English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seirbhís mhapaí tuile screamhuisce agus sonraí beo turlaigh seolta ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann

  • Seoladh seirbhís ghréasáin mhapála agus hidriméadrachta tuile screamhuisce ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann
  • Bíonn tuile screamhuisce carst, nó tuile thurlaigh, i mórán áiteanna i lár tíre agus in iarthar na hÉireann
  • Mar thoradh ar obair atá déanta ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, tá tuiscint níos fearr anois ann ar cheantair thuile screamhuisce agus ar na sonraí atá ar fáil ina leith
  • Beidh na táirgí nua sonraí in úsáid do phleanáil agus obair forbartha sa todhchaí sna ceantair sin ina mbíonn tuile

Is toradh iad na mapaí agus sonraí nua i dtaca le tuile screamhuisce ar thionscadal GWFlood 2016-2019 a bunaíodh i ndiaidh na mórthuile screamhuisce i ngeimhreadh 2015/16. Tuiscint níos fearr a fháil ar thuile screamhuisce carst in Éirinn agus dul i ngleic leis an easpa sonraí na téarmaí tagartha a bhain leis an tionscadal seo. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, d’fhorbair Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach clár monatóireachta, mapála agus samhalta chun dul i ngleic leis an easnamh eolais maidir le córais screamhuisce carst. D’obair foireann an tionscadail i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le hOifig na nOibrithe Poiblí chun mapaí tuile agus táirgí sonraí a dhéanamh a fhéadfar iad a úsáid nuair a bheidh straitéisí bainistíochta riosca tuile á bhforbairt sa todhchaí.

Gné amháin den tionscadal seo ná úsáid a bhaint as íomhánna satailíte de chuid Chlár Copernicus Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa chun dhá chineál mapa tuile screamhuisce a dhéanamh. Léiríonn an chéad chineál mapa, an mapa tuile stairiúil, méid na n-imeachtaí tuile screamhuisce a breathnaíodh agus tá sé bunaithe go príomha ar mhapáil satailíte ar thuile 2015/2016, arbh í an tuile screamhuisce ba mhó ar taifead í i bhformhór na gceantar atá léirithe. Rinneadh an dara cineál mapa, mapaí réamhinste tuile, maidir le ceantair ina mbíonn tuile screamhuisce athfhillteach (turlaigh), agus déantar réamhinsint maidir le leibhéil tuile agus méid na tuile i dtaca le réimse dóchúlachtaí sáraithe bliantúla (.i. tréimhsí athfhillte).

Agus an tábhacht atá leis na mapaí tuile á chur in iúl ag an Aire a bhfuil Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann faoina choimirce, dúirt Eamon Ryan T.D.:

"Tá éifeachtaí an athraithe ar an aeráid le sonrú níos mó agus níos mó in Éirinn. Ní mór go mbeadh ár bhfreagairt bunaithe ar eolaíocht. Is ceist chasta é an tuile screamhuisce thréimhsiúil a thiteann amach i gcuid mhór ceantar i Lár Tíre agus san Iarthar, ach tá mé spreagtha go bhfuil an obair atá ar siúl ag an tSuirbhéireacht Gheolaíochta mar chabhair sna hiarrachtaí chun teacht ar réitigh ar son na bpobal atá thíos leis an tuile. Leis na mapaí nua seo, beidh údaráis áitiúla agus náisiúnta araon in ann cinntí atá bunaithe níos mó ar eolaíocht a dhéanamh maidir le bainistiú riosca tuile screamhuisce i gceantair carst.”

Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann:

“Siocair go bhfuil fáil againn ar shonraí satailíte, tá athrú ó bhun tagtha ar an dóigh a dtéimid i ngleic le roinnt mhaith geoguaiseanna, lena n-áirítear anois monatóireacht ar thuile screamhuisce in Éirinn. Tá modh praiticiúil ar fáil dúinn chun dul i ngleic le fadhb chasta agus is bunathrú suntasach é maidir leis an dóigh a dtéimid i ngleic leis an gceist seo.”

Tá na mapaí tuile agus an tuarascáil a théann leo, a cuireadh ar fáil d’Oifig na nOibreacha Poiblí cheana féin, ar fáil anseo.

sonraí hidriméadrachta agus seirbhís íoslódála ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann freisin a thugann sonraí fíorama hidriméachta don té atá ag amharc ó líonra monatóireachta screamhuisce na Suirbhéireachta, líonra atá ag dul i méid i gcónaí. Beidh na sonraí seo úsáideach d’údaráis áitiúla agus náisiúnta araon, do thaighdeoirí agus do dhaoine aonair a dtéann tuile screamhuisce i bhfeidhm orthu. Beidh siad ar fáil chun cuidiú leo cinntí a dhéanamh faoi bhainistiú riosca tuile, astarraingt, forbairt bonneagair agus oiriúnú don athrú ar an aeráid.

CRÍOCH