Sínítear Rialacháin Chríochnaitheacha maidir le dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó
- Foilsithe: 27 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 1 Feabhra 2023
Síníodh na Rialacháin inniu chun foráil a dhéanamh d’fhadú leis an díolúine, rud lena gceadaítear dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó ar an láithreán in imthosca teoranta áirithe. Dhréachtaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó) tar éis obair i gcomhairle leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Leis na Rialacháin, fadaítear go dtí an 1 Márta 2023 an díolúine le haghaidh dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó, a chuaigh in éag an 1 Eanáir 2023. Athosclófar an díolúine ansin ar feadh tréimhse deiridh trí mhí ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 30 Samhain 2023 chun an earnáil talmhaíochta a chumasú déileáil leis an dramhaíl arna carnadh san idirthréimhse.
Faoi na [external-link Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó), 2009, ] ní ceadmhach dramhaíl tí, dramhaíl ghairdín, dramhaíl tráchtála ná dramhaíl thionsclaíoch a dhó. Maidir le díolúine faoin reachtaíocht, rud lenar ceadaíodh d’fheirmeoirí dramhaíl arna giniúint ag cleachtais talmhaíochta a dhiúscairt trí dhó mar rogha dheiridh tar éis ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm go dian, fadaíodh í roinnt uaireanta. Níor beartaíodh riamh, áfach, go mbeadh an díolúine sin i bhfeidhm go deo agus is í seo an uair dheiridh a dheonófar fadú den sórt sin.
Tháinig an cinneadh chun an díolúine sin a fhadú uair amháin eile ar a mhéad as na moltaí a rinneadh i staidéar a foilsíodh le déanaí, ar choimisiúnaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara í, chun bearta malartacha ar dhramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó a scrúdú laistigh de chomhthéacs na hÉireann agus measúnú a dhéanamh ar cé chomh praiticiúil agus atá na bearta malartacha sin. Luaitear sa staidéar sin, ar ullmhaigh Cumann Bithfhuinnimh na hÉireann (IrBEA) é, go bhfuil roinnt roghanna indéanta eile atá ar fáil chun an t-ábhar dramhaíola sin a bhainistiú go hinbhuanaithe.
Luaitear an méid seo a leanas sa tuarascáil ó IrBEA, ar fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara í: "Is é an príomhábhar imní a eascraíonn as bithmhais a dhó i gcairn dó páirce neamhfhálaithe, i gcomparáid le hí a dhó i bhfearais dócháin le haghaidh teasa, ná na truailleáin a thagann as dóchán, ar féidir leo tionchair dhiúltacha a bheith acu ina dhiaidh sin ar an tsláinte, ar cháilíocht an aeir agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear gáis cheaptha teasa a tháirgeadh."
Oibreoidh oifigigh ón dá roinn anois chun scrúdú a dhéanamh ar bhearta éagsúla chun a chinntiú gur i bhfeidhm atá na bearta cuí le haghaidh cumarsáide, múscailt feasachta agus aistriú eolais – chun tacú leis an earnáil talmhaíochta aistriú ordúil rathúil a dhéanamh chuig cleachtais mhalartacha bhainistíochta inbhuanaithe.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tuarascáil ó IrBEA
Tá an tuarascáil ó IrBEA ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó), 2009
Leis na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó), 2009, is cion é dramhaíl a dhiúscairt trí dhó neamhrialaithe.
Foráiltear le hAirteagal 5 de na Rialacháin do dhíolúine le haghaidh diúscairt incheadaithe dramhaíola trí dhó faoi choinníollacha áirithe, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil an t-ábhar atá le dó comhdhéanta d’adhmad neamhéillithe, de chrainn, de scotháin chrainn, de dhuilleoga, de bharraíl nó de dhramhaíl chosúil eile nach ngintear ach amháin le cleachtais talmhaíochta, ar an gcoinníoll go ndéantar aon dó den sórt sin mar bheart deiridh tar éis ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm.
Ba cheart a chur in iúl go soiléir nach bhfuil feidhm ag an díolúine seo ach amháin maidir le dramhaíl ghlas ghearrtha talmhaíochta. Níl feidhm aici maidir le haon dramhaíl eile a thagann chun cinn ar fheirmeacha, amhail plaistigh nó boinn.
Le hAirteagal 6 de Rialacháin 2009, foráladh do chlásal éagtha cúig bliana don díolúine sin, ar ina dhiaidh a bheadh sé riachtanach iarratas a dhéanamh chuig údarás áitiúil ar Dheimhniú Clárúcháin faoi na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide), i ndáil leis an ngníomhaíocht i gceist tar éis an dáta sin. Fadaíodh an fhoráil éagtha sin trí Rialacháin leasaitheacha sé huaire roimhe seo ón dáta éaga bunaidh i leith.