Seoladh an Tionscadail CHERISH: Taispeántas maidir le hAthrú Aeráide agus Oidhreacht Chósta -Taobh amuigh de Leabharlann LexIcon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Páirc Uí Mhóráin
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2021
Tá ríméad ar an Tionscadal CHERISH seoladh an Tionscadail CHERISH: Taispeántas maidir le hAthrú Aeráide agus Oidhreacht Chósta, a fhógairt. Cuirfear an taispeántas ar taispeáint den chéad uair in Éirinn i Leabharlann dlr LexIcon, i nDún Laoghaire agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 26 Meán Fómhair 2021.
Is í Lettie McCarthy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin, a sheolfaidh an taispeántas. Is iad comhpháirtithe an tionscadail, an tUasal Tom Dowling, Cathaoirleach, Bord na Stiúrthóirí, an Clár Fionnachtana: An Lárionad Seandálaíochta agus Nuálaíochta Éireann, agus an tUasal Sean Cullen, Ceann an Aonaid Mhuirí agus Chósta, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, atá ina rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Athchruthaíodh cuid d’íomhánna an tionscadail agus cuirfear iad ar taispeáint i bPáirc Uí Mhóráin chun cúlra a chur ar fáil don seoladh.
I bhfianaise na tuarascála IPCC le gairid, ina leagtar amach an fhianaise dhobhréagnaithe go bhfuil athrú aeráide ann go forleathan, go bhfuil sé ag tarlú go mear agus go bhfuil sé ag géarú, is taispeántas tráthúil é seo. Tá sé mar aidhm leis feasacht a ardú ar na tionchair a imrítear ar oidhreacht shaibhir chóstaí agus farraigí na hÉireann mar gheall ar an athrú aeráide agus tarluithe adhaimsire. Áirítear leis na tionchair sin creimeadh agus láithreacha cois cósta a chailleadh mar gheall ar oibriú tonnta le linn stoirmeacha agus dlús bheith á chur le damáiste struchtúrach in oidhreacht thógtha ar nós séipéil agus caisleáin mar gheall ar mhéadú ar bháisteach. Trí shamhraí níos teo agus níos tirime bheith ag tarlú, is féidir rianta de láithreáin seandálaíochta nua a aimsiú i mbairr, mar a tharla in 2019 nua a aimsíodh Dronehenge[i]. Mar sin féin, d’fhéadfadh aghaidheanna aille triomú amach mar thoradh ar aimsir níos teo freisin, agus tá baol níos mó i gceist maidir le díchobhsú agus titim anuas ar láithreacha oidhreachta cois cósta.
Foireann is ea CHERISH ina bhfuil seandálaithe, geolaithe agus tíreolaithe a dhéanann staidéar ar na héifeachtaí atá ag an athrú aeráide ar an oidhreacht chósta agus mhuirí in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Thuas sa spéir, ar imeall an chósta agus faoi na tonnta, úsáidimid an teicneolaíocht is déanaí, lena n-áirítear eitleáin, dróin agus radar chun taighde a chur i gcrích. Déanaimid monatóireacht ar an athrú atá tarlaithe le gairid agus go fadtéarmach chun éifeachtaí na haimsire ar an oidhreacht shaibhir chultúir san am atá caite agus san am i láthair a nochtadh. Baineann an obair a dhéanaimid le hiniúchadh a dhéanamh ar láithreacha agus comhshaoil seandálaíochta cois cósta lena n-áirítear long briste, dúin chinn tíre, bogaigh agus dumhcha.
Nuair a labhair an tOllamh John Sweeney, Ollamh Emeritus na Roinne Tíreolaíochta, Ollscoil Mhá Nuad, ag comhdháil ar líne CHERISH i mí Bealtaine na bliana seo, dúirt sé
“Caithfimid an oiread eolas tábhachtach agus is féidir a fháil ó na [láithreáin] seo sula n-imeoidh siad. Ní mór dúinn an fhaisnéis oidhreachta ar cé as a dtáinig muid agus conas a tháinig muid ansin a chosaint do na glúnta atá le teacht”.
Tá CHERISH ar an gcéad chéim i dtreo na cuspóirí sin a bhaint amach.
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais:
An Dr Kieran Craven, Comhordaitheoir Tionscadail GSI CHERISH
Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann
Tel: 086 2224664
Cúlra an Tionscadail CHERISH
Tá an clár á mhaoiniú trí Chlár na hÉireann na Breataine Bige 2014-2020, atá ina chuid de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ina ndírítear ar réitigh a lorg ar dhúshláin choiteanna ar dhá thaobh Mhuir Éireann.
Tá CHERISH (Aeráid, Oidhreacht agus Comhshaoil Sceireacha, Oileán agus Ceann Tíre) ina thionscadal iontach sé bliana idir Éire agus an Bhreatain Bheag atá maoinithe ag an Eoraip idir an Royal Commission on the Ancient and Historical Monuments of Wales, an Clár Fionnachtana: An Lárionad Seandálaíochta agus Nuálaíochta Éireann, Ollscoil Aberystwyth: An Roinn Tíreolaíochta agus Eolaíochtaí an Domhanchórais agus Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Cuirfear €5.1 milliún ar fáil don tionscadal trí Chlár na hÉireann na Breataine Bige 2014-2020.
[1] Tá Dronehenge ina chiorcal slocán suntasach a aimsíodh trí ghrianghrafadóireacht dróin le linn shamhradh na bliana 2019 https://archaeologyireland.ie/2018/09/07/summer-of-discoveries/