English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sínítear na Rialacháin nua um Breoslaí Soladacha, ag réiteach an bhealaigh le haghaidh aercháilíocht níos fearr

Shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, na Rialacháin nua um Breoslaí Soladacha d’Éirinn, a thiocfaidh in éifeacht an 31 Deireadh Fómhair 2022. Is é príomhfhócas na rialachán seo feabhas a chur ar aercháilíocht agus ar sheansanna sláinte agus torthaí sláinte an duine trí shrian a chur le breoslaí toiteacha, amhail gual toiteach, móin agus adhmad fliuch, a dhíol trí mhiondíol, ar líne agus trí thráchtáil. Tá sé cruthaithe go gcuireann na breoslaí sin go mór le truailliú aeir in Éirinn.

Ar na príomhéifeachtaí sláinte a bhaineann le truailliú aeir tá stróc, galar croí, ailse scamhóg, galair ainsealacha riospráide agus galair ghéara riospráide, lena n-áirítear asma. Is féidir leis na riochtaí sin a bheith mar chúis le breoiteacht, le drochshláinte agus le mortlaíocht anabaí. Rannchuidíonn an dó breoslaí soladacha go mór le droch-aercháilíocht toisc go méadaíonn sé méid an ábhair cháithnínigh mhín (PM 2.5) agus na dtruailleán eile inár dteach agus inár bpobal. Chomh maith leis sin, tá baint aige le méaduithe i ngalar riospráide, i ngalar cardashoithíoch agus i néaltrú, agus déanann sé difear do lárchóras na néaróg agus don chóras atáirgthe.

Is é an toradh a bheidh ar na hathruithe, a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2021, ná go mbainfear na breoslaí is mó truailliú ón margadh an 31 Deireadh Fómhair. Bainfear é sin amach trí na caighdeáin theicniúla a mhéadú le haghaidh breoslaí chun a chinntiú nach mbeidh ach táirgí ar bheagán toite ar fáil lena ndíol.

Forbraíodh na rialacháin sin tar éis obair dhian a dhéanamh thar roinnt blianta. Áiríodh leis an obair sin comhairliúchán poiblí a bhfuarthas breis agus 3,500 freagra ina leith agus leibhéil shuntasacha teagmhála le geallsealbhóirí. Is ionann iad agus freagairt chomhréireach do na tionchair shláinte a bhaineann leis na breoslaí soladacha is mó truailliú a dhó. D’aontaigh an rialtas na rialacháin i mí Iúil.

Tá breoslaí malartacha ar bheagán toite níos glaine agus tá siad níos éifeachtúla ó thaobh costas de

Is é glanéifeacht na n-athruithe sin ná gur i mbun feidhme ar fud na tíre anois a bheidh na rialacha céanna a bhí i bhfeidhm i ‘gcriosanna toite ísle’, a tugadh isteach den chéad uair riamh i mBaile Átha Cliath 30 bliain ó shin. Mar thoradh air sin, beidh an t-aer i bhfad níos glaine do gach duine. Cé go mbeidh sé seo ina athrú dóibh sin atá ag úsáid breoslaí toiteacha go dtí seo, is ar fáil anois atá éagsúlacht leathan táirgí nach bhfuil chomh dochrach céanna – amhail gual ar bheagán toite (ubhchruthóidigh) – ar táirgí iad atá níos glaine agus níos éifeachtúla ó thaobh costas de.

Éifeacht shuntasach eile is ea nach mbeifear in ann a thuilleadh móin a rochtain trí asraonta miondíola agus tríd an Idirlíon agus gurb amhlaidh, maidir leis an adhmad a cheannófar le haghaidh téamh baile, a bheidh sé níos tirime agus níos glaine le dó.

Cearta móna

Ní dhéanfar aon difear leis na rialacháin seo do dhaoine a bhfuil cearta móna acu ná d’aon ghnáthchleachtais eile i ndáil le móin. Féadfaidh siad fós a móin féin a ghearradh le haghaidh a n-úsáide féin agus coimeádfaidh siad an cumas chun móin a dhíol nó a thabhairt mar bhronntanas. Mar sin féin, ní fhéadfar aon mhóin a dhíol trí bhíthin an Idirlín nó aon mheán eile (is é sin, fógraíocht sa phreas áitiúil) ná ó áitribh mhiondíola.

Cén éifeacht a bheidh aige sin duit

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin éifeacht a bheidh ag na rialacháin nua do shealbhóirí tí, do mhiondíoltóirí, do tháirgeoirí agus do chúiréirí a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Conas is eol dúinn cén leibhéal truaillithe aeir atá ann

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil freagrach as faireachán a dhéanamh ar an aercháilíocht chomhthimpeallach agus leathnaigh sí an líonra stáisiún ó 29 stáisiún sa bhliain 2017 go 103 stáisiún sa lá atá inniu ann, agus an líonra ag druidim le 116 stáisiún a bheith aige. Is é an toradh atá ar an leathnú sin atá á chistiú ag an Roinn ná go gcumasaítear faireachán fíor-ama ar an aercháilíocht ar fud na tíre, rud is féidir a rochtain go réidh trí shuíomh gréasáin Aercháilíochta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil.

Maidir leis an bhfaisnéis a ghinfear trí fhaireachán, cuirfear acmhainn nua samhaltaithe agus réamhaisnéisithe léi chun réamhaisnéis a sholáthar don phobal faoi chóras réamhaisnéise náisiúnta trí lá agus léarscáileanna Tuair Reatha lena soláthrófar meastacháin ar an aercháilíocht ar fud na tíre idir pointí faireacháin.


Costais Breoslaí Soladacha

Teastaíonn ó dhaoine a dteach a théamh, agus cuirtear imní in iúl in amanna faoin tionchar costais a bheidh ag tuilleadh rialála breoslaí soladacha ar theaghlaigh ísealioncaim nach bhfuil ar a n-acmhainn a gcóras téimh a uasghrádú. Ní gá athrú costasach fearais a dhéanamh chun aistriú ó bhreoslaí soladacha toiteacha chuig breoslaí atá ar bheagán toite.

Beag beann ar thabhairt isteach na rialachán nua, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugtar le fios i bhfianaise starógach a tháinig chun cinn le déanaí gur tháinig méadú ar chostais breoslaí mar thoradh ar shaincheisteanna slabhra soláthair a bhaineann leis an ngéarchéim san Úcráin.

Tarlaíonn sé in amanna freisin go mbíonn difríocht costais ann idir gual a fhoinsítear lasmuigh den Stát agus an gual a dhíoltar anseo de bharr difríochtaí i gcórais chánach.