Scaoileann an Roinn sonraí geoifisiceacha ríthábhachtacha le haghaidh an dara ceant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid an Stáit riamh
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ag teacht sna sála ar an gceadú a thug an rialtas le déanaí do na téarmaí comhaontaithe le haghaidh an dara ceant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann riamh, mar atá ceant "Tonn Nua" faoi ORESS, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tar éis tacair sonraí geoifisiceacha ríthábhachtacha a chur ar fáil. Leis na tacair sonraí sin, tacófar le rannpháirtithe ionchasacha sa cheant le linn dóibh a n-anailís a dhéanamh chun bonn eolais níos fearr a chur faoi ullmhúcháin tairisceana agus chun rioscaí a bhaint díobh.
Tá an fógra á thabhairt de réir mar a bhíonn an móiminteam ag fás san earnáil fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus na mílte toscairí ag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath le haghaidh an tSeó Trádála Fuinnimh Gaoithe, ar seó dhá lá a osclaíodh an 6 Samhain é. Comhaontaíodh téarmaí agus coinníollacha cheant Thonn Nua an 30 Deireadh Fómhair 2024 de réir mar a leanann an rialtas de dhlús a chur leis an mbeartas i réimse an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.
Tagann an eisiúint sonraí sna sála freisin ar an gceadú a thug an tOireachtas le déanaí don chéad phlean spásúil de chuid an Stáit riamh le haghaidh forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, mar atá an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Beidh ceant Thonn Nua ar an gcéad cheant le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chuirfear ar siúl laistigh de Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe. Mar aon le láithreán ceant Thonn Nua, sainaithnítear sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ceithre limistéar mhuirí amach ón gcósta theas ina ndéanfar fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sna deich mbliana romhainn. Tá na ceithre limistéar mhuirí uile lonnaithe amach ó chósta Chorcaí, ó chósta Phort Láirge agus ó chósta Loch Garman. Leis an gcur chuige sin, tairgtear tuilleadh cinnteachta d’fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta trína chinntiú go mbeidh forbairtí feirme gaoithe sa todhchaí le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta faoi threoir ag pleananna spásúla muirí arna sainaithint ag an Rialtas agus arna gceadú ag an Oireachtas. Leis an gcur chuige sin freisin, cosnaítear an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí agus tugtar tacaíocht do shaoránaigh a bhíonn ag brath ar an muir. Le Tonn Nua, soláthrófar 900 meigeavata d’fhuinneamh glan ó láithreán a bheidh lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge. Táthar ag súil go gcuirfear an próiseas tairisceana ceant ar siúl i dtús na bliana seo chugainn.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Comhartha láidir á léiriú go bhfuil an Rialtas meáite ar ár spriocanna an-uaillmhianach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhlíonadh is ea na fógraí le déanaí i dtaobh an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta eile dár gcuid, lena n-áirítear scaoileadh na sonraí geoifisiceacha seo.
"Tá acmhainneacht ollmhór ag Éirinn maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus, i dteannta fuinneamh níos glaine agus níos sláine a sheachadadh dár gcuid tithe agus gnólachtaí, tá tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar tí ár ngeilleagar a athrú as éadan, agus mórthairbhí eacnamaíocha réigiúnacha agus náisiúnta á dtairiscint. An chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, a cuireadh ar siúl sa bhliain 2023, d’fheidhmigh sé níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis agus táim an-mhuiníneach go leanfaimid de chur le rath an cheant sin."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Suirbhéireacht gheoifisiceach
Tá sonraí ina gcuid ríthábhachtach de spriocanna fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a chur ar aghaidh agus dá todhchaí fuinnimh a chinntiú. Tá spriocanna uaillmhianacha ag Éirinn maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, agus bíonn comhlíonadh na spriocanna sin ag brath ar shonraí cuimsitheacha agus ar shuirbhéanna cuimsitheacha chun indéantacht láithreán, tionchair chomhshaoil agus breithniúcháin lóistíochta a mheasúnú. Teastaíonn sonraí suirbhéireachta geoifisicí chun an bhataiméadracht a shuí, chun dálaí ag grinneall na farraige agus faoi bhun ghrinneall na farraige a mheasúnú, agus chun saintréithe ghrinneall na farraige, lena n-áirítear an cineál ithreach agus guaiseacha geolaíocha agus samhlacha tír-raoin faoi bhun ghrinneall na farraige, a shainaithint. D’fhéadfadh suirbhéanna geoifisiceacha a bheith mar bhonn eolais faoi thuirbíní a lonnú sa láthair is fearr freisin. Tar éis comhairliúchán poiblí sé seachtaine, rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag gníomhú di trí Fhoras na Mara, an t-árthach taighde ‘Tom Crean’ a shlógadh chun suirbhé geoifisiceach a sheoladh laistigh de limistéar an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Bhí an suirbhé sin ar siúl ón 6 Iúil 2024 go dtí an 12 Meán Fómhair 2024. Bailíodh sonraí geoifisiceacha ó láithreán ceant Thonn Nua agus ó láithreán ceant Lí Ban araon.
