English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Scrúdaítear i staidéar conas is féidir an phacáistíocht aonúsáide a úsáidtear sa díol torthaí agus glasraí a laghdú

  • Fáiltíonn an tAire Smyth roimh fhoilsiú na tuarascála 'Circular Insights Study'

D’fháiltigh Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, roimh fhoilsiú na tuarascála 'Circular Insights Study' ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an tseachtain seo caite, rud ina scrúdaítear conas is féidir an phacáistíocht aonúsáide a úsáidtear sa díol torthaí agus glasraí a laghdú, agus roimh na torthaí ar shuirbhé náisiúnta ar úsáid agus ar dhearcthaí i leith pacáistíocht aonúsáide le haghaidh torthaí agus glasraí. Luaigh an tAire go gcabhródh an tuarascáil le heolas a dhéanamh don chur chuige a ghlacfaidh Éire i leith chur chun feidhme an Rialacháin atá le teacht ón Aontas Eorpach maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht.

Sainordaíodh an tuarascáil san Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, agus tá sé mar aidhm léi a scrúdú conas is féidir an phacáistíocht aonúsáide a úsáidtear sa díol torthaí agus glasraí a laghdú. Sa tuarascáil, bailítear faisnéis agus léargais maidir leis na cineálacha pacáistíochta aonúsáide a úsáidtear chun torthaí agus glasraí a thabhairt chuig an bpointe díola agus maidir leis an ról atá ag táirgeoirí, ag mórdhíoltóirí/dáileoirí agus ag miondíoltóirí i gcineál agus úsáid na pacáistíochta aonúsáide sa díol torthaí agus glasraí a shonrú, agus moltar inti roghanna chun pacáistíocht aonúsáide den sórt sin a laghdú.

Dúshlán suntasach is ea an phacáistíocht, agus an ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht ag méadú ar luas atá níos gasta ná na feabhsuithe ar rátaí athchúrsála. Cé go bhfuil Éire ag comhlíonadh a spriocanna pacáistíochta reatha, níltear cinnte an gcomhlíonfaimid ár spriocanna don bhliain 2025 a mhéid a bhaineann siad le plaisteach, le halúmanam agus le pacáistíocht fhoriomlán.

Ar na bearta a rinneadh in Éirinn chun feabhas a chur ar ár rátaí athchúrsála tá Scéim Aisíoca Éarlaise a thabhairt isteach le déanaí, deireadh a chur le féinchomhlíonadh le haghaidh táirgeoirí pacáistíochta, agus plaistigh bhoga a atabhairt isteach san araid athchúrsála.

Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú na Tuarascála, dúirt an tAire Smyth:

"Táim ag súil leis an tuarascáil seo agus na moltaí istigh inti a iniúchadh, ar moltaí iad atá á ndéanamh ag am tábhachtach de réir mar a ullmhaímid do na hathruithe riachtanacha a dhéanfar leis an Rialachán nua maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht sa dóigh a gcuirimid chuig an bpacáistíocht. Tá méadú as cuimse tagtha ar an nginiúint pacáistíochta in Éirinn le deich mbliana anuas. Mar sin de, is gá dúinn feidhmiú i bhfad níos fearr chun a chinntiú nach dtiocfaidh an dramhaíl sin chun cinn ar an gcéad dul síos. Baineann an-acmhainneacht le réitigh athúsáide agus athlíonta chuige sin."

Ar an leibhéal Eorpach, comhaontaíodh Rialachán nua maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé in éifeacht sna sé mhí atá romhainn. Áirítear leis an Rialachán sin tograí sonracha le haghaidh úsáid éigeantach pacáistíochta in-athúsáidte agus in-athlíonta, toirmeasc a chur ar chineálacha áirithe pacáistíochta, critéir dheartha a shocrú le haghaidh pacáistíochta, rátaí éigeantacha ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht, agus lipéadú comhchuibhithe nua a thabhairt isteach maidir le conas is féidir athchúrsáil.

CRÍOCH