú Intinne, dúirt an tAire Ryan:

"Is vóta muiníne é seo as acmhainneacht fuinnimh na hÉireann agus, go sonrach, as ár n-acmhainn chun hidrigin ghlas a tháirgeadh ónár bhfuinneamh barrachais. Tá ár n-acmhainní fuinnimh i measc na n-acmhainní is fearr ar domhan. Tá hidrigin ar cheann de na bealaí is fearr ar féidir na hacmhainní sin a ghabháil agus iad a chomhroinnt le comhpháirtithe Eorpacha, an Ghearmáin san áireamh. Is é ar an gcúis sin nach raibh aon drogall orm an Dearbhú Intinne seo a shíniú, agus táim ag súil le hobair i ndlúthchomhar lenár gcairde sa Ghearmáin."

Dúirt Mario Brandenburg, Rúnaí Stáit Parlaiminteach don Aire Feidearálach Oideachais agus Taighde:

"Glan-allmhaireoir fuinnimh atá sa Ghearmáin, agus beidh sí ina glan-allmhaireoir fuinnimh go ceann i bhfad. Is é sin an fáth a bhfuil comhpháirtíochtaí taighde le tíortha a bhfuil go leor foinsí fuinnimh inathnuaite acu, ar nós na hÉireann, chomh tábhachtach sin don Ghearmáin agus don Aontas Eorpach ina iomláine. Mar thoradh ar an gcomhar seo idir Éire agus an Ghearmáin, cabhrófar le dlús a chur le haistriú fuinnimh an Aontais Eorpaigh agus le hEoraip a bheidh níos sláine ó thaobh an fhuinnimh de a sholáthar."

Agus achar mara againn arb ionann é agus thart ar sheacht n-uaire mhéid ár mórchríche – tá ag Éirinn ceann de na hacmhainní fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta is fearr ar domhan. Tá cósta na hÉireann ar cheann de na cóstaí is táirgiúla san Eoraip ó thaobh an fhuinnimh de, rud a fhágann go bhfuil an acmhainneacht ag Éirinn chun teacht chun bheith ina glan-onnmhaireoir hidrigine glaise san fhadtéarma.

Meastar i Straitéis Hidrigine na Gearmáine go mbeidh an Ghearmáin in ann idir 20 faoin gcéad agus 30 faoin gcéad dá riachtanais fuinnimh a chomhlíonadh go dúchasach faoin mbliain 2030. De bharr na flúirse acmhainní fuinnimh inathnuaite atá ag Éirinn, is ann do dheiseanna suntasacha le haghaidh trádáil sa réimse seo sa todhchaí. Tá dea-chuntas teiste ag Éirinn maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite a sholáthar; tá clú uirthi sa phobal gnó agus idirnáisiúnta mar thír ar féidir iontaoibh a bheith aisti; agus tá ailíniú agus comhleanúnachas dlúth aici maidir leis an mbeartas fuinnimh, le margaí fuinnimh agus le rialacháin fuinnimh mar gheall ar ár mballraíocht fhadtéarmach den Aontas Eorpach. Dá bharr sin, tá na dálaí cearta ann chun go n-éireoidh leis an gcomhar idir an Ghearmáin agus Éire ar hidrigin ghlas a fhorbairt.

CRÍOCH