An uaillmhian fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann
Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá 2 GW eile curtha in áirithe lena n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus lasmuigh den eangach. Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:
- Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
- Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
- an Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán
Tobréiteach don Stát is ea an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann riamh
I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – bhí sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1.
Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe
Mar chuid den chóras pleantreoraithe náisiúnta nua le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, cinnteofar le bunú na bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe go mbeidh forbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta tar éis Chéim a hAon faoi threoir ag pleananna spásúla muirí arna sainaithint ag an rialtas. Ar an mbealach sin, beidh sé ina chreat le haghaidh acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus spás muirí an Stáit a úsáid go hinbhuanaithe trí chinnteoireacht chomhordaithe, chomhtháite agus thrédhearcach maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.
Cómhaireachtáil idir forbairt fuinnimh amach ón gcósta agus pobail iascaireachta a éascú
Cuid lárnach d’ullmhú an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ba ea an leas is mó a bhaint as na deiseanna le haghaidh cómhaireachtála idir tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus úsáideoirí muirí eile, amhail iascairí. Fágfaidh sé sin go mbeidh Éire ar an gcéad tír san Aontas Eorpach a chuir oibleagáidí reachtúla coibhéiseacha cómhaireachtála ar fhorbróirí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chun cómhaireachtáil a éascú. Sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, cuirtear ceithre Limistéar Mhuirí ar aghaidh, ar laistigh díobh a d’fhéadfaí bonneagar fosaithe gaoithe amach ón gcósta (tuirbíní buin fhosaithe) a imscaradh sa todhchaí. Tá siad sin mar a leanas:
- Tá Tonn Nua lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge agus is ionann a achar muirí iomlán agus 306 chiliméadar chearnacha. Tá an fad go dtí an cladach idir 12.2 ciliméadar feadh na teorann thiar agus 12.4 ciliméadar feadh na teorann thuaidh. Tá ag Tonn Nua meándoimhneacht uisce 57 méadar, íosdoimhneacht uisce 48 méadar agus uasdoimhneacht uisce 69 méadar. Agus gnáthdhoimhneacht 4.5 MW in aghaidh an chiliméadair chearnaigh aici, bhainfeadh forbairt 900 MW úsáid as thart ar 65% den spás muirí iomlán laistigh de Thonn Nua. A bhuí leis an tsolúbthacht spásúil atá ann, beifear in ann leagan amach na feirme gaoithe agus teorainneacha an tionscadail a choigeartú de réir na mbeart riachtanach breise a sainaithníodh sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair fhéideartha chomhshaoil. Beidh scála agus suíomh an imscartha sin ag brath ar raon tosca breise, áfach, lena n-áirítear measúnachtaí timpeallachta agus anailís theicniúil sa bhreis ar leibhéal an tionscadail
- Tá Lí Ban (Naomh na Maighdean Mara) lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge. Is ionann a achar iomlán agus 368 gciliméadar chearnacha, agus na faid go dtí an cladach idir 29 gciliméadar feadh na teorann thiar agus 24 chiliméadar feadh na teorann thuaidh. Tá ag Lí Ban meándoimhneacht uisce 70 méadar, íosdoimhneacht uisce 65 mhéadar agus uasdoimhneacht uisce 76 mhéadar
- Tá Manannán (dia mara atá bainteach le hÉirinn agus tiarna diaga Thuatha Dé Danann) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 341 chiliméadar chearnacha. Tá an fad go dtí an cladach cothrom le 25 km, a bheag nó a mhór, feadh na teorann thuaidh. Tá ag Manannán meándoimhneacht uisce 69 méadar, íosdoimhneacht uisce 64 mhéadar agus uasdoimhneacht uisce 72 mhéadar
- Tá Danu (máthair Thuatha Dé Danann agus bandia Ceilteach an nádúir) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 300 ciliméadar cearnach. Tá an fad go dtí an cladach cothrom le 26 km, a bheag nó a mhór, feadh na teorann thuaidh. Tá ag Danu meándoimhneacht uisce 67 méadar, íosdoimhneacht uisce 48 méadar agus uasdoimhneacht uisce 78 méadar
An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar
Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa trasrialtais um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an Rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an Tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú.
Ar na gníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.
An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat teacht ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Glac síntiús leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.